Ordú 83

Forléiriú ionstraimí scríofa

1. Aon duine a bheidh ag éileamh leas a bheith aige faoi ghníomhas, uacht nó ionstraim scríofa eile, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh le toghairm speisialta chun aon cheist forléiriúcháin a thiocfaidh chun cinn faoin ionstraim a chinneadh, agus ar dhearbhú ar chearta na ndaoine leasmhara.
 

2. Féadfaidh an Chúirt a ordú an toghairm a sheirbheáil ar cibé daoine is cuí léi.
 

3. Beidh cibé fianaise a theastóidh ón gCúirt mar thaca leis an iarratas.
 

4. Ní bheidh de cheangal ar an gCúirt aon cheist forléiriúcháin den sórt sin a chinneadh más é a tuairim nár chóir í a chinneadh ar thoghairm speisialta.