Back
Contae Cheatharlach - Fógra maidir le hAchomhairc an Chláir Toghthóirí
Wednesday 07th February 2024
Fógra maidir le hAchomhairc an Chláir Toghthóirí
Contae Cheatharlach
An Bille um an Naoú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (An Teaghlach), 2023
An Bille um an Daicheadú Leasú ar an mBunreacht (Cúram), 2023
Lá na Vótaíochta Dé hAoine 8 Márta 2024
TUGAIM FÓGRA DUIT LEIS SEO:
- Is é an dáta is déanaí chun Achomhairc a fháil i leith an Chláir Toghthóirí i gContae Cheatharlach roimh an 39ú agus an 40ú Reifreann ar an mBunreacht ná Déardaoin 22 Feabhra 2024.
- Éistfidh Cláraitheoir Contae Chúirt Chuarda Cheatharlach, ina suí ag Teach Cúirte, Plás Cúirte, Ceatharlach, R93 W0H2, le gach Achomharc den sórt sin, agus ba chóir iad a sheoladh tríd an bpost nó trí sheachadadh pearsanta chuig an seoladh sin.
- Ní bhreithneoidh an Cláraitheoir Contae aon Achomhairc a gheofar tar éis an dáta dheireanaigh go dtí tar éis Lá na Vótaíochta do na Reifrinn thuas.
Arna dhátú an 6ú lá seo de mhí Feabhra 2024.
Sínithe:
Eithne Coughlan
Cláraitheoir Contae
Cúirt Chuarda Cheatharlach
An tAcht Toghcháin 1992: Sceideal 2, Riail 39
Arna chur isteach le hAlt 106 (j) den Acht um Athchóiriú Toghcháin 2022)