Ordú 53A

Nós Imeachta um éilimh bheaga : I.R. Uimh. 17 de 2014

1 Mínithe

1. San Ordú seo–

ciallaíonn “gnó” duine nádúrtha nó dlítheanach (lena n-áirítear cuideachta, comhpháirtíocht nó duine nádúrtha a bheidh ag trádáil mar thrádálaí aonair) a soláthróidh, a dhíolfaidh nó a cheannóidh earraí nó seirbhísí i ngnáthchúrsa gnó;

ciallaíonn “éileamh beag gnó” imeacht sibhialta arna thionscnamh faoin Ordú seo ag ceannaitheoir gnó i gcoinne díoltóir gnó i ndáil le conradh i leith aon earraí nó seirbhís arna gceannach nó arna ceannach, ach ní áireofar leis aon éileamh—

(a) a eascróidh as comhaontú a bhfuil feidhm ag an Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí, 1995 nó ag na Rialacháin um Chreidmheas do Thomhaltóirí maidir leis, nó

(b) a eascróidh as sárú líomhnaithe comhaontaithe léasaithe, nó

(c) ar fhiach nó ar dhamáistí leachtaithe,

ar choinníoll i ngach cás den sórt sin nach mó ná suim €2,000 méid an éilimh;

ciallaíonn “tomhaltóir” ceannaitheoir earraí nó seirbhíse de chineál a sholáthraítear de ghnáth lena n-úsáid nó lena húsáid nó lena dtomhailt nó lena tomhailt go príobháideach, i gcás nach ndéanfaidh an ceannaitheoir an conradh i gcúrsa gnó agus go ndéanfaidh an díoltóir an conradh i gcúrsa gnó;

ciallaíonn “Rialacháin um Chreidmheas do Thomhaltóirí” Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Comhaontuithe Creidmheasa do Thomhaltóirí), 2010 (I.R. 281 de 2010);

ciallaíonn “éileamh beag tomhaltais” imeacht sibhialta arna thionscnamh faoin Ordú seo

(1) i ndáil le conradh tomhaltais, ag an tomhaltóir i gcoinne an díoltóra i leith aon earraí nó seirbhís arna gceannach nó arna ceannach, nach éileamh—

(a) a eascróidh as comhaontú a bhfuil feidhm ag an Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí, 1995 nó ag na Rialacháin um Chreidmheas do Thomhaltóirí maidir leis, nó

(b) a eascróidh as sárú líomhnaithe comhaontaithe léasaithe,

(2) i ndáil le tort, ag an éilitheoir (nach comhlacht corpraithe) i gcoinne an fhreagróra i leith miondamáiste a tharla do mhaoin ar leis an éilitheoir í ach ní áireofar díobhálacha pearsanta.

(3) i ndáil le tionóntacht, ag an tionónta (nach comhlacht corpraithe) i gcoinne an tiarna talún i leith mainneachtana aon suim a bheidh íoctha ag an tionónta mar éarlais i leith cíosa nó aon suim den sórt sin ar a dtabharfar “eochair-airgead” a thabhairt ar ais mura díospóid éileamh den sórt sin a fhéadfar a tharchur chun an Bhoird um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha faoi Chuid 6 den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe, 2004,

ar choinníoll i ngach cás den sórt sin nach mó ná suim €2,000 méid an éilimh;

ciallaíonn “Foirm”, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, foirm a leagtar amach i Sceideal C, nó cibé modhnú uirthi is cuí in aon chás áirithe;

folaíonn “éileamh beag”, nuair a úsáidtear gan cháiliú é, éileamh beag gnó agus éileamh beag tomhaltais;

ciallaíonn “Nós Imeachta um Éilimh Bheaga” an modh malartach dá bhforáiltear leis an Ordú seo chun imeacht sibhialta a thosú agus chun déileáil leis i leith éileamh beag;

ciallaíonn “Cláraitheoir um Éilimh Bheaga” aon Chléireach Cúirte Dúiche a mbeidh dualgais agus feidhmeanna de chuid Cláraitheoir um Éilimh Bheaga á gcomhlíonadh aige nó aici de thuras na huaire. 

2 Iarratas chun imeachtaí i leith éileamh beag a thionscnamh

2. Aon uair a bheartófar imeachtaí sibhialta a thionscnamh sa Chúirt Dúiche agus gur éileamh beag mar a mhínítear san Ordú seo an t-éileamh lena mbaineann na himeachtaí, féadfaidh an duine a bheartóidh amhlaidh (dá ngairtear “an t-éilitheoir” san Ordú seo), seachas fógra éilimh a eisiúint, iarratas a dhéanamh chun an Chláraitheora chuí um Éilimh Bheaga chun an t-éileamh a phróiseáil tríd an Nós Imeachta um Éilimh Bheaga, agus féadfar ansin na himeachtaí a thosú agus déileáil leo de réir fhorálacha an Ordaithe seo. 

3 Iarratas a chomhdú

3. Ní foláir iarratas lena mbaineann riail 2 a bheith i scríbhinn, a fhéadfaidh a bheith i bhfoirm leictreonach, i bhFoirm 53A.01, Sceideal C. Ní foláir an t-iarratas, nuair a chomhlánófar é, a chomhdú leis an gCláraitheoir um Éilimh Bheaga, mar aon le haon doiciméid tacaíochta is gá agus leis an táille chuí. Féadfaidh an t-éilitheoir dul chuig an oifig Chúirte má bhíonn cúnamh ag teastáil chun an fhoirm a chomhlánú. 

4 Iarratas a thaifeadadh

4. Ní foláir don Chláraitheoir um Éilimh Bheaga, i leith gach iarratais den sórt sin a bheidh faighte, ainm agus seoladh an éilitheora, ainm agus seoladh an duine a mbeidh an t-éileamh déanta ina choinne nó ina coinne (dá ngairtear “an freagróir” san Ordú seo), dáta an iarratais, an cineál éilimh agus aon mhionsonraí iomchuí eile a thaifeadadh i scríbhinn. Ní foláir don Chláraitheoir um Éilimh Bheaga an t-iarratas a bhreithniú agus féadfaidh sé nó sí cibé bearta a dhéanamh a mheasfaidh sé nó sí is gá, cibé acu tríd an éilitheoir a chur faoi agallamh nó ar shlí eile, chun fíorais iomlána an éilimh a thaifeadadh. 

5 Iarratas a dhiúltú nó a ghlacadh

5. (1) I gcás nach dtiocfaidh an t-éileamh laistigh de raon an Nóis Imeachta um Éilimh Bheaga nó go mainneoidh an t-éilitheoir doiciméid tacaíochta a sholáthar is leor chun an freagróir cuí a shainaithint i leith a éilimh nó a héilimh, ní foláir don Chláraitheoir um Éilimh Bheaga an méid sin a chur in iúl don éilitheoir agus an táille a aisíoc.

(2) Más rud é go measfaidh an Cláraitheoir um Éilimh Bheaga gur cuí don Nós Imeachta um Éilimh Bheaga an t-éileamh, ní foláir dó nó di Fógra Éilimh i bhFoirm 53A.02, Sceideal C (ina mbeidh Foirmeacha 53A.03 agus 53A.04, Sceideal C freisin), mar aon le cóip den Fhógra Éilimh, a sheirbheáil leis an bpost cláraithe (nó, i gcás go gceadófar é, trí phost leictreonach de réir riail 15) ar an bhfreagróir. 

6 Freagróir d’admháil éileamh beag

6. (1) Más rud é go n-admhóidh an freagróir an t-éileamh a rinneadh ina choinne nó ina coinne agus

(a) go gcomhaontóidh sé nó sí an méid a éilítear a íoc, nó

(b) go dtoileoidh sé nó sí go dtabharfar breithiúnas ina choinne nó ina coinne, nó

(c) gur mian leis nó léi an méid a éilítear a íoc i dtráthchodanna,

 

ní foláir dó nó di, an Fógra um Dhliteanas a Ghlacadh (Foirm 53A.03, Sceideal C) a chomhlánú, a dhícheangal agus a chur ar ais (leis an bpost nó de láimh nó, i gcás go gceadófar é, trí phost leictreonach de réir riail 15) chuig an gCláraitheoir um Éilimh Bheaga laistigh de 15 lá tar éis an Fógra Éilimh agus cóip den éileamh a sheirbheáil air nó uirthi. Ar an bhFógra sin a fháil, ní foláir don Chláraitheoir an méid sin a chur in iúl don éilitheoir.

(2) I gcás go gcomhaontóidh an freagróir an méid a éilítear a íoc, féadfaidh sé nó sí íocaíocht trí sheic, trí ordú poist nó trí orduithe poist nó trí ordú airgid nó trí orduithe airgid, a bheidh déanta iníoctha leis an éilitheoir, le haghaidh an mhéid iomláin a éilítear, a chur ar aghaidh chuig an gCláraitheoir um Éilimh Bheaga, mar aon le Foirm 53A.03, Sceideal C. Ní foláir don Chláraitheoir um Éilimh Bheaga aon íocaíocht den sórt sin a tharchur chun an éilitheora. Más rud é go bhfuil coinníoll ag gabháil le comhaontú an fhreagróra íocaíocht a dhéanamh, (e.g. ar choinníoll go dtabharfaidh an t-éilitheoir earraí ar ais), ní foláir don Chláraitheoir um Éilimh Bheaga an méid sin a chur in iúl don éilitheoir agus a chomhaontú nó a comhaontú a lorg chun ceanglas an fhreagróra a chomhlíonadh.

(3) I gcás go dtoileoidh an freagróir go dtabharfar breithiúnas ina choinne nó ina coinne, ní foláir don Chláraitheoir um Éilimh Bheaga dul ar aghaidh chun breithiúnais ar an tslí dá bhforáiltear i riail 11.

(4) I gcás gur mian leis an bhfreagróir an méid a éilítear a íoc dtráthchodanna, ní foláir don Chláraitheoir um Éilimh Bheaga toiliú an éilitheora le téarmaí molta an fhreagróra a lorg.

(5) Ní foláir mionsonraí gach comhaontaithe a dtiocfar air, nó gach socraíochta a dhéanfar, faoin riail seo, a thaifeadadh i scríbhinn. 

7 Freagróir do dhíospóid éileamh beag

7. (1) Más rud é go ndíospóidfidh an freagróir an t-éileamh nó más mian leis nó léi frithéileamh a dhéanamh, ní foláir dó nó di an Fógra Díospóide i bhFoirm 53A.04, Sceideal C, a chomhlánú, a dhícheangal agus a chur ar ais (leis an bpost nó de láimh nó, i gcás go gceadófar é, i bhfoirm leictreonach de réir riail 15) chuig an gCláraitheoir um Éilimh Bheaga laistigh de 15 lá tar éis an Fógra Éilimh agus an chóip den éileamh a sheirbheáil air nó uirthi.

(2) I gcás go ndéanfar frithéileamh, ní foláir an táille chuí a bheith ag gabháil leis an bhFógra Díospóide (nó i gcás go ndéanfar an Fógra Díospóide a chur go leictreonach, ní foláir an táille a íoc trí sheic, trí ordú poist nó trí ordú airgid leis an gCláraitheoir um Éilimh Bheaga a luaithe is féidir tar éis an Fógra Díospóide a tharchur).

(3) Ní foláir don Chláraitheoir um Éilimh Bheaga cóip d’aon Fhógra Díospóide a bheidh faighte ón bhfreagróir a thabhairt go pras don éilitheoir. 

8 Socraíocht

8. (1) Ní foláir don Chláraitheoir um Éilimh Bheaga a dhícheall nó a dícheall a dhéanamh chun an díospóid (na díospóidí) idir na páirtithe a shocrú agus, i dtaca leis sin, féadfaidh sé nó sí na páirtithe, agus aon duine eile ar mian le ceachtar páirtí go n-éistfidh sé nó sí leis nó léi, a chur faoi agallamh.

(2) I gcás go ndéanfar socraíocht, ní foláir sonraí na socraíochta a thaifeadadh i scríbhinn.

(3) I gcás nach gcomhlíonfar na téarmaí comhaontaithe nó socraíochta (lena n-áirítear comhaontú chun íoc i dtráthchodanna), féadfaidh an Cláraitheoir um Éilimh Bheaga, más rud é go n-iarrfaidh an t-éilitheoir air nó uirthi déanamh amhlaidh, dul ar aghaidh chun breithiúnais i gcoinne an pháirtí eile.

(4) I gcásanna seachas cásanna inar comhaontaíodh go ndéanfar íocaíocht i dtráthchodanna, ní foláir dó nó di dul ar aghaidh de réir fhorálacha riail 11.

(5) Más rud é go mainneofar tráthchuid a íoc, beidh feidhm ag Ordú 49, riail 14, fara aon mhodhnuithe is gá.

(6) I gcás go n-eiseofar breithiúnas i gcás lena mbaineann an riail seo, ní foláir don Chláraitheoir um Éilimh Bheaga fógra a thabhairt, dá réir sin, don pháirtí a ndearnadh é a eisiúint ina choinne nó ina coinne agus ní foláir sonraí faoin iarraidh ar bhreithiúnas den sórt sin, agus faoina eisiúint agus faoin bhfógra ina thaobh, a thaifeadadh i scríbhinn. 

9 Tarchur chun na Cúirte le héisteacht a fháil

9. (1) I gcás go mainneoidh an Cláraitheoir um Éilimh Bheaga an díospóid idir na páirtithe a shocrú, ní foláir dó nó di an t-ábhar a tharchur chun na Cúirte Dúiche lena éisteacht.

(2) Féadfaidh an Cláraitheoir, tráth ar bith as a stuaim féin, agus ní foláir dó nó di, más rud é go n-iarrfaidh ceachtar páirtí air nó uirthi amhlaidh, aon iarratas nó imeacht faoin Nós Imeachta um Éilimh Bheaga a tharchur chun na Cúirte Dúiche lena éisteacht.

(3) Ar tharchur a dhéanamh faoin riail seo, ní foláir don Chláraitheoir um Éilimh Bheaga fógra a thabhairt do na páirtithe i dtaobh áit, dháta agus am na héisteachta. Ní foláir dó nó di é nó í féin a chur ar fáil chun cuidiú leis an gCúirt ag an éisteacht, más rud é go n-iarrfaidh an Chúirt air nó uirthi déanamh amhlaidh. 

10 Dliteanas i leith costas agus caiteachas

10. Dlífidh an t-éilitheoir agus an freagróir go n-íocfaidh siad a gcostais dhlíthiúla féin agus caiteachais a bhfinnéithe féin (más ann), a thabhófar i leith aon éileamh a phróiseálfar tríd an Nós Imeachta um Éilimh Bheaga, a íoc. 

11 Freagróir do mhainneachtain

11. (1) I gcás go mainneoidh an freagróir an Fógra um Dhliteanas a Ghlacadh (Foirm 53A.03, Sceideal C) nó an Fógra Díospóide (Foirm 53A.04, Sceideal C) a chur ar ais chuig an gCláraitheoir um Éilimh Bheaga laistigh den tréimhse ama a bheidh ceadaithe agus go mainneoidh sé nó sí teagmháil a dhéanamh leis an gCláraitheoir um Éilimh Bheaga laistigh den tréimhse sin, ní foláir a mheas go bhfuil sé nó sí tar éis an t-éileamh a admháil.

(2) Féadfaidh an t-éilitheoir ansin iarratas a dhéanamh ar bhreithiúnas trí mhionnscríbhinn i dtaobh féich a mhionnú agus trína taisceadh leis an gCláraitheoir um Éilimh Bheaga, mar aon le foréileamh ar bhreithiúnas agus breithiúnas um Éilimh Bheaga, agus ní foláir don Chláraitheoir um Éilimh Bheaga dul ar aghaidh chun breithiúnais de réir fhorálacha Ordú 47 amhail is dá mb’fhógra éilimh arna eisiúint agus arna sheirbheáil faoi Ordú 40 an Fógra Éilimh agus an chóip den éileamh arna seirbheáil faoi na Rialacha seo.

(3) Féadfar na foirmeacha mionnscríbhinne a sholáthraítear in Ordú 47, fara modhnuithe is gá, a úsáid chun na críche sin.

(4) Féadfaidh an t-éilitheoir dul chuig an oifig Chúirte má bhíonn cúnamh ag teastáil chun na foirmeacha a chomhlánú.

(5) Nuair a eiseofar breithiúnas faoin riail seo, ní foláir don Chláraitheoir um Éilimh Bheaga fógra a thabhairt, dá réir sin, don fhreagróir, agus ní foláir sonraí faoin eisiúint sin agus faoin bhfógra sin a thaifeadadh i scríbhinn. 

12 Breithiúnas mainneachtana a athbhreithniú

12. Beidh feidhm ag forálacha Ordú 47, Cuid 4 (a bhaineann le breithiúnais mhainneachtana a athbhreithniú), fara modhnuithe is gá, i gcás breithiúnas a bheidh faighte faoi riail 8 nó riail 11 agus ní foláir Ordú 47, Cuid 4 a fhorléiriú dá réir sin, ach amháin go ndlífidh na páirtithe a gcostais dhlíthiúla féin agus caiteachais a bhfinnéithe féin (más ann) a íoc in aon iarratas faoin riail sin i ndáil le breithiúnas mainneachtana a bheidh faighte amhlaidh. 

13 Ní fhéadfar costais a dhámhachtain i nós imeachta um éilimh bheaga

13. Ní fhéadfaidh an Chúirt costais ná caiteachais finnéithe a dhámhachtain d’aon pháirtí nuair a bheidh aon ábhar a tharchuirfidh Cláraitheoir um Éilimh Bheaga chuici faoin Nós Imeachta um Éilimh Bheaga á chinneadh aici. 

14 Féadfar foirmeacha breithiúnais a úsáid

14. Breithiúnas um Éilimh Bheaga a bheidh i mbreithiúnas a bheidh tugtha faoin Nós Imeachta um Éilimh Bheaga, agus féadfar na foirmeacha breithiúnais atá in úsáid faoi láthair, fara modhnuithe is gá, a úsáid nuair a bheidh an t-ordú ón gCúirt á ullmhú. 

15 Cumhacht Cláraitheora um Éilimh Bheaga mionnscríbhinní agus dearbhaisc a ghlacadh

15. (1) Beidh de chumhacht ag gach Cláraitheoir um Éilimh Bheaga, agus údaraítear leis na Rialacha seo dó nó di, mionnscríbhinní agus dearbhaisc a ghlacadh chun éilimh a phróiseáil tríd an Nós Imeachta um Éilimh Bheaga agus breithiúnais a eisiúint faoin Nós Imeachta um Éilimh Bheaga.

(2) Ní bheidh táille ar bith iníoctha ag aon pháirtí i leith aon mhionnscríbhinn nó dearbhasc a dhéanfaidh sé nó sí os comhair Cláraitheoir um Éilimh Bheaga faoin riail seo. 

16 Comhdú leictreonach

16. (1) D’ainneoin aon fhoráil eile de na Rialacha seo, i gcás go mbeidh saoráidí oiriúnacha bunaithe ag an tSeirbhís Chúirteanna chuige sin, agus go n-ordóidh an Breitheamh a bheidh sannta de thuras na huaire don dúiche Chúirte iomchuí (nó i gcás Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath, Uachtarán na Cúirte Dúiche) amhlaidh:

(i) maidir le Fógra Éilimh a bheidh seirbheáilte ag an gCláraitheoir um Éilimh Bheaga ar fhreagróir;

(ii) maidir le Fógra um Dhliteanas a Ghlacadh a bheidh seirbheáilte ag freagróir ar an gCláraitheoir um Éilimh Bheaga;

(iii) maidir le Fógra Díospóide a bheidh seirbheáilte ag freagróir ar an gCláraitheoir um Éilimh Bheaga

 

beidh an tseirbheáil sin bailí, más rud é go dtarchuirfear i bhfoirm leictreonach í mar theachtaireacht leictreonach chuig seoladh poist leictreonaigh an fhreagróra (arna shainaithint ar aon cheannpháipéar nó stáiseanóireacht de chuid an fhreagróra) nó chuig seoladh poist leictreonaigh an Chláraitheora um Éilimh Bheaga (arna shainaithint ar shuíomh gréasáin arna oibriú ag an tSeirbhís Chúirteanna)

ar choinný´oll, i gcás nach deimhin leis an seoltÓir gur seachadadh an teachtaireacht leictreonach ar an bhfaighteoir beartaithe (mar gheall ar aon teachtaireacht maidir le stádas seachadta arna fáil) nÓ i gcás nach mbeidh freagra ar bith faighte laistigh de thréimhse seacht lá tar éis tarchur den sÓrt sin, ansin nach foláir déileáil leis an gcumarsáid leictreonach amhail is nár cuireadh riamh ý´ agus nach foláir an doiciméad iomchuí a sheirbheáil mar a fhoráiltearlerialacha5,6agus7laistighd’ochtlá taréistréimhsedensÓrtsin.

(2) Ní bheidh doiciméad ar bith arna chur de bhun fhorálacha na rialach seo neamhbhailí ná gan éifeacht de bhíthin amháin nach n-áirítear síniú lámhscríofa leis.

(3) I gcás go gceanglófar le foráil den Ordú seo go ndéanfar táille nó íocaíocht “a thaisceadh nó a chur ar aghaidh mar aon le” doiciméad nó go ndéanfar táille “a chur ag gabháil le” doiciméad, ní foláir a mheas gur íocadh an táille nó go ndearnadh an íocaíocht go bailí ar choinníoll go gcuirfear chuig an gCláraitheoir um Éilimh Bheaga í a luaithe is féidir tar éis an tarchuir, de réir na rialach seo, den doiciméad a bheidh i gceist agus go mbeidh nóta i scríbhinn ag gabháil léi ina luafar aon uimhir thagartha nó éilimh arna tabhairt i leith an éilimh bhig lena mbaineann sí.

(4) Ní bheidh doiciméad ar bith arna chur faoi fhorálacha na rialach seo neamhbhailí ná gan éifeacht de bhíthin amháin go ndéanfar aon táille a ghabhann le taisceadh nó le seachadadh an doiciméid a thaifeadadh nó a admháil ar shlí seachas trí mhúnla de stampa a bheith ar an doiciméad bunaidh.