Foscríbhinn H: Aturnaetha

Uimh. 1 

Deimhniú Glachta

Uimh. 2

Achainí ag Tabhairt  Tuarascála os Comhair na Cúirte faoi Alt 7(3) D’Acht 1960

Uimh. 3

Achainí faoi Alt 9 D'Acht 1960

Uimh. 4

Mionnscríbhinn ag Fíorú Achainí

 

 

Uimh. 1

O. 53, r. 5

DEIMHNIÚ GLACTHA

 

Suíonna ....................................... 20.........

 

Ós rud é, tar éis scrúdú agus fiosrúchán a dhéanamh i dtaobh oiriúnacht agus inniúlacht [AINM IOMLÁN]                       , as                       i gCathair/i gContae                       , chun gníomhú mar Aturnae, gur deimhin liom go bhfuil an [AINM IOMLÁN]                       sin cáilithe go cuí chun gníomhú amhlaidh.

 

Déanaim, leis an scríbhinn seo faoi mo láimh, an [AINM IOMLÁN]
sin a ghlacadh chun bheith ina Aturnae/ina hAturnae do na Cúirteanna agus ordaím a ainm/a hainm a thaifeadadh ar Rolla na nAturnaetha.

 

Arna shíniú: ................................
Uachtarán na hArd-Chúirte
President of the High Court.

Arna rollú an      lá de                          20   

Arna shíniú: ................................
Cláraitheoir na nAturnaetha
Registrar of Solicitors.

 

Arna ionadú ag IR 701 de 2004éifeachtach ón 25 Meán Fómhair 2004.

_______

Uimh. 2

O. 53, r. 7

ACHAINÍ AG TABHAIRT TUARASCÁLA OS COMHAIR NA CÚIRTE FAOI ALT 7(3) D’ACHT 1960.

An Ard-Chúirt.

 

Maidir le A.B., aturnae

Agus maidir leis na hAchtanna Aturnaetha, 1954 agus 1960. Don Ard-Chúirt.

 

San achainí umhal ó Dhlí-Chumann Corpraithe na hÉireann léirítear mar a leanas:

 

  1. Ar an.....lá de.....rinne C.D., as ..... (na hachainígh), de bhun fhorálacha alt 7 den Acht Aturnaetha (Leasú), 1960, iarratas chun an Choiste Araíonachta á iarraidh go ndéanfaí fiosrúchán faoi iompar an A.B. thuasainmnithe as....., aturnae.

  2. De bhun fhorálacha an ailt sin 7, rinne an Coiste Araíonachta fiosrúchán ar (an dáta nó na dátaí) agus ar an bhfiosrúchán sin a bheith críoch- naithe acu chuir siad a gcinntí i dtuarascáil chun na Cúirte, tuarascáil atá i gceangal leis seo.

  3. Mar a léirítear sa tuarascáil sin, chinn an Coiste Araíonachta go raibh mí-iompar ann ó thaobh an A.B. sin maidir le (cuid de) na hábhair a gearánadh san iarratas sin (nár fhreagair an A.B. sin go sásúil na líomhaintí a rinneadh ina choinne).

 

Impíonn na hachainígh dá bhrí sin go ndéanfaidh an Chúirt, de réir fhor- álacha alt 8 den Acht Aturnaetha (Leasú), 1960, an tuarascáil sin a bhreithniú, agus tar éis a breithnithe di go dtogróidh an Chúirt a ordú:

 

  1. go scriosfar ainm an A.B. sin de rolla na n-aturnaetha [nó de réir mar a bheidh];

  2. [más cuí] go dtabharfaidh an A.B. sin cibé aiseag do ..... is dóigh leis an gCúirt is cuí [nó de réir mar a bheidh];

  3. go mbeidh na costais faoina ndeachaigh an C.D. sin (na hachainígh) sna himeachtaí os comhair an Choiste Araíonachta le híoc ag an A.B. sin;

  4. go mbeidh costais na n-imeachtaí seo le híoc ag an A.B. sin;

  5. go ndéanfar cibé ordú breise nó cibé ordú eile is cuí leis an gCúirt. Agus beidh na hachainígh ag guí feasta.

 

Arna dhátú
Do Dhlí-Chumann Corpraithe na hÉireann agus thar a cheann,
..................................................................................................................
Rúnaí an Chumainn nó Cláraitheoir na nAturnaetha.

Tá an achainí seo á comhdú thar ceann Dhlí-Chumann Corpraithe na hÉireann.....  ag  ..... Aturnae, as Áras na nAturnaetha, na Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath.

 

Arna leasú le IR 238 de 1993, le héifeacht ó 5 Lúnasa 1993, trína gcuirtear na focail "Rúnaí Chumann Chláraitheoir na nAturnaetha" in ionad an fhocail "Rúnaí". NB: Is cosúil gur earráid chlóghrafach í sin – is dócha gur cheart gur “Rúnaí an Chumainn Cláraitheoir na nAturnaetha” a bheadh ann.

 

_______

Uimh. 3

O. 53, r. 7

ACHAINÍ FAOI ALT 9 D’ACHT 1960.

[Teideal mar atá i bhFoirm Uimh. 2].

 

Don Ard-Chúirt.

San achainí umhal ó Dhlí-Chumann Corpraithe na hÉireann léirítear mar a leanas:

 

  1. Ar an........lá de........rinne an A.B. thuasainmnithe as........, aturnae, iarratas de bhun fhorálacha alt 9 den Acht Aturn- aetha (Leasú), 1960, chun an Choiste Araíonachta á iarraidh a ainm a bhaint de rolla na n-aturnaetha.

  2. De bhun fhorálacha an ailt sin 9, rinne an Coiste Araíonachta fiosrú- chán ar (an dáta nó na dátaí) agus ó tharla nárbh é a dtuairim gur cheart géilleadh don iarratas gan tuarascáil a thabhairt don Chúirt, thug siad tuar- ascáil don Chúirt, tuarascáil atá i gceangal leis seo.

 

Impíonn na hachainígh dá bhrí sin go ndéanfaidh an Chúirt, de réir fhor- álacha an ailt sin 9, an tuarascáil sin a bhreithniú, agus tar éis a breithnithe di go dtogróidh an Chúirt a ordú:

 

  1. go ndiúltófar [go ngéillfear] don iarratas sin;

  2. go mbeidh costais na n-achainíoch sna himeachtaí os comhair an Choiste Araíonachta agus costais na n-imeachtaí seo le híoc ag an A.B. sin.

 

Agus beidh na hachainígh ag guí feasta.

 

Arna dhátú
Do Dhlí-Chumann Corpraithe na hÉireann agus thar a cheann,

..............................................
Rúnaí an Chumainn nó Cláraitheoir na nAturnaetha.

Tá an achainí seo á comhdú thar ceann Dhlí-Chumann Corpraithe na hÉireann ag........           Aturnae, as Áras na nAturnaetha, na Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath.

 

Arna leasú le IR 238 de 1993, le héifeacht ó 5 Lúnasa 1993, trína gcuirtear na focail "Rúnaí Chumann Chláraitheoir na nAturnaetha" in ionad an fhocail "Rúnaí". NB: Is cosúil gur earráid chlóghrafach í sin – is dócha gur cheart gur “Rúnaí an Chumainn nó Cláraitheoir na nAturnaetha” a bheadh ann.

_______

Uimh. 4.

O. 53, r. 7

 

MIONNSCRÍBHINN AG FÍORÚ ACHAINÍ.

 

[TEIDEAL MAR ATÁ I BHFOIRM Uimh. 2].

 

Mionnaímse,.....as....., Rúnaí Dhlí-Chumann Corpraithe na hÉireann, agus deirim mar a leanas:

 

  1. Tagraím do chóip den achainí san ábhar seo, a bhfuil an litir ‘‘A’’ marcáilte uirthi, ar a ndearna mé m’ainm a fhormhuiniú sular mhionnaigh mé an mhionnscríbhinn seo.

  2. Is fíor na ráitis sin inti a bhaineann le mo bhearta agus mo ghníomh- artha féin agus creidim gur fíor na ráitis sin inti a bhaineann le bearta agus gníomhartha an Choiste Araíonachta nó aon duine nó daoine eile.

  3. An síniú ‘‘E.F.’’ atá leis an tuarascáil atá i gceangal leis an achainí sin is é síniú E.F. é, an duine ba chathaoirleach [nó de réir mar a bheidh] ar an gCoiste Araíonachta a rinne an fiosrúchán dá dtagraítear sa tuarascáil.

  4. Tá an mhionnscríbhinn seo á déanamh agam thar ceann, agus le húdarás, Dhlí-Chumann Corpraithe na hÉireann.

 

Arna mhionnú, etc.

_______