Tá an tSeirbhís Chúirteanna tiomanta d'eispéireas cothrom, inrochtana agus measúil a sholáthar do gach duine a idirghníomhaíonn linn. Is é ár gcuspóir tacú le húsáideoirí cúirte le faisnéis shoiléir, cúnamh cúirtéiseach, agus timpeallacht shábháilte do chách. Is féidir leat níos mó a fhoghlaim faoinár gcur chuige maidir le tacú le húsáideoirí cúirte agus faoin gcaoi a n-oibrímid chun ardchaighdeáin cháilíochta agus seirbhíse a chaomhnú thíos.
- Cairt Custaiméirí
Tugann ár gcairt chustaiméirí breac-chuntas ar na caighdeáin ar féidir leat a bheith ag súil leo agus tú ag idirghníomhú linn
- Tugaimis meas dá chéile
Foghlaim faoinár bhfeachtas a bhfuil sé mar aidhm leis timpeallacht shábháilte mheasúil a chinntiú do gach úsáideoir cúirte
- Moladh, Barúlacha agus Gearáin
Ba mhaith linn do chuid aiseolais a chloisteáil, idir mhaith agus olc, chun cabhrú linn ár seirbhís a fheabhsú.
- Plean Gníomhaíochta um Eispéireas Custaiméirí
Mínítear sa Phlean Gníomhaíochta seo na céimeanna a ghlacfaidh an tSeirbhís Chúirteanna chun eispéireas úsáideoirí cúirte a fheabhsú. Díríonn sé ar chumarsáid shoiléir, inrochtaineacht, seirbhís mheasúil agus feabhsú leanúnach.