Tá eolas anseo ar obair shibhialta na Cúirte Dúiche agus faoi idirghníomhú le hoifig na Cúirte Dúiche.

Cad a tharlaíonn sa Chúirt Dúiche?

Cad a tharlaíonn sa Chúirt Dúiche?

Is cúirt dlínse áitiúil agus theoranta í an Chúirt Dúiche. Faigheann sí a cumhachtaí ón mBunreacht agus ón dlí Reachtúil.

Conas a thugaim gnó sibhialta os comhair na Cúirte Dúiche?

Conas a thugaim gnó sibhialta os comhair na Cúirte Dúiche?

Tionscnaítear imeachtaí de bhun doiciméid ar a dtugtar fógra éilimh.

Cad a dhéanaim má sheirbheáiltear fógra éilimh orm?

Cad a dhéanaim má sheirbheáiltear fógra éilimh orm?

Má sheirbheáiltear fógra éilimh ort, ní mór duit a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil tú ag dul a chosaint an cháis.

Conas a dhéanaim frithéileamh ?

Conas a dhéanaim frithéileamh ?

Má fhaigheann tú fógra éilimh agus cinneann tú gurb é an t-éilitheoir a rinne an éagóir, is féidir éileamh a dhéanamh i gcoinne an éilitheora, ar a dtugtar frithéileamh.

Cuir i gcás nach bhfreagraítear d'éileamh fógra?

Cuir i gcás nach bhfreagraítear d'éileamh fógra?

Mura bhfreagraíonn an freagróir don fhógra éilimh faoi cheann 28 lá lena rá go bhfuil sé/sí ag beartú an cás a chosaint, féadann an t-éilitheoir iarratas a chur faoi bhráid Chléireach na Cúirte Dúiche i gcomhair breithiúnais d'éagmais.

Ceadúnú

Ceadúnú

Faigh amach cad is gá a bheith ar eolas agat maidir le gnóthaí ceadúnaithe Cúirt Dúiche agus Chuarda.

Ar mhaith leat íoc le cárta?

Ar mhaith leat íoc le cárta?

Tá airgead tirim ag imeacht ónár gcuid sparán agus cártaí agus modhanna íocaíochta eile á gcur ina ionad. Más gá duit íocaíocht a dhéanamh tríd an tSeirbhís Chúirteanna, tá an rogha agat íocaíocht a dhéanamh le cárta in oifigí na Cúirte Cuarda agus Dúiche ar fud na tíre.