Ba mhaith linn cloisteáil uait
Cibé an raibh taithí dhearfach agat nó an raibh fadhb agat, cuidíonn d’aiseolas linn feabhas a chur ar ár seirbhísí.
1. Moladh agus Barúlacha
Cuir in iúl dúinn cad atá á dhéanamh againn go maith:
- Líon isteach ár bhFoirm Barúlacha do Chustaiméirí Ar Líne
- Cuir ríomhphost chugainn go díreach: ccco@courts.ie
2. Gearáin
Má tá ár seirbhís tar éis titim as do chuid ionchais, ba mhaith linn rudaí a chur ina gceart. Ar an gcéad dul síos, is féidir leat teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an oifig chúirte ábhartha. Déanfaidh siad iarracht an fhadhb a réiteach go pras.
Sula ndéanann tú gearán, bí ar an eolas faoin méid is féidir agus nach féidir leis an tSeirbhís Chúirteanna cabhrú le:
- Aiseolas ar ár seirbhís do chustaiméirí
- Saincheisteanna a bhaineann le rochtain ar sheirbhísí nó ar fhaisnéis
- Ábhair imní faoin gcaoi ar láimhseáil muid do chás (gan cinntí dlíthiúla nó breithiúnacha a áireamh)
- Cinntí cúirte nó stiúradh cáis – Tá siad sin faoi údarás eisiach na mbreithiúna agus ní féidir leis an tSeirbhís Chúirteanna iad a athbhreithniú ná a athrú.
- Cinntí garbhreithiúnacha – Ní mór achomharc a dhéanamh trí na cúirteanna ar chinntí ó oifigigh amhail Cláraitheoirí Contae, Máistir na hArd-Chúirte, agus Breithneoirí Costas Dlí.
- Gearáin faoi ghairmithe dlí – Ba cheart iad sin a dhíriú chuig an gcomhlacht rialála gairmiúil ábhartha.
Tá dhá phróiseas éagsúla ann, ag brath ar an gcineál gearáin is mian leat a dhéanamh. Roghnaigh an rogha ábhartha thíos: