Leasuithe ar: Ordú 16

I.R. Uimh. 260 de 2010: Na Rialacha Cúirte Dúiche (An tAcht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009) 2010

1. Na Rialacha Cúirte Dúiche (An tAcht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009) 2010 is teideal do na rialacha seo.

2. Tiocfaidh na rialacha seo i ngníomh an 1ú lá d’Iúil 2010 agus forléireofar iad i dteannta na Rialacha Cúirte Dúiche eile go léir ó 1997 go 2010.

3. Leasaítear na Rialacha Cúirte Dúiche 1997 (I.R. Uimh. 93 de 1997):

(i) trí na fo-rialacha seo a leanas a chur in ionad fho-rialacha (1) agus (2) de riail 8 d’Ordú 16:

“8. (1) Sa riail seo, tá leis na habairtí “foláireamh”, “Údarás Lárnach sa Stát”, “Barántas gabhála Eorpach”, “Creatchinneadh”, “údarás breithiúnach”, agus “Ballstát” na bríonna a thugtar do gach ceann díobh leis an Acht um Barántas Gabhála Eorpach 2003 (“Acht 2003”).

(2). Maidir le hiarratas chun na Cúirte Dúiche ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó thar a cheann nó thar a ceann, ar bharántas gabhála Eorpach (ar iarraidh é chun foláireamh a iontráil) de bhun alt 33 d’Acht 2003 a eisiúint i leith duine, is trí fhaisnéis faoi mhionn agus i scríbhinn chuig Breitheamh den Chúirt Dúiche ina shuí dó nó ina suí di sa Chúirt Dúiche a d’eisigh an barántas baile a dhéanfar é. Is i bhFoirm 16.2, Sceideal B, a bheidh an fhaisnéis sin. Áireofar san fhaisnéis sin na sonraí a cheanglaítear le fo-riail (3). Féadfaidh an Breitheamh barántas gabhála Eorpach a eisiúint:

(a) i gcás gur deimhin leis an mBreitheamh—

(i) gur eisíodh barántas baile chun an duine sin a ghabháil ach nár forghníomhaíodh é, agus

(ii) nach bhfuil an duine sa Stát, agus

 

(b) i gcás—

(i) ina ndlífí, dá gciontófaí an duine, téarma príosúnachta nó coinneála 12 mhí nó níos faide ná 12 mhí a chur air nó uirthi, nó

(ii) inar gearradh téarma príosúnachta nó coinneála nach lú ná 4 mhí ar an duine i leith an chiona lena mbaineann agus go gceanglaítear ar an duine an téarma príosúnachta nó coinneála sin go léir nó cuid de a chur isteach.”;

......
4. Déanfar na Foirmeacha darb uimhreacha 16.218.2A18.2B27.927.1228A.1428A.15 agus 28A.16 sa Sceideal a chur in ionad na bhFoirmeacha faoi seach ar a bhfuil na huimhreacha céanna i Sceideal B de na Rialacha Cúirte Dúiche 1997 (I.R. Uimh. 93 de 1997). Déanfar an Fhoirm darb uimhir 27.6B a scriosadh as Sceideal B de na Rialacha Cúirte Dúiche 1997.

(...)