Conas d’iarratas a chur isteach ar an gCláraitheoir um Éilimh Bheaga
Agus éileamh á dhéanamh (i.e. is tú an t-éilitheoir), ní mór duit a bheith cinnte d’ainm agus de sheoladh an duine nó an chomhlachta a bhfuil tú ag iarraidh éileamh a dhéanamh ina aghaidh (an freagróir). Ní mór do na sonraí a bheith cruinn le gur féidir aon ordú cúirte (breithiúnas) a chur i bhfeidhm.
Sa chás gur comhlacht atá sa Fhreagróir, seachas duine aonair, tá sé tábhachtach go bhfaigheann tú teideal ceart an chomhlachta. Is féidir an teideal seo a fháil ón Oifig um Chlárú Cuideachtaí nó 01 804 5200 / LoCall 0818 452 000.
Má tá cónaí ar pháirtí i dtír eile san AE, ba chóir duit an Nós Imeachta Eorpach um Éilimh Bheaga a úsáid.
Iarratas a dhéanamh ar líne
Chun iarratas a dhéanamh ar líne, beidh ort cuntas a chlárú ar chóras na Seirbhíse Cúirteanna ar Líne (CSOL). Beidh tú in ann súil a choinneáil ar dhul chun cinn an éilimh ar CSOL.
Beidh seoladh ríomhphoist agus cárta creidmheasa/dochair ag teastáil uait chun táille iarratais €25 a íoc.
Cliceáil chun Iarratas a Dhéanamh ar Líne
Iarratas a dhéanamh de láimh
Beidh ort teagmháil a dhéanamh le hOifig na Cúirte Dúiche sa cheantar:
- ina bhfuil an freagróir ina chónaí nó ina ndéanann sé/sí gnó, nó
- ina ndearnadh an conradh, nó
- i gcás damáiste do réadmhaoin, an ceantar ina ndearnadh an damáiste.
Cuirfidh an Cláraitheoir um Éilimh Bheaga an fhoirm iarratais ar fáil duit nó is féidir leat foirm iarratais na n-éileamh beag a íoslódáil anseo
Ba chóir an fhoirm iarratais chomhlánaithe agus an táille a lóisteáil leis an gCláraitheoir um Éilimh Bheaga sa cheantar cuí.
Nóta: glactar le seiceanna le seic-chárta. Is féidir modhanna eile íocaíochta a úsáid freisin, amhail ordú poist, dréacht bainc nó litir ó aturnae. Déan seiceanna, orduithe poist, dréachtaí bainc iníoctha leis ‘an tSeirbhís Chúirteanna’.
Más freagróir thú, is féidir leat teacht ar na foirmeacha chun dliteanas a ghlacadh nó easaontú le dliteanas.
Seo thíos naisc le sonraí teagmhála oifigí éagsúla na Cúirte Dúiche:
Baile Átha Luain
Béal an Átha
Bré
Ceatharlach
Charraig na Sionainne
Caisleán an Bharraigh
An Cabhán
Cloich na Coillte
Cluain Meala
Corcaigh
Dún na nGall
Baile Átha Cliath
Dún Dealgan
Dún Laoghaire
Inis
Gaillimh
Cill Chainnigh
Leitir Ceanainn
Luimneach
An Longfort
Baile Locha Riach
Mhala
Muineachán
Am Muileann gCearr
An Nás
An tAonach
Port Laoise
Ros Comáin
Sligeach
Sord
Trá Lí
Baile Átha Troim
Tulach Mhór
Port Láirge
Loch Garman