Cad is féidir leat a bheith ag súil leis:
Déileálfar leat le meas, is cuma cén staid phearsanta nó cúlra atá agat.
Cad a dhéanfaimid:
- Beimid dea-bhéasach, measúil agus gairmiúil. Caithfear go cothrom le gach duine, is cuma cén inscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, aois, míchumas, gnéaschlaonadh, cine, reiligiún, nó duine den Lucht Siúil.
- Coinneoimid do chuid eolais pearsanta príobháideach agus sábháilte.
Cad a iarraimid ort:
- Caith lenár bhfoireann agus le custaiméirí eile go béasach agus le meas.
- Bí ar an eolas nach nglacaimid le haon chineál drochíde fisiciúla nó drochíde ó bhéal nó bagairtí ar an bhfoireann nó ar chustaiméirí eile.
- Taispeáin an meas céanna le do thoil agus tú i mbun teagmhála linn ar an bhfón, ar ríomhphost, ar na meáin shóisialta, nó ar aon chainéal eile.
Cad is féidir leat a bheith ag súil leis:
Beidh tú in ann an t-eolas a theastaíonn uait faoin gcóras cúirte a fháil go héasca.
Cad a dhéanfaimid:
- Beidh sé mar aidhm againn eolas soiléir, cothrom le dáta a chur ar fáil i dteanga simplí trí courts.ie nó tríd ár bhfoireann.
- Cuirfimid eolas ar fáil maidir le próisis chúirte agus treoróimid tú chuig na seirbhísí tacaíochta atá ar fáil.
- Cuirfimid foirmeacha iarratais agus gach ábhar eile ar fáil i nGaeilge ar iarratas.
Cad a iarraimid ort:
Tabhair faoi deara le do thoil nach féidir lenár bhfoireann comhairle dlí a thabhairt. Tabhair cuairt ar ár leathanach seirbhísí tacaíochta áit ar féidir leat eolas a fháil faoi cá háit le comhairle dlí a fháil, agus eolas faoi sheirbhísí tacaíochta eile a d'fhéadfadh cabhrú leat.
Tuilleadh eolais:
Más mian leat ár seirbhísí Gaeilge a úsáid, seol ríomhphost chuig: [email protected]
Cad is féidir leat a bheith ag súil leis:
Déileálfar leat go béasach agus freagrófar do chuid ceisteanna chomh tapa agus is féidir.
Cad a dhéanfaimid:
- Déanfaimid ár ndícheall chun freagraí soiléire a thabhairt ar do chuid ceisteanna.
- Beidh sé mar aidhm againn do ghlaonna teileafóin a fhreagairt go tapa, agus inseoidh an fhoireann a n-ainm duit.
- Tabharfaimid freagra ar ríomhphoist a luaithe is féidir.
- Tabharfaimid freagra ar litreacha laistigh de 15 lá.
- Déanfaimid iarracht do phríobháideachas a chosaint le linn comhráite aghaidh ar aghaidh.
Cad a iarraimid ort:
- Tabhair dúinn an t-eolas go léir a iarraimid, amhail uimhreacha tagartha nó doiciméid, ionas gur féidir linn cabhrú leat le do cheist.
- Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil sé de cheart ag ár bhfoireann deireadh a chur le comhrá má bhraitheann siad go bhfuil siad féin, nó custaiméirí eile, faoi bhagairt go fisiciúil nó go síceolaíoch.
Cad is féidir leat a bheith ag súil leis:
Beidh rochtain agat ar áiseanna cúirte tríd do thuras ar fad. Beidh cúnamh breise ar fáil dóibh siúd a bhfuil riachtanais bhreise acu.
Cad a dhéanfaimid:
- Déanfaimid do dhoiciméid chúirte a láimhseáil agus a phróiseáil go tapa nuair a fhaightear iad.
- Coinneoimid foirgnimh chúirte lena chinntiú go bhfuil siad sábháilte agus glan.
- Beidh sé mar aidhm againn tacaíocht agus áiseanna a chur ar fáil d'aon duine a bhfuil riachtanais bhreise acu.
Cad a iarraimid ort:
- Líon amach, le do thoil, aon cháipéisíocht riachtanach chomh cruinn agus is féidir sula dtagann tú chuig oifig na Cúirte.
- Ná déan taifeadadh, scannánú ná grianghrafadóireacht laistigh dár bhfoirgnimh
- Lean agus cloígh le haon socruithe slándála áitiúla in oifigí nuair a thagann tú.
Tuilleadh eolais:
- Is féidir leat teacht ar eolas ar áiseanna tríd an leathanach teacht orainn ar courts.ie.
- Má theastaíonn aon chabhair bhreise uait maidir le hinrochtaineacht, inis d'fhoireann na hoifige cúirte áitiúla roimh ré, le do thoil, ionas gur féidir linn na socruithe cearta a dhéanamh duit.
Cad is féidir leat a bheith ag súil leis:
Éistfimid go cúramach le d'aiseolas agus déanfaimid athruithe chun ár seirbhís a fheabhsú.
Cad a dhéanfaimid:
- Táimid tiomanta d'fheabhsú leanúnach trí oiliúint foirne, infheistíocht sa teicneolaíocht, agus próisis níos fearr a dhearadh.
- Oibreoimid go dlúth le húsáideoirí cúirte, le grúpaí pobail agus le gníomhaireachtaí eile chun ár seirbhísí a fheabhsú do chách.
- Táimid ag obair i dtreo caighdeán comhsheasmhach seirbhíse a chinntiú ar fud ár n-oifigí go léir, ionas go bhfaighidh tú an taithí den chaighdeán céanna cibé áit a dtéann tú.
Cad a iarraimid ort:
- Ba mhaith linn do chuid smaointe a chloisteáil chun cabhrú linn feabhsú. Roinn tuairimí, moltaí nó gearáin le do thoil trí d'oifig chúirte áitiúil.
- Nó is féidir leat ár bhfoirm ar líne a líonadh. Líon amach ár bhfoirm ar líne le haghaidh seirbhís do chustaiméirí nó seol ríomhphost chuig [email protected].