Ordú: 40C

Nós imeachta in iarratais reachtúla trí fhógra iarratais : I.R. Uimh 17 de 2014

Nasc gaolmhara
S.I. No. 17 of 2014 - provisions overview

1 Mínithe

1. (1) San Ordú seo—

ciallaíonn “údarás iomchuí” aon ghníomhaireacht, bord, údarás, coimisiún, comhairle, ombudsman, binse, nó comhlacht eile (gan cuideachta arna foirmiú faoi Achtanna na gCuideachtaí a áireamh) a bheidh bunaithe le hachtachán nó faoi achtachán agus a bheidh údaraithe le hachtachán:

(a) chun cumhachtaí a fheidhmiú faoi achtachán chun aon ghearán nó saincheist a chinneadh nó chun breith a thabhairt air nó uirthi, nó

(b) chun aon fhógra nó ordú arna dhíriú chuig duine a eisiúint lena gceanglófar aon chaingean a thionscnamh nó scor d’aon chaingean,

agus folaíonn sé, i gcás go n-éilíonn an comhthéacs amhlaidh, aon choiste, oifigeach nó comhalta d’fhoireann comhlachta den sórt sin a bheidh údaraithe le hachtachán nó ag an gcomhlacht sin chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú;

ciallaíonn “iarratas iomchuí” aon cheann de na hiarratais seo a leanas–

(a) iarratas chun na Cúirte faoi achtachán ó dhuine a bheidh údaraithe le dlí chun iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar ordú lena n-ordófar, lena gceanglófar nó lena gcuirfear iallach ar dhuine aon bheart nó aon ní a dhéanamh (lena n-áirítear, gan teorainn, faisnéis a sholáthar nó doiciméad nó ní a thabhairt ar aird) nó lena dtoirmiscfear nó lena srianfar duine beart nó ní a dhéanamh, nó lena n-ordófar do dhuine scor de bheart nó ní a dhéanamh nó staonadh ó bheart nó ní a dhéanamh (dá ngairtear “iarratas ordacháin” sa chuid eile den Ordú seo),

(b) iarratas chun na Cúirte ó dhuine a bheidh údaraithe le dlí chun iarratas a dhéanamh chun na Cúirte, ar ordú ón gCúirt lena n-ordófar, lena gceanglófar nó lena gcuirfear iallach ar dhuine breith, cinneadh, fógra nó ordú ó údarás iomchuí a chomhall, a chomhlíonadh, a chur i gcrích nó a chur i ngníomh nó chun breith, cinneadh, fógra nó ordú ó údarás iomchuí a fhorfheidhmiú (dá ngairtear “iarratas forfheidhmithe” sa chuid eile den Ordú seo) ach ní fholaíonn sé:

(i) aon iarratas chun go n-eiseoidh an Chúirt nó an Cléireach aon ordú chun aon bhreith, cinneadh, moladh nó socraíocht den sórt sin a fhorghníomhú a fhoráiltear le hachtachán a fhéadfar a fhorfheidhmiú nó a fhorghníomhú mar a dhéanfaí, nó ar an tslí chéanna is a dhéanfaí, breithiúnas ón gCúirt; nó

(ii) aon iarratas chun toghairm a eisiúint; nó

(iii) aon éileamh ar dhamáistí (nach foláir a thosú trí fhógra éilimh);

(c) ach amháin i gcás go sonrófar nós imeachta áirithe le haghaidh iarratas den sórt sin in Ordú eile de na Rialacha seo, iarratas chun na Cúirte faoi achtachán ó dhuine a bheidh údaraithe leis an achtachán sin chun iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar aon cheadúnas, deimhniú, údarás nó cead nó, de réir mar a bheidh, chun aon cheadúnas, deimhniú, údarás nó cead a thabhairt ar ais, nó chun faoiseamh eile a fháil ó dhícháiliú ón gcéanna a shealbhú nó ó shrian a bheidh curtha leis an gcéanna a shealbhú (dá ngairtear “iarratas ar cheadúnas” sa chuid eile den Ordú seo),

(d) ach amháin i gcás go sonrófar nós imeachta áirithe le haghaidh iarratas den sórt sin in Ordú eile de na Rialacha seo, aon iarratas eile chun na Cúirte ar fhaoiseamh faoi achtachán (seachas faoiseamh i bhfoirm damáistí leachtaithe nó neamhleachtaithe) a cheanglaítear, a údaraítear nó a cheadaítear leis na Rialacha seo a thionscnamh nó a dhéanamh de réir an Ordaithe seo.

(2) I gcás go ndéanfar foráil le hachtachán maidir le hiarratas iomchuí a dhéanamh chun na Cúirte nó chun Breithimh nó go gceadófar amhlaidh le hachtachán agus nach ndéanfar aon fhoráil eile maidir leis an nós imeachta is infheidhme leis an achtachán lena mbaineann nó leis na Rialacha seo, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach sna rialacha seo a leanas.

(3) Beidh fo-riail (2) faoi réir aon cheanglas den achtachán iomchuí. 

2 Ionad le haghaidh iarratas iomchuí

2. (1) Ní foláir iarratas iomchuí a thionscnamh:

(a) i gcás iarratas ordacháin nó iarratas forfheidhmithe, sa cheantar Cúirte ina bhfuil cónaí ar an duine nó ar dhuine de na daoine ar ina choinne nó ina coinne a bheidh ordú nó faoiseamh eile á lorg nó ina seolann sé nó sí aon trádáil, gairm nó gnó;

(b) i gcás iarratas ar cheadúnas:

(i) sa cheantar Cúirte ina bhfuil ar intinn ag an iarratasóir, ar iontaoibh an cheadúnais, an deimhnithe, an údaráis nó an cheada a bheidh á lorg (nó, de réir mar a bheidh, a bheidh á lorg a thabhairt ar ais), aon trádáil, gairm nó gnó a sheoladh; nó

(ii) i gcás nach mbeidh an ceadúnas, an deimhniú, an t-údarás nó an cead á lorg chun críche trádála, gairme nó gnó, sa cheantar Cúirte ina bhfuil ar intinn an ghníomhaíocht a cheadaítear leis an gceadúnas, leis an deimhniú, leis an údarás nó leis an gcead a sheoladh; nó

(iii) i gcás gur iarratas é chun aon cheadúnas, deimhniú, údarás nó cead a thabhairt ar ais nó chun faoiseamh eile a fháil ó dhícháiliú ón gcéanna a shealbhú, sa cheantar Cúirte ina ndearnadh an dícháiliú nó an srian lena mbaineann a fhorchur; nó thairis sin

(iv) sa cheantar Cúirte ina bhfuil cónaí ar an iarratasóir.

(2) Beidh fo-riail (1) faoi réir aon fhoráil nó ceanglas ag a mbeidh éifeacht éagsúil san achtachán iomchuí. 

3 Iarratas iomchuí a thosú

3. (1) Ní foláir an t-iarratas iomchuí a dhéanamh trí fhógra iarratais (dá ngairtear “an fógra iarratais” sa chuid eile den Ordú seo).

(2) Ní foláir an fógra iarratais a bheith i bhFoirm Uimh. 40C.01, Sceideal C, arna modhnú de réir mar is cuí don chás, agus ní foláir sonraí i dtaobh an fhaoisimh a bheidh á lorg a áireamh ann de réir mar is cuí don chás.

(3) Ní foláir gur maidir leis an bhforáil den achtachán faoina ndéanfar an t-iarratas an teideal a bheidh ar an bhfógra iarratais.

(4) I gcás go ndéanfar aon ordú, ordachán nó faoiseamh eile a lorg i gcoinne aon duine, ní foláir freisin gur amhail idir an t-iarratasóir mar iarratasóir agus cibé duine mar fhreagróir an teideal a bheidh ar an bhfógra iarratais, agus ní foláir ainmneacha agus seoltaí an iarratasóra agus gach freagróra a bheith ar áireamh ann.

(5) I gcás go n-údarófar le hachtachán an t-iarratas a dhéanamh ex parte, nó i gcás nach ndéanfar ordú, ordachán ná faoiseamh ar bith eile a lorg amhail i gcoinne aon duine nó daoine, ní foláir gur maidir leis an bhforáil den achtachán ar dá bun a dhéantar an t-iarratas agus ar an iarratas ón iarratasóir an teideal a bheidh ar an bhfógra iarratais, agus ní foláir ainm agus seoladh an iarratasóra a bheith ar áireamh ann.

(6) Ní foláir a shonrú san fhógra iarratais an faoiseamh áirithe a lorgófar i gcoinne gach freagróra agus an fhoráil áirithe den achtachán iomchuí lena ndéanfar deonú gach faoisimh den sórt sin a údarú. 

4 Doiciméid a bheidh le cur ag gabháil leis an bhfógra iarratais

4. I gcás gur iarratas forfheidhmithe an t-iarratas iomchuí, ní foláir cóip dhílis den bhreith, den chinneadh, den fhógra nó den ordú lena mbaineann, más i scríbhinn a bheidh sí nó sé, a bheith ag gabháil leis an bhfógra iarratais bunaidh agus le haon chóip den fhógra iarratais a sheirbheálfar ar aon fhreagróir. 

5 Fianaise a éileofar ag éisteacht i ngach cás

5. (1) Ní foláir, ag éisteacht gach iarratais iomchuí, go dtabharfaidh an t-iarratasóir ar aird:

(a) fianaise ar sheasamh agus ar údarás an iarratasóra chun an t-iarratas a dhéanamh faoin bhforáil iomchuí den achtachán;

(b) más rud é go mbeidh an t-iarratasóir ag gníomhú i gcáil ionadaitheach, nó go lorgófar faoiseamh i gcoinne aon fhreagróir i gcáil ionadaitheach, fianaise i dtaobh cháil an iarratasóra nó, de réir mar a bheidh, i dtaobh cháil an fhreagróra;

(c) fianaise ar na fíorais nó ar na himthosca a líomhnófar maidir leo a thabharfaidh údarás nó teideal don iarratasóir chun an t-iarratas a dhéanamh, nó a thabharfaidh bonn cirt don iarratasóir chun an t-iarratas a dhéanamh agus a thacóidh le deonú an fhaoisimh a lorgófar; agus

(d) an comhfhreagras agus na doiciméid go léir a bheidh ag gabháil idir an t-iarratasóir agus gach freagróir (más ann), nó a bheidh á n-eisiúint ag aon duine díobh thairis sin, is iomchuí maidir leis an ábhar nó leis na hábhair a mbeidh faoiseamh á lorg ina leith, ach gan aon chomhfhreagras ná doiciméad a áireamh, a bhfuil d’oibleagáid ar dhuine, nó a bhfuil duine i dteideal, le dlí, diúltú é a thabhairt ar aird.

(2) Ní oibreoidh fo-riail (1) chun teorainn a chur leis an bhfianaise a cheanglófar ar an iarratasóir a thabhairt ar aird ag éisteacht an iarratais iomchuí. 

6 Tréimhse an fhógra

6. (1) Ní foláir fógra nach lú ná 21 lá i dtaobh iarratais a thabhairt don Chúirt trí fhógra iarratais.

(2) Ní foláir cóip den fhógra iarratais (agus cóipeanna d’aon doiciméid a cheanglófar a bheith ag gabháil leis) a sheirbheáil ar gach freagróir, de réir Ordú 41, tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an dáta fillte.

(3) Ní foláir dearbhú reachtúil i dtaobh sheirbheáil an fhógra iarratais ar gach freagróir a thaisceadh leis an gCléireach tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an dáta fillte.

(4) I gcás go gceanglófar leis an achtachán iomchuí fógra a fhoilsiú roimh ré i dtaobh an iarratais atá beartaithe, ní foláir freisin prionta den nuachtán nó den fhoilseachán eile inar foilsíodh fógra a thaisceadh leis an gCléireach laistigh den tréimhse ama a shonraítear i bhfo-riail (3).

(5) Beidh fo-rialacha (1) agus (2) faoi réir aon fhoráil nó ceanglas ag a mbeidh éifeacht éagsúil san achtachán iomchuí. 

7 Orduithe a fhéadfaidh Cúirt a dhéanamh ar dháta fillte

7. (1) Féadfaidh an Chúirt, ar an dáta fillte:

(a) an t-iarratas a éisteacht; nó

(b) ordacháin a thabhairt agus orduithe a dhéanamh i leith sheoladh na n-imeachtaí is dealraitheach a bheith caoithiúil chun an t-iarratas a chinneadh ar shlí a bheidh cóir dlúsúil agus ar dóigh di costais na n-imeachtaí sin a íoslaghdú.

(2) Féadfar, más cuí, a áireamh le hordacháin agus le horduithe faoi fho-riail (1)(b):

(a) ordacháin go ndéanfar fógra i dtaobh an iarratais a sheirbheáil ar aon duine eile, lena n-áirítear an modh seirbheála agus an tréimhse ama a lamhálfar chun an tseirbheáil sin a dhéanamh;

(b) ordacháin go ndéanfaidh na páirtithe aighneachtaí i scríbhinn a thabhairt don Chúirt agus na haighneachtaí sin i scríbhinn a sheachadadh ar a chéile;

(c) ordú lena n-ordófar aon mhionnscríbhinn a sheachadadh agus a chomhdú.

8 Iarratas chun ordú a athrú nó a urscaoileadh

8. (1) I gcás go gceadófar leis an achtachán iomchuí aon iarratas a dhéanamh ina dhiaidh sin chun ordú arna dhéanamh ag an gCúirt de dhroim an iarratais iomchuí a athrú nó a urscaoileadh, ní foláir an t-iarratas chun an t-ordú a athrú nó a urscaoileadh a dhéanamh trí fhógra foriarratais chun athrú nó urscaoileadh a dhéanamh (de réir mar a bheidh).

(2) Ní foláir fógra foriarratais chun athrú nó urscaoileadh a dhéanamh a bheith i bhFoirm Uimh. 44.02, Sceideal C, arna modhnú de réir mar is cuí don chás. Ní foláir sonraí i dtaobh an fhaoisimh a bheidh á lorg a áireamh san fhógra de réir mar is cuí don chás.

(3) Ní foláir fógra nach lú ná 21 lá i dtaobh iarratais a thabhairt don Chúirt chun athrú nó urscaoileadh a dhéanamh.

(4) Ní foláir cóip den fhógra foriarratais, chun athrú nó urscaoileadh a dhéanamh, a sheirbheáil, de réir Ordú 41, ar an iarratasóir ar an ordú

bunaidh agus ar gach freagróir ar a mbeidh an t-iarratas sin seirbheáilte tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an dáta fillte.

(5) Ní foláir dearbhú reachtúil i dtaobh sheirbheáil an fhógra foriarratais ar gach freagróir a thaisceadh leis an gCléireach tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an dáta fillte.

(6) Beidh fo-rialacha (3), (4) agus (5) faoi réir aon fhoráil nó ceanglas ag a mbeidh éifeacht éagsúil san achtachán iomchuí.