Is cúirt leibhéal idirmheánach dar dlínse áitiúil, theoranta í an Chúirt Chuarda.
Tá an tír roinnte ina hocht gcuaird ó thaobh na Cúirte Cuarda de agus cumhdaíonn gach cuaird díobh réigiún ad hoc de chuid an stáit.
Is é atá sa Chúirt Chuarda, Uachtarán na Cúirte agus 37 gnáthbhreitheamh.
Bíonn Breitheamh Cuarda amháin sannta do gach cuaird ach amháin i gcuaird Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí. Is féidir 10 mbreitheamh a shannadh do chuaird Bhaile Átha Cliath agus 3 do chuaird Chorcaí.
Is comhalta ex-officio den Chúirt Chuarda é/í Uachtarán na Cúirte Cuarda.
Tá de dhualgas ar Uachtarán na Cúirte Cuarda, ar breitheamh breise é de chuid na hArd-Chúirte a chinntiú gur ionann ualach oibre Cúirte Cuarda idir an iomad breithiúna agus go dtéitear i mbun gnó go pras.
Cad a tharlaíonn sa Chúirt Chuarda?
Cad é mar is féidir liom gnó a thabhairt os comhair na Cúirte Chuarda?
Cad a dhéanaim má sheirbheáiltear Bille Sibhialta orm?
Cuir i gcás nach bhfreagraítear do bhille sibhialta?
Gnó a liostú don chúirt
Conas Ordú Cúirte i gcomhair Fiachais a Fhorfheidhmiú
Athshealbhuithe
Dócmhainneacht Phearsanta
Ceadúnú
Ar mhaith leat íoc le cárta?

Ar mhaith leat íoc le cárta?
Tá airgead tirim ag imeacht ónár gcuid sparán agus cártaí agus modhanna íocaíochta eile á gcur ina ionad. Más gá duit íocaíocht a dhéanamh tríd an tSeirbhís Chúirteanna, tá an rogha agat íocaíocht a dhéanamh le cárta in oifigí na Cúirte Cuarda agus Dúiche ar fud na tíre.