Áirítear leis na nithe a thagann faoi shainchúram an Scrúdaitheora leachtuithe cúirte a tosaíodh sular achtaíodh Acht na gCuideachtaí 2014, urghairí mhorgáiste (de bhun ordaithe muirir), cúrsaí cúirte féimheachta, urghairí riaracháin, fiosrúcháin neasghaolta agus aon ábhair eile a chuireann an chúirt ar aghaidh chuig an Scrúdaitheoir.
Urghairí Riaracháin
Urghairí Riaracháin
Is féidir eastát (maoin) daoine a bhásaigh a bheith ina ábhar d’imeachtaí Ard-Chúirte sa chás ina dtagann ceisteanna chun cinn maidir le haon cheann nó gach ceann díobh seo a leanas:
(a) an chaoi a ndearnadh an t-eastát a riar go dáta
(b) an méid atá san eastát
(c) cé atá i dteideal leas a bhaint as an eastát
(d) cé atá ina chreidiúnaí ar an eastát
Féimheacht
Cúrsaí Dlí/ Leachtuithe Cuideachtaí
Cúrsaí Dlí/ Leachtuithe Cuideachtaí
Eascraíonn ról an Scrúdaitheora go príomha maidir le cuideachtaí a rinne an chúirt a fhoirceannadh roimh an 1 Meitheamh 2015.
I ndiaidh d’Acht na gCuideachtaí 2014 teacht i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2015, sa chás ina ndéanann an chúirt cuideachta a fhoirceannadh, ní thagann an leachtú faoi mhaoirseacht an Scrúdaitheora níos mó agus ní aistrítear an t-ábhar chuig Liosta tairiscintí cúirte an Scrúdaitheora.
Urghairí Morgáiste
Urghairí Morgáiste
Is éard atá in urghaire morgáiste ná imeacht ina a dtógann sealbhóir urrús ar mhaoin (morgáiste breithiúnais nó morgáiste cothromais go hiondúil) chun fiach a aisghabháil trí dhíol na maoine sin a bhrú tríd.
Mar thoradh ar urghaire morgáiste is féidir le cúirt Ordú Muirir a dhéanamh.
Comhdú in Oifig an Scrúdaitheora (S.I. Uimh. 2 de 2011)
Comhdú in Oifig an Scrúdaitheora (S.I. Uimh. 2 de 2011)
Ba cheart gach mionnscríbhinn, fógra rúin, fógra le dul ar aghaidh, teastais an Scrúdaitheora agus orduithe an Scrúdaitheora a chomhdú in Oifig an Scrúdaitheora amháin. Níl aon cheanglas na doiciméid seo ná cóipeanna de na doiciméid seo a chomhdú i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte.
Níl sé riachtanach freastal ar Phríomh-Oifig na hArd-Chúirte maidir le hábhair atá faoi shainchúram Oifig an Scrúdaitheora. Áirítear le hábhair den chineál seo leachtuithe cúirte, urghairí morgáiste (imeachtaí ordaithe muirir), urghairí riaracháin agus aon ábhar eile a chuireann an chúirt ar aghaidh chuig Oifig an Scrúdaitheora.