CC30

Seachadadh Digiteach - Bille Sibhialta Dlí Teaghlaigh

Déanaimse, Patricia Ryan, Uachtarán na Cúirte Cuarda, tar éis dul i gcomhairle le Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na Seirbhíse Cúirteanna, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 22(17) d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961, agus le hOrdú 11A, riail 12 de Rialacha na Cúirte Cuarda ar mhaithe le riaradh an cheartais agus le cinneadh imeachtaí ar bhealach atá cóir, gasta agus ar dóigh dó costas na n-imeachtaí sin a íoslaghdú, a ordú i ndáil le riaradh imeachtaí mar a leanas:

  1. Le héifeacht ón 18ú lá de Mheitheamh 2025, údaraím úsáid seachadta dhigitigh (mar a shainmhínítear sna Rialacha Cúirte Cuarda) sna himeachtaí seo a leanas sa Chúirt Chuarda.

Catagóir nó aicme imeachtaí: Imeachtaí a thionscnaítear le Bille Sibhialta Dlí Teaghlaigh
Cuarda nó Contaetha lena mbaineann: Cuaird agus Contae Bhaile Átha Cliath

Arna dhátú an 5ú lá seo de Mheitheamh 2025
Patricia Ryan
Uachtarán na Cúirte Cuarda

Circuit Court