Ordú 29

Urrús i leith costas

 

Rialacha na nUaschúirteanna

Ordú: 29

 

Urrús i leith costas

 

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo. Cliceáil ar an/na na(i)sc lena bhfeiceáil/fheiceáil:

 

No29-S.I. No. 14 Of 1989: Rules Of The Superior Courts (No. 1), 1989.

No29-S.I. No. 506 Of 2005: Rules Of The Superior Courts (Jurisdiction, Recognition, Enforcement And Service Of Proceedings) 2005

Uim29-I.R. Uimh. 307 De 2013: Rialacha Na Nuaschúirteanna (Coinbhinsiún Lugano, Cothabháil Agus Seirbhís) 2013

No29-S.I. No. 9 Of 2016: Rules Of The Superior Courts (Jurisdiction, Recognition And Enforcement Of Judgments) 2016

 

 

1. Nuair a éileoidh páirtí urrús i leith costas ó pháirtí eile, beidh de chead aige an t-urrús sin a iarraidh le fógra ar an bpáirtí; agus mura dtabharfaidh an páirtí deiridh sin, laistigh d’ocht n-uaire an chloig is daichead tar éis an fógra sin a sheirbheáil, fógra á ghealladh go ngéillfidh sé dó, beidh de chead ag an bpáirtí a mbeidh an t-urrús a éileamh aige ordú a iarraidh ar an gCúirt á ordú don pháirtí sin an t-urrús sin a thabhairt.

 

2. Ní bheidh cosantóir i dteideal ordaithe le haghaidh urrúis i leith costas ar an aonfhoras cónaí a bheith ar an ngearánaí i dTuaisceart Éireann.

 

3. Ní bheidh aon chosantóir i dteideal ordaithe le haghaidh urrúis i leith costas de bhíthin cónaí a bheith ar aon ghearánaí lasmuigh de dhlínse na Cúirte, mura dtabharfar mionnscríbhinn shásúil á rá cosaint de bhua tuillteanais a bheith ag an gcosantóir sin.

 

4. Féadfar a ordú do ghearánaí a mbeidh cónaí air de ghnáth lasmuigh den dlínse urrús a thabhairt i leith costas cé go mbeidh cónaí air go sealadach laistigh den dlínse.

 

5. Má thionscnaíonn duine caingean chun talamh a aisghabháil tar éis caingean roimh ré chun an céanna a aisghabháil a bheith tionscanta ag an duine sin nó ag aon duine a mbeidh éileamh á dhéanamh aige tríd nó faoi, i gcoinne an chosantóra chéanna, nó i gcoinne aon duine a mbeidh cosaint á déanamh aige tríd nó faoi, féadfaidh an Chúirt a ordú, tráth ar bith, go dtabharfaidh an gearánaí don chosantóir urrús i leith chostais an chosantóra, cibé acu a bheidh an chaingean roimh ré curtha de láimh trí scor nó trí neamhagra nó trí bhreithiúnas i bhfabhar an chosantóra.

 

6. I gcás ina mbeidh ordú déanta ag an gCúirt go dtabharfaidh páirtí urrús i leith costas, is é an Máistir i ngach cás a chinnfidh, faoi réir riail 7, cad é méid an urrúis sin agus an tráth nó na tráthanna a dtabharfar é, agus an modh agus an fhoirm ina dtabharfar é, agus an duine nó na daoine dá dtabharfar é.

 

7. I gcás ina mbeidh banna le tabhairt mar urrús i leith costas, is don pháirtí nó don duine a mbeidh an t-urrús ag teastáil uaidh a thabharfar é agus ní d’oifigeach don Chúirt, mura n-ordóidh an Máistir a mhalairt. Ar an gcoinníoll, in aon chúis nó ábhar maidir le pósadh, mar a mbeidh urrús i leith costas le tabhairt le banna, gur don Mháistir a thabharfar an banna.