Tá a gcóras cúirteanna féin ag gach tír, agus cuid acu nach bhfuil ar dhóigh ar bith cosúil leis an gcóras atá againn sa tír seo, ach is ionann an aidhm atá acu uile: a chinntiú go ndéantar an chóir. In Éirinn, tá dhá chineál cásanna cúirte ann: gníomhartha sibhialta agus ionchúisimh choiriúla. Sa dá chás, is faoin gcúirt atá sé a chinntiú go mbíonn toradh an cháis cothrom agus réasúnach.

Gníomhartha Sibhialta

Gníomhartha Sibhialta

Tógann daoine aonair gníomhartha i gcoinne daoine aonair eile nó i gcoinne eagraíochtaí. Is iondúil nach mbíonn aon pháirt ag an Stát ina leithéid de chásanna.

Áirítear leis na cineálacha seo cásanna éilimh ar dhíobháil phearsanta de thoradh timpistí trácht bhóthair, gníomhartha sárú conartha agus díospóidí faoi chearta slí nó cead pleanála.

Is minic gurb é an aidhm atá le héileamh sibhialta cúiteamh a iarraidh nó airgead fiachais a athfháil.

Ionchúisimh Choiriúla

Ionchúisimh Choiriúla

An stát a phléann le hionchúisimh choiriúla, trí Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí de ghnáth. Pléann siad le nithe mídhleathacha amhail dúnmharú, éigniú, gadaíocht agus robáil.

Is é aidhm an dlí choiriúil pionós a ghearradh, le téarma príosúnachta nó le fíneáil de ghnáth.

Breitheamh a shuíonn leis/léi féin a shocraíonn mionchásanna, amhail gníomhartha díobháil phearsanta nó cionta tráchta. Giúiré agus breitheamh, áfach, a thriaileann gach cion tromchúiseach coiriúil (agus roinnt cásanna sibhialta, amhail leabhal agus clúmhilleadh). Sna cásanna seo, treoróidh an breitheamh an giúiré ar ghnóthaí dleathacha agus ní mór don ghiúiré socrú ar na fíorais agus a mbreith a thabhairt.

Breathnaímis ar Conas a Oibríonn na Cúirteanna

Breathnaímis ar Conas a Oibríonn na Cúirteanna

In Éirinn, tá cúig chineál cúirteanna ar leith, a fheidhmíonn mar ordlathas, ag tosú leis an gCúirt Dúiche, Cúirt Chuarda, Ard-Chúirt, Cúirt Achomhairc agus Cúirt Uachtarach. Pléann gach cúirt le cineálacha sainiúla cásanna.

Tá róil ar leith ag cúirteanna eile, amhail an Chúirt Choiriúil Speisialta, ach feidhmíonn siad in éineacht leis na cúirteanna eile.

Cliceáil ar chúirt thíos chun tuilleadh eolais a fháil.

COIRIÚIL

SIBHIALTA

Cúirteanna eile in Éirinn

Cúirteanna eile in Éirinn

Cúirt na Leanaí

Féadann an Chúirt Dúiche leanbh nó duine óg a thriail as aon chion seachas dúnmharú. I gCorcaigh, Luimneach agus Port Láirge, pléann Cúirt Leanaí na Cúirte Dúiche le cionta i gcoinne leanaí faoi bhun 16 bliana d'aois ach amháin má bhíonn na cionta an-tromchúiseach nó má shíleann an breitheamh go bhfuil cúinsí ar leith ann. Is sna seomraí cúirte ina suíonn an Chúirt Dúiche de ghnáth a thionóltar Cúirt na Leanaí. I mBaile Átha Cliath, tá Cúirt Leanaí ar leith ann a shuíonn gach lá oibre. In ionaid eile, is minic a éistear cúisimh i gcoinne leanaí i limistéar eile ar fad, nó ar laethanta nó amanna difriúla agus tugtar Cúirt na nÓg uirthi.

Léigh tuilleadh faoi Chúirt na Leanaí

An Chúirt Cóireála Drugaí

Cúirt ar leith í an Chúirt Cóireála Drugaí i mBaile Átha Cliath a bhfuil d'aidhm aici cóireáil a thabhairt d'andúiligh drugaí in áit iad a chur i bpríosún. Pléann an Chúirt seo le ciontóirí neamhfhoréigneacha arb í an andúil seachas gnóthú airgid a spreagann a gcionta. Is é aidhm an chláir cóireáil fhadtéarmach faoi mhaoirseacht na cúirte a thabhairt do chiontóirí a mhí-úsáideann drugaí. Is é an bunphrionsabal, má phléitear leis an gcúis atá leis an gciontú, an andúil, baintear an gá atá le ciontú.

Léigh níos mó faoin gCúirt Cóireála Drugaí.