Deonuithe Probháide

Deonuithe Probháide

CLICEÁIL AR CHLÉ AGUS AR DHEIS CHUN BREATHNÚ AR DHOICIMÉID A BHÍONN DE DHÍTH IN IARRATAS PROBHÁIDE

Deonuithe Probháide - Doiciméid Riachtanacha

Na doiciméid a chaithfear  thaisceadh i nGACH cás Cén uair a bheidh ag teastáil? Eisceachtaí (i gcás go bhféadfadh se go mbeadh rogha eile ann seachas an doiciméad a thaisceadh) Cén fáth a bhfuil sé seo riachtanach?
Fógra Iarratais I ngach cás Gan aon eisceacht Le gur féidir sonraí an iarratais a thaifeadadh láithreach
Mionn an tSeiceadóra I ngach cás Gan aon eisceacht An fhianaise ar a n-eiseofar deonú
Uacht Bhunaigh (agus codaisíleacha bunaigh más infheidhme) I ngach cás

Mura bhfuil an bunleagan ar fáil ansin taisc (i) cóip séalaithe agus deimhnithe ag Cúirt d’uacht a cruthaíodh roimhe seo

NÓ (ii) cóip den uacht a chruthóidh an Ard-Chúirt. 

Ní mór Ordú Ard-Chúirte a thaisceadh in éineacht le cóip CHEART agus IARMHÍR dá dtagraítear in ordú Ard-Chúirte

NÓ (iii) Cóip oifigiúil cúirte d’uacht neamhchruthaithe

Fianaise Riachtanach 
Dhá Mionnscríbhinn Uachta (cóipeanna d’Uacht arna ndeimhniú ag aturnae mar chóipeanna dílse den bhunchóip) I ngach cás Gan aon eisceacht Tá cóip amháin le tarchur chuig na Coimisinéirí Ioncaim agus ionchorprófar ceann amháin sa Deonú Probháide
Teastas Báis Bunaidh I ngach cás Mura bhfuil deimhniú báis eisithe fós tá Teastas Báis eatramhach ó Chróinéir inghlactha Cruthúnas riachtanach go bhfuil an duine a fuair bás marbh i ndáiríre
Foirm um Fhógra Admhála (Probháid) a fuarthas ó Choimisinéirí Ioncaim - tuilleadh faisnéise ar fáil ag Revenue.ie I ngach cás maidir le dátaí báis an 5 Nollaig 2001 agus ar aghaidh Gan aon eisceacht Le hAlt 48A den  Acht Comhdhlúite Cánacha (CAT) 2003 a chomhlíonadh

Mionnscríbhinn Ioncaim Intíre - CA24 - iomchuí go dtí dáta an bháis roimh an 5 Nollaig 2001 - an chóip arna deimhniú ag na Coimisinéirí Ioncaim le Teastas don Ard-Chúirt - tuilleadh faisnéise ar fáil ag Revenue.ie

I ngach cás maidir le dátaí báis roimh an 5 Nollaig 2001 Gan aon eisceacht Le hAlt 48(2) den  Acht Comhdhlúite Cánacha (CAT) 2003 a chomhlíonadh 
Táille Phrobháide   I ngach cás Gan aon eisceacht Riachtanach faoi S.I. No. 492 de 2014

 

Doiciméid Bhreise a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil Cén uair a bheidh siad ag teastáil? Eisceachtaí Cén fáth a bhfuil sé seo riachtanach?
Mionnscríbhinn maidir le Cumas Tiomnach ó dhochtúir Tá sé seo riachtanach má iarrann an Oifig Phrobháide í. I measc na gcás a bhféadfadh sé a bheith ag teastáil tá: Má léiríonn an deimhniú báis Néaltrú, Lagú Cognaíoch nó Galar Alzheimer timpeall an ama a rinneadh an uacht. Mura bhfuil dochtúir ar fáil d’fhéadfadh sé go mbeadh fianaise ó fhoinse eile inghlactha. De rogha air sin, féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú go gcruthófar an uacht. Caithfear ordú na hArd-Chúirte a thaisceadh sa chás seo. Caithfidh tiomnóir a bheith ar a chiall le huacht bhailí a dhéanamh
Mionnscríbhinn an Fhinné atá Ag Fianú Má tá Foráil Fhianaithe lochtach nó más cosúil go dtagann sé salach ar líon na leathanach san uacht nó má tá athruithe agus/nó Leasuithe ar Uacht ann nó mura bhfuil foráil fhianaithe ann Má ordaíonn an Ard-Chúirt go gcruthófar an uacht in ainneoin an lochta Le ceanglais an Achta Comharbais maidir le huacht bhailí a chomhlíonadh
Mionnscríbhinn Maidir le Droch-Chor agus Bail Má mheasann an Oifig Phrobháide go bhfuil aon fhadhb ann le bail na huachta Má ordaíonn an Ard-Chúirt go gcruthófar an uacht in ainneoin an choir agus na baile Lena chinntiú nár leasaíodh an uacht NÓ NÁR CÚLGHAIREADH í nó a ceangaltán tar éis don tiomnóir í a shíniú
Tréigean Má thréigeann Seiceadóir í Gan aon eisceacht má thréigeann seiceadóir í. Ní theastaíonn má fhorchoimeádtar cearta an seiceadóra Le teideal a léiriú
Foirm Thiomnachta Charthanachta Má tá tiomnacht charthanachta san uacht   Gan aon eisceacht Le ligean don rialálaí Carthanachtaí a chinntiú go ndéantar tiomnachtaí carthanachtaí a chur i bhfeidhm
Ordú Cúirte/Oifigigh Probháide Cineálacha áirithe iarratais speisialaithe. Ní ghlacfar ach le cóip bhunaidh arna fhianú ag an Oifig Phrobháide. Féach an liosta ag Ordú 79 de na Rialacha Cúirte. Má tá ordú Cúirte/Oifigeach Probháide déanta caithfear tagairt a dhéanamh dó sa mhionn. Gan aon eisceacht má tá ordú riachtanach Fianaise riachtanach
 

Deimhniú Báis

Riachtanais
Ní mór deimhniú báis a thaisceadh. Bunchóipeanna amháin, seachas cóipeanna
Glacfar le deimhniú báis eatramhach cróinéara i gcás nár eisíodh an deimhniú báis deiridh fós. Bunchóipeanna amháin, seachas cóipeanna
Seiceáil go léirítear ainm, seoladh, dáta báis agus áit an bháis mar is ceart i ngach doiciméad.

Tabhair Faoi Deara: Coinneoidh an Oifig Phrobháide na Doiciméid seo

Mionn Seiceadóra

Baintear úsáid as an Mionn Fasach ceart. Mionn Seiceadóra (iarratasóir amháin) nó Mionn Seiceadóirí (níos mó ná iarratasóir amháin)

Riachtanais
Bunchóipeanna amháin, Níl gá le cóipeanna. 
Bí cinnte go bhfuil ainmneacha agus seoltaí na bpáirtithe uile comhsheasmhach ar fud na ndoiciméad go léir
Deimhnigh nach ndeachaigh tiomnóir i bpáirtnéireacht shibhialta tar éis an uacht a dhéanamh
Cinntigh gur ionann an duine nach maireann agus an Seiceadóir/na Seiceadóirí/an t-iarratasóir/na hiarratasóirí faoi mhionn, agus na daoine dá dtagraítear san uacht agus sa deimhniú báis.
Ní mór gach difríocht in ainmneacha agus seoltaí a thabhairt sa mhionn
Cinntigh go n-úsáidtear an Teideal ceart (féach an chéad chlib eile ar an leathanach seo le tuilleadh eolais a fháil)
Luaigh caidreamh an iarratasóra leis an duine a fuair bás
Ní mór dáta agus áit an bháis a bheith de réir an deimhnithe báis
Oll-Eastát Iomlán in Éirinn de réir na Foirme Fógra Admhála (Probháid)
Ní mór go gcloínn Jurat le SI Uimh. 95, 2009 agus ní féidir é a fhorghníomhú sula ndéanann an dlíodóir é a thaisceadh
Comhlánaigh an fhoráil chomhdaithe
Caithfidh gach foilseán a bheith sínithe ag teisteoir agus ag an duine a thug an mionn. Caithfear dáta an fhoilseáin a lua sa mhionn. N.B. ní mór an foilseán iarbhír a shíniú. Ní ghlactar le leathanaigh foilseán.

 

Teideal

NÍ MÓR don iarratasóir a bheith ina sheiceadóir atá ainmnithe in uacht an duine nach maireann. Seachas sin teastaíonn iarratas ar Riarachán le hUacht Ceangailte.

N.B. Ní mór gach Seiceadóir a áireamh sa mhionn.

Samplaí  
Is mise an tAon Seiceadóir atá ainmnithe san uacht réamhráite Is sinne na seiceadóirí atá ainmnithe san uacht réamhráite
Is mise an t-aon seiceadóir atá fós beo Is sinne na seiceadóirí atá fós beo san uacht réamhráite
Is mise duine de na seiceadóirí atá ainmnithe san uacht réamhráite a choimeádann cearta an tseiceadóra/na seiceadóirí eile Is sinne beirt de na seiceadóirí atá ainmnithe san uacht réamhráite a choimeádann cearta an tseiceadóra/na seiceadóirí eile
Is mise duine de na seiceadóirí atá ainmnithe san uacht réamhráite, agus an seiceadóir eile AB tar éis a cearta a thréigean go cuí ar a raibh tréigean dar dáta an lá xxx de xxxx2019 m’ainm marcáilte agam sular tugadh faoi mhionn é seo Is sinne beirt de na seiceadóirí atá ainmnithe san uacht réamhráite, agus an seiceadóir eile AB tar éis a cearta a thréigean go cuí ar a raibh tréigean dar dáta an lá xxx de xxxx2019 m’ainm marcáilte agam sular tugadh faoi mhionn é seo
Is mise seiceadóir ionaid ainmnithe na huachta réamhluaite, an t-aon seiceadóir tionscanta ó bhásaigh AB roimh an té a bhásaigh Is muidne seiceadóir ionaid ainmnithe na huachta réamhluaite, ó bhásaigh an t-aon seiceadóir tionscanta  AB roimh an té a bhásaigh.
Is mise an seiceadóir ionaid atá ainmnithe san uacht réamhráite, agus an t-aon seiceadóir tionscanta tar éis bás a fháil roimh an duine nach maireann Ba sinne beirt de na  Chomhpháirtithe i ngnólacht Dhlíodóirí AB ar dháta báis an duine a fuair bás agus mar sin mise duine de na seiceadóirí a ainmníodh san uacht réamhráite, ag forchoimeád cearta na seiceadóirí eile
Mise an t-aon phríomhoifigeach i ngnólacht Dhlíodóirí AB ar dháta báis an duine a fuair bás agus mar sin mise an t-aon seiceadóir amháin a ainmníodh san uacht réamhráite -

 

 

Uacht

Teastaíonn Uacht i ngach cás (mura cruthaíodh í cheana i ndlínse eile, nó mura bhfuil sí caillte nó taiscthe i gCoimircithe Cúirte nó san Oifig Phrobháide)

An Doiciméad a Theastaíonn Eisceacht/Leigheas
An Uacht bhunaidh (& codaisíl más infheidhme) 1. Má cruthaíodh an Uacht bhunaidh i ndlínse eile teastaíonn cóip atá Séalaithe agus Deimhnithe den Uacht. 2. Sa chás go gcailltear an Uacht bhunaidh ansin teastaíonn cóip cheart de réir ordú na hArd-Chúirte nó Ordú an Oifigigh Phrobháide 3. Má thaisctear an uacht bhunaidh neamhchruthaithe in Oifig Phrobháide nó in Oifig na gCoimircithe Cúirte ar chúis ar bith, ansin teastaíonn cóip oifigiúil. Is féidir í seo a fháil ón Oifig Rialacha Probháide.
Beidh dhá chóip le deimhniú ag dlíodóir. Ionchorprófar ceann acu seo i ndeonú probháide agus seolfar an ceann eile chuig na Coimisinéirí Ioncaim Gan aon eisceacht

 

Riachtanais Eisceachtaí/Leigheas
Beidh an chóip Bhunaidh (nó an Chóip Shéalaithe agus Deimhnithe más infheidhme) le marcáil ag an iarratasóir/na hiarratasóirí agus an coimisinéir ar glacadh an mionn os a chomhair. Gan aon eisceacht
Mura bhfuil foráil fhianaithe bailí ag an Uacht Teastaíonn Mionnscríbhinn an Fhinné a Dheimhníonn nó Ordú Cúirte
Féadfaidh sé go gcaithfear athruithe/leasuithe a mhíniú Teastaíonn Mionnscríbhinn an Fhinné a Dheimhníonn nó Ordú Cúirte
Má tá an Uacht stróicthe nó má tá fianaise ann go raibh aon doiciméad ceangailte léi (e.g. le stáplaí nó le marc gearrthóg) Teastaíonn Mionnscríbhinn Maidir le Droch-Chor agus Bail
Má ionchorpraítear aon doiciméad amhail léarscáil nó liosta san uacht Teastaíonn Ordú Oifigigh Probháide
Má thaisctear an uacht in Oifig na gCoimircithe Cúirte  
Má tá an uacht scríofa ar leathanaigh éagsúla Teastaíonn Mionnscríbhinn an Fhinné a Dheimhníonn nó Ordú Cúirte
Má tá an uacht scríofa i dteanga iasachta Teastaíonn Ordú Oifigigh Probháide

 

Tréigean

Foirm: Tréigean Riaracháin

Riachtanais le haghaidh Tréigin   Riachtanais le haghaidh cearta Seiceadóra a Fhorchoimeád 
Riachtanais le haghaidh cearta Seiceadóra a Fhorchoimeád  Ní gá do sheiceadóir a bhfuil a chearta á bhforchoimeád aon doiciméad a shíniú
Caithfear tréigean a fhoilsiú mar is ceart sa mhionn Ní gá aon doiciméad a fhoilsiú
A luaithe a thréigeann aon duine ní féidir leis/léi gníomhú ag céim eile amach anseo ach amháin de bhun ordaithe ón gCúirt Féadfaidh seiceadóir a bhfuil a chearta á bhforchoimeád gníomhú ag céim eile amach anseo
In aon chás ina ndéantar an tréigean níos mó ná bliain féilire amháin sula ndéantar an t-iarratas ar dtús, ní mór litir a fháil ón dlíodóir ag deimhniú go bhfuil an duine atá ag tréigean fós beo agus a áiríonn toiliú ón duine atá ag tréigean ag rá go bhfuil a thréigean fós bailí.  -
 

Mionnscríbhinní

Saghas Doiciméid Foinse Riachtanais
Mionnscríbhinn Maidir le hInniúlacht Tiomnaithe  ó dhochtúir Ní mór do dhochtúir í seo a chur ar fáil Ní mór a lua conas atá eolas ag an dochtúir ar chumas stáit an tiomnóra (e.g. othar nó comhaid athbhreithnithe srl.).
 Mionnscríbhinn an Fhinné a Dheimhníonn  Caithfidh sé a bheith ó fhinné a shínigh NÓ ó dhuine a bhí i láthair tráth a fhorghníomhaithe Ní mór na pointí forghníomhaithe a d’ardaigh an Oifig Phrobháide a bheith san áireamh mar is cuí
Mionnscríbhinn Maidir le Droch-Chor agus Bail Caithfidh gur duine é a bhfuil eolas aige ar cibé rud a tharla san uacht atá ag cruthú ceiste anois (ní gá gur finné don uacht é). Ní mór na pointí a d’ardaigh an Oifig Phrobháide a bheith san áireamh