Ceadúnú na Cúirte Dúiche

Ceadúnú na Cúirte Dúiche

Ceadúnú na Cúirte Dúiche

Gearrchoimriú ar ghnóthaí ceadúnaithe;

  • gnóthaí ceadúnaithe a bhaineann le ceadúnais deochanna meisciúla (á n-aistriú nó agóidí ina n-aghaidh);
  • teastais bhialainne;
  • clárú clubanna;
  • ceadúnais le haghaidh damhsaí poiblí;
  • ceadúnais le haghaidh ceoil agus amhránaíochta poiblí;
  • orduithe díolúine agus a leithéidí.
     

Is i Meán Fómhair a bhíonn an chúirt ceadúnaithe bhliantúil ar siúl.

Roinnt de na cúrsaí lena mbítear ag plé:

  • athnuachan teastais bhialainne
  • athnuachan ar chlárú clubanna
  • athnuachan ar cheadúnais bhliantúla damhsa
  • athnuachan ar cheadúnais cheoil agus amhránaíochta poiblí
  • agóidí in aghaidh athnuachana ceadúnas alcóil
  • aistriú ceadúnas alcóil

Táillí

Ní mór táille a íoc i gcás fhormhór na n-iarratas ar cheadúnas. Is féidir sonraí faoi na táillí seo a fháil in orduithe um Tháillí na Cúirte Dúiche

Iarratais

Tá fasaigh maidir leis na hiarratais éagsúla ar féidir a dhéanamh chun na cúirte le fáil i Rialacha na Cúirte Dúiche.

Clárú ceadúnais

Coinnítear clár san oifig ina bhfuil 'sonraí faoi gach ceadúnas chun deochanna meisciúla a dhíol i gcás gach áitreabh laistigh de cheantar na cúirte, agus faoi gach athnuachan, aistriú agus gach aon imeacht eile a bhfuil baint aige leis na ceadúnais sin'.  Bíonn sonraí sa chlár faoi chiontuithe agus gach rud eile a bhaineann leis na ceadúnais.  Lena chois sin is ea a bhíonn sonraí sa chlár faoi eischeadúnais (beoir agus biotáille) agus ceadúnais díoltóirí beorach ar an mórchóir.

Tá cead ag aon duine an clár seo a iniúchadh ach an táille chuí a íoc.

Clárú clubanna

Coinnítear clár na gclubanna ina bhfuil sonraí faoi ainmneacha na gclubanna i gceantar na cúirte; sonraí faoin dáta ar bronnadh teastas cláraithe orthu agus na dátaí ar athnuaíodh iad; seoladh gach club díobh mar aon le hainmneacha agus seoltaí coiste agus oifigigh an chlub.

Tá cead ag aon duine an clár seo a iniúchadh mar aon le cóip de rialacha an chlub ach an táille chuí a íoc.

Ba chóir na ordaithe seo a leanas a chur chuig an oifig dúiche (nó i mBaile Átha Cliath - an Oifig Ceadúnaithe) go síneoidh an breitheamh iad;

  • deimhniú le haghaidh eischeadúnais mionreacaire biotáille, leanna agus fíona
  • deimhniú le haghaidh ceadúnais mórdhíoltóra leanna
  • orduithe chun chlár na gceadúnas a leasú
  • deimhniú a athbheoite - orduithe faoi alt 30 den Acht Deocha Meisciúla, 1960
  • ceadúnúcháin - crannchur / bingo