Leagann Rialacha Cúirte amach na nósanna imeachta atá le leanúint agus imeachtaí á dtionscnamh os comhair na gcúirteanna. Tá rialacha ar leith ann don Chúirt Dúiche, don Chúirt Chuarda agus do na hUaschúirteanna (is é sin an Ard-Chúirt, an Chúirt Achomhairc agus an Chúirt Uachtarach).

Cuireann an tSeirbhís Chúirteanna na rialacha cúirte atá ar an láithreán gréasáin seo ar fáil mar thagairt chaoithiúil.
Ní airbheartaítear gur leagan údaraithe atá iontu. Is é an leagan údaraithe de Riail Cúirte ná an leagan a fhoilsíonn Oifig an tSoláthair agus atá ar fáil ón Oifig Foilseachán an Rialtais.

Go dtí le déanaí, is ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna, www.courts.ie, a d’fhoilsítí go leictreonach an leagan oifigiúil Gaeilge de Rialacha Cúirte a bhí curtha ar fáil ag an Roinn. Ach tugtar anseo thíos anois an leagan oifigiúil Gaeilge de chomhdhlúthuithe 1986, 1997 agus 2001 ar Rialacha na nUaschúirteanna, na Rialacha Cúirte Dúiche agus na Rialacha Cúirte Cuarda, faoi seach.

 

Rialacha na nUaschúirteanna,1986

Rialacha Cúirte Dúiche, 1997

Rialacha Cúirte Cuarda, 2001

Dílsítear an cóipcheart maidir le reachtaíocht lena n-áirítear Ionstraimí Reachtúla a achtaíodh in 2001 agus ina dhiaidh sin i dTithe an Oireachtais.

Cé go ndearnadh gach iarracht a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis/an t-ábhar atá ar fáil ar an láithreán gréasáin cruinn, ní ghlacann an tSeirbhís Chúirteanna freagracht ar bith chuici féin, agus ní thugtar ráthaíocht, gealltanas ná barántas ar bith, maidir leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil ar an láithreán gréasáin a bheith cruinn, iomlán ná suas chun dáta, agus ní ghlactar le dliteanas ar bith a eascraíonn as aon earráidí ná as aon easnaimh.

Déanaimid gach iarracht an rannóg Rialacha a choinneáil suas chun dáta. Foilseoimid Ionstraimí Reachtúla de réir mar a bhíonn siad ar fáil dúinn.

Áit a gcuireann ionstraim reachtúil ordú nua isteach sna Rialacha, tá an t-ordú nua cuimsithe san Innéacs Rialacha. Áit a gcuireann ionstraim reachtúil sceideal nua leis na rialacha, tá an sceideal nua cuimsithe sa liosta Sceideal. Seachas seo, ceanglaítear na leasuithe ar fad leis an ord, leis an sceideal ábhartha.