Is é is cothabháil ann tacaíocht airgeadais a íocann duine chun leasa céile/páirtnéir sibhialta cleithiúnach agus/nó leanaí cleithiúnacha.

Cothabháil

Cothabháil

Tá freagracht dlí ar thuismitheoirí, bídís pósta nó eile, leanaí cleithiúnacha a chothabháil. Ar an dóigh chéanna, ní mór do chéilí/páirtnéirí sibhialta cothabháil a thabhairt dá chéile ar aon dul lena n-acmhainní. Féadann comháitritheoir incháilithe cleithiúnach iarratas a chur faoi bhráid na cúirte i gcomhair ordú cothabhála má tá deireadh leis an gcaidreamh. Mura bhféadann na páirtithe comhaontú ar an gcothabháil, féadann ceachtar acu iarratas a chur faoi bhráid na cúirte i gcomhair ordú cothabhála.

Tá tuilleadh eolais ar chothabháil, lena n-áirítear orduithe cothabhála a dhéantar sa Chúirt Dúiche a fhorfheidhmiú agus a leasú ar an leathanach cuí de shuíomh gréasáin Eolas do Shaoránaigh.

Conas iarratas a dhéanamh

Is sa Chúirt Dúiche is mó a dhéantar iarratais ar chothabháil. Tá an nós imeachta nach mór cloí leis chun orduithe a fháil ón gcúirt faoi rialú rialacha cúirte. Áirítear leo fosta na foirmeacha nach mór duit a chomhlánú chun d'iarratas a dhéanamh.

Rialacha cúirte

I.R Uimh. 93 de 1997: Rialacha Cúirt Dúiche, 1997
 I.R Uimh. 42 de 1998: Rialacha Cúirt Dúiche Dhlí an Teaghlaigh
 I.R Uimh. 414 de 2011: Rialacha Cúirt Dúiche (Páirtnéireacht Shibhialta agus Comhchónaí) 2011
 I.R Uimh. 17 de 2016: Rialacha Cúirt Dúiche (An tAcht um Chaidrimh Leanaí agus Teaghlaigh 2015), 2016

Foirmeacha cúirte

Foirm 54.1: Toghairm Chothabhála - alt 5(1) (a)
Úsáid an toghairm seo má tá tú pósta ar an bhfreagróir

Form 54.3: Toghairm Chothabhála - alt 5A(1)
Úsáid an toghairm seo mura bhfuil tú pósta ar an bhfreagróir

Foirmeacha 

Request for Payment Directly to Bank - EFT Payment