Níl an leathanach seo ar fáil go hiomlan sa Gaeilge go fóil.

Ceapachán mar Oifigeach Seirbhíse, Bré, Co. Chill Mhantáin

Ceapachán mar Oifigeach Seirbhíse, Bré, Co. Chill Mhantáin

Is mian leis an tSeirbhís Chúirteanna folúntas d’Oifigeach Seirbhíse i dTeach Cúirt Bhré, An Lárionad Cathrach, An Phríomhshráid, Bré, Co. Chill Mhantáin a líonadh

Sainchuntas Poist:

Go minic is iad na hOifigigh Seirbhíse an chéad phointe teagmhála a bhíonn ag custaiméirí na Seirbhíse Cúirteanna. 

Beifear ag súil go mbeidh dualgais mar seo a leanas á gcomhlíonadh ag an duine a cheapfar:

  • Seirbhís fáiltithe agus seirbhís do chustaiméirí
  • Bailiú, sórtáil agus seachadadh post inmheánach agus seachtrach
  • Bainistíocht ghníomhach Theach na Cúirte lena n-áirítear
    • Feidhmiú éifeachtach na ngeataí iontrála agus an charrchlóis
    • Monatóireacht a dhéanamh ar shlándáil sa limistéar fáiltithe, ag na geataí iontrála agus sa charrchlós, aláraim etc
    • Seiceálacha sláinte & sábháilteachta
    • Aird a thabhairt ar éifeachtúlacht fuinnimh
  • Eochracha a choimeád
  • Bainistíocht ghníomhach gach córas meicniúil i dTeach na Cúirte (i gcomhar leis na soláthraithe seirbhíse/Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW))
  • Aon dualgais eile a bheidh á sannadh ag an mBainisteoir Líne
  • Cúraimí bunúsacha riaracháin (ríomhphoist, córais AD a nuashonrú (TF-bhunaithe))

Riachtanais Phearsanta

Ní mór don iarratasóir fianaise ar an méid seo a leanas a sholáthar:

  • scileanna maithe cumarsáide – ó bhéal agus i scríbhinn
  • cur chuige solúbtha agus a bheith in ann feidhmiú as a stuaim féin
  • an cumas oibriú mar dhuine d’fhoireann
  • a bheith toilteanach glacadh le freagracht as tascanna agus obair a chur i gcrích go tráthúil
  • a bheith críochnúil agus dúthrachtach
  • scileanna seirbhísí do chustaiméirí

Bunaithe ar nádúr na hoibre, ní mór go mbeadh an t-iarratasóir in ann obair láimhe fisiciúil a dhéanamh.

: Scála Tuarastail ó Dheireadh Fómhair 2020:

€442.95, €469.40, €479.37, €500.44, €519.26, €530.52, €543.70, €559.55, €586.64 [NMAX], €600.04 [LSI1]*, €621.36 [LSI2]**

Uaireanta Tinrimh:             43 uair 15 nóiméad sa tseachtain.

Iarratais:

Iarrtar ar dhaoine ar spéis leo iarratas a dhéanamh ar an bpost seo foirm iarratais a chomhlánú agus a sheoladh ar aghaidh roimh 12 meán lae, Dé Luain, an 31 Bealtaine, 2021. 

Ceapachán mar Oifigeach Seirbhíse, Bré: Application Form
Ceapachán mar Oifigeach Seirbhíse, Bré: Information Booklet

Beidh roinnt iarrthóirí á chur ar ghearrliosta againn agus tabharfar cuireadh chun agallaimh dóibh, bunaithe ar thaithí oibre ábhartha agus ar na riachtanais atá luaite leis an bpost. Bunófar painéal fiúntais i ndiaidh reáchtáil an chomórtais. Rachaidh an painéal seo in éag i ndiaidh dhá bhliain nó nuair atá úsáid bainte as, cibé acu is túisce.

Seol foirm iarratais chomhlánaithe trí ríomhphost chuig  EasternRO@Courts.ie    nó seol foirm chlóscríofa tríd an bpost chuig Comórtas an Oifigigh Seirbhíse, an tSeirbhís Chúirteanna,
Oifig Réigiún an Oirthir, Teach San Daibhí, An Phríomhshráid Thuaidh, An Nás, Co. Chill Dara

Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh 12pm, Dé Luain, an 31 Bealtaine, 2021.

Ní ghlacfar le hiarratais a fhaightear i ndiaidh an dáta agus an ama seo.