Leasuithe ar: Ordú 34

I.R. Uimh. 322 de 2008: Na Rialacha Cúirte Dúiche (Barántais Chuardaigh) 2008

3. Leasaítear na Rialacha Cúirte Dúiche, 1997 (I.R. Uimh. 93 de 1997):

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-riail (1) de riail 1 d’Ordú 34:

“1. (1) Féadfar iarratas ó chomhalta den Gharda Síochána chuig Breitheamh den Chúirt Dúiche chun barántas a eisiúint de bhun alt 48(2) den Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Gadaíochta agus Calaoise) 2001 (arna ionadú le halt 192(1)(a) den Acht um Cheartas Coiriúil 2006) a dhéanamh chuig an mBreitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta don Dúiche Chúirte Dúiche ina bhfuil an áit a lorgófar an barántas ina leith. Is tríd an bhfaisnéis faoi mhionn agus i scríbhinn ón gcomhalta sin i bhFoirm 34.1, Sceideal B, a dhéanfar an t-iarratas sin. Is i bhFoirm 34.1A, Sceideal B, a bheidh barántas a dheonófar de bhun na faisnéise sin.”

 

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-riail (3) de riail 1 d’Ordú 34:

“ (3) Féadfar iarratas ó chomhalta den Gharda ar ordú faoi alt 52(2) d’Acht sin 2001 (arna ionadú le halt 192(1)(b) den Acht um Cheartas Coiriúil 2006) go ndéanfaidh duine ábhar a thabhairt ar aird do chomhalta den Gharda Síochána chun go ndéanfaidh an comhalta é a thógáil chun siúil leis nó léi, nó go ndéanfaidh duine rochtain a thabhairt don chomhalta sin ar an ábhar, a dhéanamh chuig an mBreitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta don Dúiche Chúirte Dúiche ina bhfuil cónaí ar an duine a lorgófar an t-ordú sin ina leith nó ina seolann sé nó sí aon trádáil nó gnó. Is tríd an bhfaisnéis faoi mhionn agus i scríbhinn ón gcomhalta sin i bhFoirm 34.2C, Sceideal B, a dhéanfar an t-iarratas sin. Is i bhFoirm 34.2D, Sceideal B, a bheidh ordú a dhéanfar faoi alt 52(2) d’Acht 2001 de bhun na faisnéise sin.”

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach in Ordú 34, díreach i ndiaidh riail 16 den Ordú sin:

“ — Faoin Acht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 1997 (Uimh. 4 de 1997) arna leasú leis an Acht um Cheartas Coiriúil 2006 (Uimh. 26 de 2006)

17. Féadfar iarratas ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná sáirsint chun barántas a eisiúint de bhun alt 10(1) den Acht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 1997 (arna ionadú le halt 6(1)(a) den Acht um Cheartas Coiriúil 2006) a dhéanamh chuig an mBreitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta don Dúiche Chúirte Dúiche ina bhfuil an áit a lorgófar an barántas ina leith. Is tríd an bhfaisnéis faoi mhionn agus i scríbhinn ón gcomhalta sin i bhFoirm 34.37, Sceideal B, a dhéanfar an t-iarratas sin. Is i bhFoirm 34.38, Sceideal B, a bheidh barántas a eiseofar de bhun na faisnéise sin.

— Faoin Acht fán mBiúró um Shócmhainní Coiriúla 1996 (Uimh. 31 de 1996) arna leasú leis an Acht um Cheartas Coiriúil 2006 (Uimh. 26 de 2006)

18. Féadfar iarratas ó oifigeach biúró is comhalta den Gharda Síochána chun barántas a eisiúint de bhun alt 14(1) den Acht fán mBiúró um Shócmhainní Coiriúla 1996 (arna ionadú le halt 190(1) den Acht um Cheartas Coiriúil 2006) a dhéanamh chuig an mBreitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta don Dúiche Chúirte Dúiche ina bhfuil an áit a lorgófar an barántas ina leith. Is trí fhaisnéis faoi mhionn agus i scríbhinn ón oifigeach biúró sin i bhFoirm 34.39, Sceideal B, a dhéanfar an t-iarratas sin. Is i bhFoirm 34.40, Sceideal B, a bheidh barántas a eiseofar de bhun na faisnéise sin”.

— Faoin Acht um Éilliú a Chosc (Leasú) 2001 (Uimh. 27 de 2001) arna leasú leis an Acht um Cheartas Coiriúil 2006 (Uimh. 26 de 2006)

19. Féadfar iarratas ó chomhalta den Gharda Síochána chun barántas a eisiúint de bhun alt 5 den Acht um Éilliú a Chosc (Leasú) 2001 (arna ionadú le halt 191(1) den Acht um Cheartas Coiriúil 2006) a dhéanamh chuig an mBreitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta don Dúiche Chúirte Dúiche ina bhfuil an áit a lorgófar an barántas ina leith. Is trí fhaisnéis faoi mhionn agus i scríbhinn ón gcomhalta sin i bhFoirm 34.41, Sceideal B, a dhéanfar an t-iarratas sin. Is i bhFoirm 34.42, Sceideal B, a bheidh barántas a eiseofar de bhun na faisnéise sin”.

 

4. Déanfar na Foirmeacha darb uimhreach34.134.2A agus 34.2C faoi seach i Sceideal B de na Rialacha Cúirte Dúiche 1997 (I.R. Uimh. 93 de 1997) a scriosadh agus déanfar na Foirmeacha darb uimhreacha 34.1 agus 34.1A,  34.2A, 34.2C agus 34.2D i Sceideal 1 de na Rialacha seo, faoi seach, a chur leis na Foirmeacha i Sceideal B de na Rialacha Cúirte Dúiche 1997 (I.R. Uimh. 93 de 1997) in ionad na bhFoirmeacha sin.

5. Déanfar na Foirmeacha darb uimhreacha 34.37 go 34.42 go huile i Sceideal 1 de na Rialacha seo a chur leis na Foirmeacha i Sceideal B  de na Rialacha Cúirte Dúiche 1997 (I.R. Uimh. 93 de 1997).