Foscríbhinn GG: Acht um Shásamh i leith Foras Cónaithe 2002
Foscríbhinn GG a cuireadh isteach le SI 529 of 2008, le héifeacht ón 29 Nollaig 2008.
Uimh.1 | |
Uimh.2 |
|
Uimh.3 |
O. 134A, r. 3
AN ARD-CHÚIRT MAIDIR LE hALT 13(14) DEN ACHT UM SHÁSAMH I LEITH FORAS CÓNAITHE, 2002 AGUS MAIDIR LE hIARRATAS ÓN mBORD UM SHÁSAMH I LEITH FORAS CÓNAITHE FÓGRA FORIARRATAIS TIONSCNAIMH
Is é is cuspóir don doiciméad seo a chur in iúl duit go nDdanfaidh an Bord um Shásamh i leith Foras Cónaithe iarratas chun na hArd-Chúirte, sna Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath 7, an.....lá de................... 200..... ar....., ar Ordú go ndéanfar méid na dámhachtana (nó méid na dámhachtana atá fágtha) do gach duine a bhfuil a ainm nó a hainm leagtha amach sa sceideal a íoc isteach san Ard-Chúirt agus go ndéileálfaidh an Ard- Chúirt leis chun tairbhe an duine lena mbaineann an méid de réir ordacháin ón mBord (nó ón gCoiste Athbhreithnithe) ar na forais seo a leanas
*gur chomhaontaigh gach duine den sórt sin atá liostaithe i gCuid A den Sceideal faoi alt 13(8)(a) den Acht um Shásamh i leith Foras Cónaithe, 2002 (“an tAcht”) go ndéanfar an dámhachtain i dtráthchodanna agus tá tusa liostaithe i gCuid A.
*nach bhfuil ar chumas gach duine den sórt sin atá liostaithe i gCuid B den Sceideal aon airgead a fhaightear faoi dhámhachtain a bhainistiú agus tá tusa liostaithe i gCuid B.
Is ar fhoras na mionnscríbhinne (i.e. ráiteas faoi mhionn) ó........., duine atá údaraithe
thar ceann an Bhoird, a bheidh an t-iarratas ón mBord agus cuirtear cóip di leis an bhfógra seo.
Mar dhuine dá ndéantar difear, moltar duit comhairle dlí a ghlacadh maidir leis na doiciméid seo. Féadfaidh tú freagra a thabhairt ar an iarratas seo tríd an bhfoirm atá i gceangal leis an bhfógra seo a chomhlánú agus an fhoirm chomhlánaithe a chur chuig an seoladh a thaispeántar, seacht lá ar a laghad roimh an dáta thuasluaite. Féadfaidh tú freisin fianaise a sheachadadh mar fhreagairt trí mhionnscríbhinn nó, má cheadaíonn an Chúirt, ar mhodh eile, agus féadfaidh tú freastal i bpearsa nó féadfaidh d’ionadaí dlíthiúil freastal ar do shon, tráth éisteachta an iarratais.
Arna shíniú: thar ceann an Bhoird/Aturnaetha an Bhoird
* scrios mar is cuí
_______
O. 134A, r. 6.
FREAGRA AN TAIRBHÍ
Chuig: Na Ceithre Chúirt Baile Átha Cliath 7
MAIDIR LE hALT 13(14) DEN ACHT UM SHÁSAMH I LEITH FORAS CÓNAITHE, 2002
Ainm an tairbhí: Dáta an iarratais chun na hArd-Chúirte ón mBord um Shásamh i leith Foras Cónaithe: *Níl aon agóid agam in aghaidh an iarratais ón mBord. *Ní aontaím leis an iarratas ón mBord mar ní aontaím nach bhfuil ar mo chumas aon airgead a fhaightear faoi dhámhachtain a bhainistiú agus is mian liom go n-íocfar an dámhachtain iomlán liomsa. *Aontaím leis an iarratas ón mBord go ndéanfar mo dhámhachtain a ghlacadh isteach sa chúirt, ach ní aontaím leis an ordachán ón mBord nó ón gCoiste Athbhreithnithe maidir leis an tslí inar cheart don Chúirt déileáil le mo dhámhachtain chun tairbhe dom agus ina ionad sin, d’iarrfainn go ndéileálfaí le mo dhámhachtain mar seo a leanas: ...........................................................................
Dáta:
Arna shíniú: * scrios mar is cuí
_______ O. 134A, r. 13.
FÓGRA DO THAIRBHÍ
Fíorphríobháideach agus faoi rún Chuig: [ainm agus seoladh an tairbhí]
MAIDIR LE hALT 13(14) DEN ACHT UM SHÁSAMH I LEITH FORAS CÓNAITHE, 2002
A [Ainm an tairbhí], a chara: Tá ordú déanta ag an Ard-Chúirt go ndéanfar an méid dámhachtana (nó cuid de dhámhachtain) arna dhéanamh ag an mBord duit faoin Acht a íoc isteach sa Chúirt
Cláraitheoir * scrios mar is cuí |