Tá an Chúirt Achomhairc, a bunaíodh ar 28 Deireadh Fómhair 2014, ar shraith bhreithiúnach idir an Ard-Chúirt agus an Chúirt Uachtarach. Is é a príomhfheidhm achomhairc a éisteacht ón Ard-Chúirt, idir Shibhialta agus Choiriúil.

Dlínse na cúirte

Dála na nUaschúirteanna eile, is ón mBunreacht a thagann cuid de dhlínse na Cúirte Achomhairc agus cuid eile ó reachtaíocht. Tá d'údarás ag an gCúirt Achomhairc na hachomhairc seo a leanas a éisteacht:

A- Tá de dhlínse ag an gCúirt achomhairc a éisteacht in imeachtaí sibhialta ón Ard-Chúirt

(i) a d'éistfí sa Chúirt Uachtarach roimh an tríú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht.

(ii) Féadann an Chúirt achomhairc a éisteacht ó chásanna a éisteacht san Ard-Chúirt faoi cé acu atá nó nach bhfuil dlí bunreachtúil. Foráiltear sa Bhunreacht nach féidir aon dlí a achtú a chuireann srian ar dhlínse na Cúirte Achomhairc é seo a dhéanamh.

B- Faoin Acht um an gCúirt Achomhairc 2014, tugadh 'dlínse achomhairc' don Chúirt Achomhairc a d'fheidhmigh an Chúirt Achomhairc Choiriúil roimhe.

(i) Is faoin gCúirt Achomhairc anois atá achomhairc ag daoine a cúisíodh sa Chúirt Chuarda, sa Phríomh-Chúirt Choiriúil agus sa Chúirt Choiriúil Speisialta. Is faoin gCúirt Achomhairc fosta atá achomhairc i gcoinne déine pianbhreithe a dhaorann na cúirteanna seo.

(ii) Tugadh dlínse fosta don Chúirt achomhairc chun achomhairc de chuid Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí a éisteacht ar cheist dlí a éiríonn as trialacha coiriúla ar éigiontú an toradh atá uirthi.

C- Faoin Acht um an gCúirt Achomhairc 2014, tugadh dlínse achomhairc don Chúirt Achomhairc a d'fheidhmigh Cúirt Achomhairc na nArmchúirteanna roimhe.

(i) Cinntear an t-achomharc ar thaifead imeachtaí ag an armchúirt agus cumhacht chun fianaise nua nó bhreise a éisteacht nó aon ní atá le tuairisciú a atreorú chuig an uachtarán nó chuig abhcóide breithiúnais na n-armchúirteanna.

(ii) Má tá an t-achomharc ag cur i gcoinne an toraidh nó na pianbhreithe, féadann an chúirt an cinneadh a dheimhniú nó a fhreaschur go hiomlán, nó cuid de, nó triail nua a ordú nó an phianbhreith a athrú.

(iii) Má tá an t-achomharc teoranta do chinneadh nó do phianbhreith, tá an chúirt teoranta do phlé leis an ngnó is ábhar don achomharc.

(iv) Tá de chumhacht ag an gcúirt fosta cinneadh nó pianbhreith (ar ábhar achomhairc é roimhe) a athbhreithniú nuair is léir ó fhianaise nua go raibh iomrall ceartais ann.

Comhdhéanamh na cúirte

Uachtarán agus cúigear déag de ghnáthbhreithiúna atá sa Chúirt Achomhairc. Is breithiúna ex officio iad fosta de chuid na Cúirte Achomhairc An Príomh-Bhreitheamh agus Uachtarán na hArd-Chúirte.

Féadann foireann triúr breithiúna suí sa Chúirt. Féadann an tUachtarán ina (h)aonar nó breitheamh eile a ainmníonn an tUachtarán roinnt iarratais idirbhreitheacha agus ghnáthaimh a éisteacht.

Tá ceisteanna dlí a bhféadfadh an Chúirt Chuarda iad a atreorú roimhe seo chuig an gCúirt Uachtarach chun go gcinnfear iad ('cás sonraithe') insocraithe anois ag an Cúirt Achomhairc.

Achomhairc arna n-aistriú ón gCúirt Uachtarach chuig an gCúirt Achomhairc

I ndiaidh bhunú na Cúirte Achomhairc, threoraigh an Príomh-Bhreitheamh go n-éistfeadh agus go socródh an Chúirt Achomhairc achomhairc shainithe ar feitheamh sa Chúirt Uachtarach, a tionscnaíodh roimh lá a bunaithe agus nár éisteadh go hiomlán, ná cuid díobh, sa chúirt sin.

Tá tuilleadh eolais ar nósanna imeachta na cúirte agus ar thionscnamh cáis ach cliceáil anseo, click here i gcomhair cásanna sibhialta agus anseo here i gcomhair cásanna coiriúla.