Go hiondúil, bíonn roinnt ceisteanna agus neamhchinnteachtaí de bharr cás cúirte Dlí Teaghlaigh atá le teacht. Tá an t-eolas seo a leanas ar fáil chun cuidiú leat a bheith réidh agus ar an eolas ar cad atá romhat sa chúirt.
Físeán: Ag Ullmhú don Chúirt Dlí Teaghlaigh
Físeán: Ag Ullmhú don Chúirt Dlí Teaghlaigh
Déanann an físeán seo achoimre ar na rudaí ar a gcaithfidh tú smaoineamh roimh éisteacht chúirt Dhlí Teaghlaigh. Míneoidh sé duit conas do thuras a phleanáil agus na rudaí ar a gcaithfidh tú smaoinieamh roimh an dáta cúirte, riachtanais rochtana agus na cáipéisí go léir atá ort a thógáil in éineacht leat, san áireamh.
Físeán: Freastal ar Chúirt Teaghlaigh
Físeán: Freastal ar Chúirt Teaghlaigh
Déanann an físeán seo achoimre ar cad a tharlóidh ar lá na héisteachta i gCúirt an Dlí Teaghlaigh. Clúdaíonn sé cad ba cheart a dhéanamh nuair a shroicheann tú an teach cúirte, cé atá tú ábalta tabhairt in éineacht leat, cén áit a bhfuil ort fanacht agus conas a ghlaofar ar do chás. Tá roinnt leideanna úsáideacha eile gur chóir a bheith ar an eolas futhú roimh ré.