Leasuithe ar: Ordú 17

I.R. Uimh. 33 de 2010: Na Rialacha Cúirte Dúiche (An tAcht um Cheartas Coiriúil (Leasú) 2009) 2010

1. Na Rialacha Cúirte Dúiche (An tAcht um Cheartas Coiriúil (Leasú) 2009) 2010 is teideal do na Rialacha seo.

2. Tiocfaidh na rialacha seo i ngníomh an 1ú lá de Mhárta 2010 agus forléireofar iad i dteannta na Rialacha Cúirte Dúiche eile go léir ó 1997 go 2010.

3. Leasaítear na Rialacha Cúirte Dúiche 1997 (I.R. Uimh. 93 de 1997):

....

(iii) tríd an riail seo a leanas a chur in ionad riail 10 d’Ordú 17:


“10. (1) Maidir le hiarratas faoi mhír (g) d’alt 2(2) den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná Príomh-Cheannfort nó faoi mhír (h) d’alt 2(2) den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná Príomh-Cheannfort ar bharántas chun duine a choinneofar de bhun an Achta sin a choinneáil níos faide, is trí fhaisnéis faoi mhionn agus i scríbhinn a dhéanfar é agus is i bhFoirm 17.11, Sceideal B, a bheidh sé. Is i bhFoirm 17.12, Sceideal B, a bheidh barántas a eiseofar de bhun na faisnéise sin.

(2) Is tríd an bhfaisnéis faoi mhionn agus i scríbhinn i bhFoirm 17.12A, Sceideal B, ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná Ceannfort, a dhéanfar iarratas ar bharántas gabhála faoi alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996. Is i bhFoirm 17.12B, Sceideal B, a bheidh barántas a eiseofar de bhun na faisnéise sin.”;

(iv) tríd an riail seo a leanas a chur isteach díreach i ndiaidh riail 13 d’Ordú 17:

“14. Maidir le deimhniú chun críocha mhír (i) de na hailt seo a leanas:

(a) alt 30(4D) den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit 1939,

(b) alt 2(7A) den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí) 1996 nó, de réir mar a bheidh,

(c) alt 50(9) den Acht um Cheartas Coiriúil 2007 is i bhFoirm 17.19, Sceideal B, a bheidh sé.”;