Ag croí ár gcórais ceartais, agus é i measc a fhorais is sine, tá an ceart ar thriail ag giúiré de do phiaraí. Tá seirbhís ghiúiré ar na dualgais is tábhachtaí is féidir a iarraidh ort a dhéanamh mar shaoránach.
Má tá ceist agat faoi thoghairm ghiúiré, déan teagmháil leis an oifig atá liostaithe ar an doiciméad giúiré.
Foláireamh R-phoist Calaoiseach
Foláireamh R-phoist Calaoiseach
N.B. Tá curtha ar ár súile dúinn go bhfuil fógraí calaoiseacha seirbhís ghiúiré de r-phost faighte ag daoine sa phobal.
Ba chóir r-phoist den chineál seo a scriosadh agus gan cliceáil ar aon nasc iontu. Is tríd an gcóras postais amháin a thagann toghairm ghiúiré fhíor.
Tabhair do d'aird go bhféadfadh an tSeirbhís Cúirteanna dul i dteagmháil de théacs le giúróirí a dheimhnigh go mbeidh siad i láthair agus a thug uimhir theagmhála fón póca faoi aon athrú atá ina dtoghairm.
Nuair a bheidh tú ag deimhniú go mbeidh tú i láthair, tabhair uimhir theagmhála fón póca más féidir.
An Méid atá i gCeist le Seirbhís Ghiúiré
Fuair mé toghairm - Cad ba chóir dom a dhéanamh?
Cé is féidir a ghairm le haghaidh Seirbhís Ghiúiré ?
Cad a tharlaíonn an lá a dtéim chun na cúirte ?

Cad a tharlaíonn an lá a dtéim chun na cúirte ?
Ní mór do gach duine a ghairtear le haghaidh seirbhís ghiúiré teacht chun na cúirte ar an dáta atá ar do thoghairm.
Roghnaítear ainmneacha giúróirí go randamach i gcomhair cás ar leith. Cé go ngairtear thú le haghaidh seirbhís ghiúiré, d'fhéadfadh sé nach bhfreastalófá.
Cliceáil anseo le tuilleadh eolais a fháil.