
Príomh-Oifig na hArd-Chúirte
Is trí choinne a dhéantar freastal ar an bPríomh-Oifig.
Is féidir coinní a dhéanamh trí http://www.courts.ie/appointments
Sa chás gur gá duit do choinne a athrú nó a chur ar ceal, tá sé tábhachtach go ndéanann tú é seo chomh luath agus is féidir chun an coinne a chur ar fáil do dhaoine eile.
Tá sé éasca coinne a chur ar ceal nó a athsceidealú. Is féidir é seo a dhéanamh trí rochtain a fháil ar an nasc san fhógra ríomhphoist a sheoltar chugat.
Ba cheart cumarsáid a dhéanamh leis an oifig ar an bhfón nó trí ríomhphost.
Dturas Fíorúil
Cliceáil ar an nasc Dturas Fíorúil chun turas fíorúil idirghníomhach a dhéanamh ar ár bhfoirgneamh cúirte.
Uaireanta gnó:
Rialaítear uaireanta oscailte do ghlaoiteoirí pearsanta ag Ordú 118 de Rialacha na gCúirteanna Uachtaracha mar a leanas:
Luan go hAoine: 10.00 - 16.30
Oíche Nollag: 10.00 - 13.00
Dúnta: 'Dé Sathairn, Dé Domhnaigh, Lá Nollag agus an 7 lá dar gcionn, Lá Fhéile Pádraig, Aoine an Chéasta agus Dé Luain agus Dé Máirt de Sheachtain na Cásca agus na laethanta a ainmnítear mar laethanta saoire poiblí in oifigí poiblí.' Ordú 118 Rialacha na gCúirteanna Uachtaracha
Seomra Liosta An Ard-Chúirt - Fógra maidir le hathrú ar uaireanta gnó.
Tabhair faoi deara, le do thoil, go mbeidh uaireanta oscailte nua Seomra Liostaithe na hArd-Chúirte le héifeacht ón 5 Nollaig 2022 mar a leanas:
Dé Luain: 10.00 - 13.00
Dé Máirt: 10.00 - 13.00
Dé Céadaoin: 10.00 - 13.00 & 14.00 go 16.30
Déardaoin: 10.00 - 13.00 & 14.00 go 16.30
Dé hAoine: 10.00 - 13.00 & 14.00 go 16.30
Maidir le Lár-Oifig na hArd-Chúirte:
Féadfaidh tú tabhairt faoi do chás nó doiciméid a chomhdú i Lár-Oifig na hArd-Chúirte go pearsanta nó tríd an bpost.
Dleacht Stampa – NÍ MÓR é a fháil san Oifig Stampa in Áras Uí Dhálaigh roimh freastal ar an oifig.
Tabhair ar d'aird:
Ní ghlacfaidh an Phríomh-Oifig le litreacha údaráis a sholáthraíonn páirtithe a thuilleadh, litreacha a thugann ar dhuine féachaint ar chomhad, doiciméid a chomhdú nó doiciméid a bhailiú.
Ba cheart go mbeadh sé de chumas ag dlíthithe a fhreastalaíonn ar an gcúirt cruthúnas aitheantais a sholáthar má iarrtar sin.
Sonraí teagmhála breise:
Breithiúnais Airgeadaíochta: teil. +353 1 888 6699
Ríomhphost le haghaidh Breithiúnais Airgeadaíochta: rej@courts.ie
Breithiúnais (i scríbhinn): teil + 353 1 888 6699
Gníomhas Aonpháirtí / Cumhacht Ghinearálta Aturnae: teil + 353 1 888 6699
Ríomhphost le haghaidh Gníomhas Aonpháirtí: deedpollquery@courts.ie
Tá an tseirbhís do ghlaoiteoirí pearsanta gníomhais aonpháirtí chuig Lár-Oifig na hArd-Chúirte ar fáil Dé Máirt agus Déardaoin ó 10.00 - 12.30
Breithiúnais i scríbhinn ón Ard-Chúirt: highcourtjudgment@courts.ie
Coinbhinsiún na Háige: hagueconvention@courts.ie
Ordú íocaíochta Eorpach: europeanorderforpayment@courts.ie
Fiosrúcháin íocaíochta a chur ina gceart: highcourtredress@courts.ie
Mioníocaíochtaí: highcourtminorspayments@courts.ie
Iarratais ar chóipeanna priontáilte: highcourtbespeaks@courts.ie
Le deimhniú an bhfuil Ordú curtha i gcrích, féach le do thoil ar Cuardach na hArd-Chúirte
Orduithe Ard-Chúirte a dearbhaíodh: www.courts.ie/appointments
Iarratais laethúla ar aisghabháil comhad: highcourtfileretrieval@courts.ie
Seomra Liosta: listroomhighcourt@courts.ie
Chun teagmháil a dhéanamh leis and gCláraitheoir a bhí sa Chúirt do do cháis
- Cuardaigh do chás ar Cuardach Ard-Chúirte. In amharc ‘Sonraí an Ordaithe’, beidh inisealacha an chláraitheora le feiceáil faoin gceannteideal ‘Cláraitheoir’.
- Seol ríomhphost faoi bhráid an chláraitheora chuig: registrars@courts.ie le hinisealacha an chláraitheora ábhartha i líne an ábhair. Ná cuir isteach aon téacs eile i líne an ábhair.
- Is féidir d’fhiosrúchán nó d’iarratas ar leith a chur isteach i gcorp an ríomhphoist.
Máistir na hArd-Chúirte
Ríomhphost: highcourtmaster@courts.ie
Maidir le gach ábhar a bhfuil an Máistir freagrach as.
Faisnéis eile: An Leas-Mhaistir John Glennon
Teagmháil a dhéanamh le Breithiúna na hArd-Chúirte
Bíonn Breithiúna neamhchlaonta agus iad ag tabhairt faoina gcuid ról, a riartar go poiblí. Ní théann siad i mbun comhfhreagrais le páirtithe nó le haon duine eile maidir le cásanna os comhair na gcúirteanna. Níor chóir scríobh chucu nó labhairt leo go príobháideach.
Is é an t-aon bhealach chun labhairt le breitheamh faoi shaincheist i gcás ná sa chúirt oscailte ag éisteacht le hionadaí dlíthiúil páirtí nó leis an bpáirtí féin (sa chás go bhfuil sé féin-ionadaíoch).
Ábhair phráinneacha ar laethanta neamh-shuí
De ghnáth ní dhéanann an Ard-Chúirt suíonna a sceidealú le linn saoire na cúirte ná ag an deireadh seachtaine ná ar laethanta saoire poiblí.
Má tá ábhar práinneach agat ar laethanta nuair nach bhfuil an chúirt ina suí, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis na Ceithre Chúirt ar (01) 8886000. Cuirfear tú ar aghaidh chuig an gCláraitheoir Dleachta a dhéanfaidh socruithe chun cumarsáid a dhéanamh le Breitheamh agus idirchaidreamh a dhéanamh le haghaidh iarratas práinneach, más iomchuí.
(Socraithe do Laethanta Saoire na Cincíse, 2023)
Na Meáin
Ba chóir fiosrúcháin i dtaca leis na meáin a chur chuig Curran Communications Limited. Téigh i dteagmháil le Gerry Curran ag 01-8886469 nó gerry.curran@courts.ie