Ordaímse, Keenan Johnson, Uachtarán na Cúirte Cuarda, de bhun na gcumhachtaí a dílsíodh dom le hAlt 10 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1947, agus trí chumhachtaí eile a bronnadh orm, agus tar éis dul i gcomhairle le buanbhreithiúna Chuaird Bhaile Átha Cliath, Chuaird Chorcaí, Chuaird an Iarthair, Chuaird an Oirthir, Chuaird an Tuaiscirt, Chuaird an Oirdheiscirt; Chuaird an Iardheiscirt, leis seo an méid seo a leanas:
- Go ndéanfar na cásanna atá liostaithe lena n-éisteacht amárach Céadaoin, 14 Deireadh Fómhair 2026 sna Cuarda i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, an tIarthar, an tOirthear, an Tuaisceart, an tOirdheisceart, an tIardheiscirt agus nach bhfuil curtha ar atráth cheana féin roimh 12 meán lae inniu, a chur ar atráth go dtí Déardaoin, 15 Deireadh Fómhair 2026 lena n-éisteacht nó go dtí cibé dáta eile a mheastar a bheith níos áisiúla.
- Go bhfoilseofar an tOrdú seo a luaithe is féidir ar www.courts.ie
Arna dhátú an 13ú lá de Dheireadh Fómhair 2026
Keenan Johnson
Uachtarán na Cúirte Cuard