Fáilte chuig ár suíomh gréasáin béite is féidir do chuid aiseolais a sholáthar anseo
HC47
HC47
Iarratais ar bhreithiúnas le toiliú
1. De bhun fo-alt (1) d'alt 25 d'Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte 1995, tugaim treoir gur féidir leis an Máistir éisteacht leis na cineálacha iarratais seo a leanas:
(a) iarratais ar bhreithiúnas le toiliú do shuim leachtaithe ach amháin in imeachtaí ina bhfuil damáistí á éileamh thar ceann naíonán;
(b) iarratais ar bhreithiúnas le toiliú do ghnóthú talún, le nó gan cíos nó foghail-bhrabúis;
(c) iarratais ar bhreithiúnas le toiliú chun earraí ar leith a sheachadadh.
2. Beidh éifeacht ag an treoir seo ón 3ú lá de mhí na Nollag 2007.
Arna dhátú an 30ú lá seo de mhí na Samhna, 2007
Uachtarán na hArd-Chúirte
High court