Is féidir iarratas a chur faoi bhráid na cúirte chun an tréimhse fógra maidir le pósadh a laghdú.

Díolúine Pósta

Díolúine Pósta

Pósadh idir daoine atá faoi bhun ocht mbliana déag

Ó I Eanáir 2019, is é 18 mbliana riachtanais aois dhleathach an phósta.

Ní féidir a thuilleadh Ordú Díolúine Cúirte a fháil lena gceadófaí pósadh dul ar aghaidh má tá páirtí nó an dá pháirtí faoi bhun 18 mbliana.

Tá tuilleadh eolais ar dhíolúine pósta ar fáil ar an leathanach cuí ar shuíomh gréasáin Eolas do Shaoránaigh Citizens Information .

Fógra rúin pósta

Ní mór do dhaoine atá ag dul a phósadh réamhfhógra trí mhí, i scríbhinn, ar a laghad a thabhairt do Chláraitheoir na bPóstaí go bhfuil rún pósta acu.

Féadann an Chúirt Chuarda daoine ar mian leo pósadh a dhíolmhú ar an riachtanas fógra trí mhí a thabhairt don Chláraitheoir.

Conas iarratas a dhéanamh ar dhíolúine pósta

Féadann lánúineacha iarratas a dhéanamh sa Chúirt Chuarda ach teacht i láthair na cúirte go pearsanta agus a mhíniú cad chuige ar mian leo a bheith díolmhaithe ón riachtanas fógra trí mhí agus/nó an riachtanas aoise.

Tuilleadh eolais ar fáil ach teagmháil a dhéanamh leis an Oifig chuí Cúirt Chuarda.