D’fhoilsigh an tSeirbhís Chúirteanna na dátaí don Chúirt Bhliantúil Ceadúnaithe 2026 i ngach ceantar Cúirte Dúiche lena n-áirítear Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath.
De ghnáth tionóltar na cúirteanna bliantúla um cheadúnú i mí Mheán Fómhair, agus bíonn roinnt suíonna i mBaile Átha Cliath ar siúl go luath i mí Dheireadh Fómhair. Déileálann siad le ceadúnais agus teastais a ghabhann le tithe tábhairne, clubanna, óstáin agus bialanna, lena n-áirítear teastais chlub, ceadúnais rince phoiblí, ceadúnais cheoil agus amhránaíochta agus teastais bhialainne.Cuirfear tús leis an mbliain cheadúnúcháin nua an 1 Deireadh Fómhair 2026.
Féach na dátaí uile don Chúirt Bhliantúil Ceadúnaithe le haghaidh 2026
schedule Príomh-spriocdhátaí
- Tá an teorainn ama chun iarratas a dhéanamh ag braith ar an gcinéal iarratais atá i gceist. Ní mór roinnt iarratas a chur isteadh ar a laghad 21 lá roimh dháta na cúirte agus cinn eile ar a laghad 28 lá roimh an dáta. Déan an leathanach iarratais ábhartha a sheiceáil chun an amlíne cheart a fháil.
- D’fhéadfadh fógraí nuachtáin, fógraí ó oifigigh dóiteáin agus fógraí HSE a bheith ag teastáil freisin. Déanann an leathanach iarratais ábhartha na riachtanaisí fógra agus na spriocdhátaí a bhaineann leo a mhíniú.
- Ní mór doiciméid tacaíochta, ar a dtugtar cruthúnais air uaireanta, a chur faoi bhráid na hoifige cúirte ábhartha roimh dháta na cúirte.
Moltar go láidir an t-ullmhúchán a dhéanamh comh luath agus is féidir. Féadfar iarratais nach bhfuil in ord a chur ar atráth go dtí suí tuairisceáin.
Conas iarratas a dhéanamh
Is féidir le gnólachtaí dlí iarratais bhliantúla ar cheadúnú a thaisceadh, a íoc, a sheirbheáil agus a rianú ar line tríd an tSeirbhís Chúirteanna ar line (CSOL). Is féidir le gnólachtaí nach bhfuil cláraithe go fóill eolas a fháil faoi conas is féidir leo clárú.
Is féidir le baill den phobal iarratas a dhéanamh tríd an bpost nó trína n-oifig chúirte áitiúil, trí leas a bhaint as na foirmeacha atá ar fáil ar an leathanach iarratais ábhartha.
Breis eolas a fháil
Roghnaigh an t-iarratas ábhartha thíos chun a fháil amach cathain is gá é a thaisceadh, cad iad na foirmeacha atá le comhlánú agus cad iad na doiciméid tacaíochta nó na cruthunais a bhfuil de dhíth ort.
- Dátaí na Cúirte Bliantúla Ceadúnaithe 2026 – dátaí le haghaidh gach dúiche
- An Chúirt Bhliantúil Ceadúnaithe 2026 – conas a oibríonn an chúirt agus conas ullmhúchán a dhéanamh
- Athnuachan deimhnithe club
- Ceadúnas rince phoiblí bliantúil