Eagraíocht í an tSeirbhís Chúirteanna a thacaíonn le Cártaí JAM anois 

Cá bhfaighidh mé Cárta JAM?

Cá bhfaighidh mé Cárta JAM?

Is féidir le húsáideoirí fón cliste aip an Cárta JAM a íoslódáil a chuireann ar a gcumas roghanna éagsúla taispeána a léiriú ar an scáileán lena n-áirítear ‘Tá uathachas orm’, ‘tá riocht orm’ agus ‘tharla gortú inchinne dom’.

Tá cártaí JAM ar fáil freisin in Oifigí Poiblí ar fud na Seirbhíse Cúirteanna, ag Cúirt Cróinéirí Bhaile Átha Cliath agus ag dhá láthair phíolótacha (Príosún Lár na Tíre agus Príosún an Chaisleáin Riabhaigh) agus beidh siad ar fáil ar fud Sheirbhís Phríosúin na hÉireann amach anseo.

Ba thionscadal comhoibríoch é seo leis an tSeirbhís Chúirteanna, Cúirt Cróinéirí Bhaile Átha Cliath agus Seirbhís Phríosúin na hÉireann agus maoiníodh é trí Chiste Nuálaíochta na Seirbhíse Poiblí 2021. Is sampla é an tionscadal seo de nuálaíocht atá dírithe ar shaoránaigh a chuirfidh le heispéireas iomlán an tsaoránaigh leis na seirbhísí poiblí.

Tuilleadh eolais ar Chártaí JAM agus Grúpa NOW:
Suíomh Gréasáin an Ghrúpa NOW 
Suíomh Gréasáin an Cárta Jam 
Chun cárta JAM a iarradh

Cárta JAM

Cárta JAM

Cad is Cárta JAM ann?

Tugann Cárta JAM deis do dhaoine a bhfuil deacracht foghlama acu, uathachas nó aon bhac cumarsáide acu a rá le daoine eile go discréideach agus go héasca go bhfuil ‘Nóiméad amháin’  riachtanach dóibh. Is minic a bhíonn drogall ar dhaoine a bhfuil bacainní cumarsáide acu, nó nach mbíonn siad in ann, a rá le daoine eile go bhfuil níos mó foighne agus spáis uathu i gcás ar leith. Ligeann Cárta JAM dó seo tarlú ar bhealach simplí, éifeachtach neamhbhriathartha.