Is é ról na Seirbhíse Cúirteanna na cúirteanna a bhainistiú agus tacú leo ar fud na tíre, ag cinntiú gur féidir le gach duine rochtain a fháil ar an gcóras ar bhealach atá cothrom, cabhrach, measúil agus soiléir.
Sa Chairt seo, leagaimid amach ár ngealltanais duit agus na caighdeáin seirbhíse a bhfuil sé mar aidhm againn iad a bhaint amach
Maidir le do thaobh féin, iarraimid ort caitheamh lenár bhfoireann agus lenár seirbhísí leis an meas céanna, teagmháil a dhéanamh linn go hionraic agus go cúirtéiseach, agus aon eolas a theastaíonn uainn a chur ar fáil chun cabhrú leat go héifeachtach.
- Meas, Comhionannas agus Cothroime
Déileálfar leat le meas, is cuma cén staid phearsanta nó cúlra atá agat.
- Eolas soiléir agus inrochtana
Beidh tú in ann an t-eolas a theastaíonn uait faoin gcóras cúirte a fháil go héasca.
- Freagra simplí ar cheisteanna
Déileálfar leat go béasach agus freagrófar do chuid ceisteanna go tapa.
- Tacaíocht le Rochtain ar Chúirteanna
Beidh rochtain agat ar áiseanna cúirte tríd do thuras ar fad. Beidh cúnamh breise ar fáil dóibh siúd a bhfuil riachtanais bhreise acu.
- Éist, Foghlaim agus Feabhsaigh
Éistfimid go cúramach le d'aiseolas agus déanfaimid athruithe chun ár seirbhís a fheabhsú.