Leirítear i dTuarascáil Bhliaintúil na Seirbhíse Cúirteanna do 2025, a foilsíodh an 13 Iúil 2026, córas cúirteanna a d’fhan thar a bheith gnóthach agus a lean de sheirbhísí d’úsáideoirí cúirte a nuachóiriú agus a fheabhsú ag an am céanna.
Is í an tuarascáil an pointe leath bealaigh de Chlár Nuachóirithe deich mbliana na Seirbhíse Cúirteanna. Leagtar béim ar dhul chun cinn mór i seirbhísí digiteacha, ar bhainistiú cásanna feabhsaithe, ar úsáid níos fearr sonraí, agus ar rochtain mhéadaithe ar theicneolaíocht ar fud na gcúirteanna.

Léigh Tuarascáil Bhliantúil 2025
Féach ar an bhfíseán Buaicphointí i dTuarascáil Bhliantúil 2025
Buaicphointí Staidrimh ó 2025
Léirítear sa tuarascáil:
- Cuireadh 379,262 ábhar nua coiriúil faoi bhráid na gcúirteanna.
- Réitíodh 337,416 ábhar coiriúil.
- Thug na cúirteanna 150,766 cás sibhialta chun críche i rith na bliana.
- Tá 173 seomra cúirte cumasaithe ag an teicneolaíocht anois.
- Rinne an Chúirt Dúiche 1,839 Ordú um Athoiliúint Shibhialta le linn na chéad bliana iomláine den reachtaíocht nua.
- Méadú 8% ar chásanna drugaí sa Chúirt Dúiche bliain i ndiaidh bliana.
- Tá 58% de na 444 bpianbhreith a gearradh as Éigniú (lena n-áirítear iarracht ar éigniú) idir deich mbliana agus príosúnacht saoil.
- Bhí 500 ball foirne cúirte ag baint úsáid as an gCóras Bainistithe Cásanna Aontaithe (UCMS) nua thar 7 réimse oibre.
Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, Jim O'Callaghan:
"I wish to commend the Courts Service today, for its excellent work throughout this past year and unwavering commitment to ensure the smooth running of our courts across the country.
I am committed to ensuring adequate resources for the Courts Service, so that it can support the judiciary and provide an excellent service to all users of the courts.
The Judicial Planning Working Group was established to consider the number and type of judges required to ensure the efficient administration of justice over the next five years. This led to the appointment of an historic 24 additional judges in 2023.
The Courts and Civil Law (Miscellaneous Provisions) Act 2025 was enacted in January 2026 and provides for a further additional 21 judges spread across the various courts. This marks an approximate 25% increase in judicial numbers since 2023.
This year we mark the centenary of the Court Officers Act 1926. To this Act we owe the established, modern administrative framework of our courts system, defining the roles and functions of the judiciary. Ireland's long-standing reputation for judicial independence and rule of law has been a defining strength of our court system and an important source of stability.
Last year marked the half-way point for the Courts Service ten-year Modernisation Programme and new models of work have been advanced across its administrative system. By embracing new technologies and investing in court administration the judiciary can continue to deliver justice effectively."
Dúirt Cathaoirleach bhord na Seirbhíse Cúirteanna, an Breitheamh Aileen Donnelly agus í ag labhairt ar phatrún d’uimhreacha cásanna cúirte atá ag síorathrú;
“This is often as a result of changes in legislation, policing activity by An Garda Síochána and the myriad of organisations who investigate/prosecute various legislation and regulations. It can also reflect changed attitudes and activity in society as a whole”
Léirigh sí go léirítear sa tuarascáil gur tháinig méadú 8% bliain ar bhliain ar chásanna drugaí nach bhfuil chomh tromchúiseach céanna sa Chúirt Dúiche, rud a mhéadaigh ualach oibre na dlínse sin.
Dúirt sí,
“It should be noted that Road Traffic offences show a 22% reduction over seven years. It might well reflect a change in attitudes amongst the driving public to road safety, and compliance with rules of the road, as increased awareness campaigns and enforcement have taken affect.”
Dúirt sí freisin,
“new sexual offences show an increase of 13.6% over two years, perhaps reflecting a greater level of reporting and follow up of these crimes”.
Cuireann Príomhfheidhmeannach na Seirbhíse Cúirteanna béim ar chlaochlú agus feabhsuithe seirbhíse
Dúirt Príomhfheidhmeannach na Seirbhíse Cúirteanna, Angela Denning, gurb í 2025 an bhliain nuair a thosaigh torthaí infheicthe ag baint le hinfheistíocht sa Chlár Nuachóirithe.
‘‘By the end of 2025, the Courts Service had reached the midpoint of our ten-year Modernisation Programme. While much of the work undertaken between 2021 and 2024 focused on building capability, strengthening resources and laying the foundations for change, 2025 was the year in which we began to see that investment translate into tangible results. ’’
Leag sí béim ar an méadú atá ag teacht ar an úsáid a bhaintear as an gCóras Bainistithe Cásanna Aontaithe, córas atá ag teacht in ionad thart ar 150 córas teicneolaíochta faisnéise oidhreachta agus lena gcuirtear ardán digiteach aonair ar fáil le haghaidh oibríochtaí cúirte, comhdú ar líne agus rochtain fheabhsaithe ar fhaisnéis.
Chomh maith leis sin, chuir an tSeirbhís Chúirteanna i gcrích feidhmiú céimneach Thairseach na gCúirteanna do chomhdú dhlí teaghlaigh na Cúirte Cuarda agus sheol sí seirbhís phíolótach lenar féidir iarratais phrobháide a chur isteach ar líne.
Tacaíocht a thabhairt d’úsáideoirí cúirte
Leagtar béim sa tuarascáil ar réimse tionscnamh atá ceaptha chun seirbhísí cúirte a dhéanamh níos éasca le húsáid.
In 2025, thug an tSeirbhís Chúirteanna sraith nua foirmeacha dlí teaghlaigh Cúirte Dúiche isteach a scríobhadh i dteanga shimplí agus a dearadh le hinrochtaineacht. Laghdaigh na hathchóirithe 37 bhfoirm go 7 bhfoirm chaighdeánaithe le húsáid ar fud na tíre.
Chomh maith leis sin, rinne an tSeirbhís Chúirteanna uasghrádú mór ar courts.ie. Bhain an láithreán gréasáin scór inrochtaineachta 100% amach ón Údáras Náisiúnta Míchumais, rud a fhágann gurb é an chéad mhóreagraíocht náisiúnta seirbhíse poiblí a bhain an caighdeán sin amach.
Athruithe sa tsochaí a léiriú
Léirítear sa tuarascáil conas a leanann éileamh cúirte d’athruithe níos leithne sa tsochaí a léiriú.
Tháinig méadú 8% ar chásanna drugaí na Cúirte Dúiche i rith na bliana, agus tháinig méadú 11% ar chásanna Oird Phoiblí agus ionsaithe thar 2 bhliain. Tháinig méadú leanúnach ar iarratais faoin reachtaíocht maidir le foréigean teaghlaigh, méadú 34% ó 2019.
Taifeadtar sa tuarscáil freisin méadú 35% ar chásanna athbhreithnithe bhreithiúnaigh tearmainn, inimirce agus saoránachta san Ard-Chúirt le linn 2025. Chabhraigh suíonna breithiúnacha breise le tréimhsí feithimh cobhsaí a choinneáil in ainneoin an mhéadaithe ar an ualach oibre.
Orduithe Srianta Sibhialta
Dúirt Denning
“One example of the system adapting to significant change was the first full year of operation of the Civil Orders against Relevant Conduct legislation, commonly known as Civil Restraining Orders.
During 2025, the District Court made 1,839 such orders. While often associated with stalking or harassment, the legislation has a much broader application, covering issues such as neighbour disputes, certain family-related matters outside domestic violence legislation, and cases involving bullying.
As with any new and complex area of law, challenges emerged as court users, legal professionals, judges and court staff became familiar with the legislation. The volume of applications has placed considerable demands on already busy District Courts. In response, we initiated a review of processes and supporting information towards the end of the year, with the aim of improving the experience for all those involved”.
Ag féachaint chun cinn
De réir mar a théann an Clár don Nuachóiriú isteach sa dara leath, léirítear sa tuarascáil infheistíocht leanúnach i seirbhísí digiteacha, rochtain fheabhsaithe ar fhaisnéis agus bealaí oibre níos éifeachtúla.
Dúirt Denning:
"Having reached the halfway point of our Modernisation Programme, we are now entering the phase where many of the long-term benefits will become increasingly visible. We look forward to continuing this work together as we build a courts system that is more accessible, more efficient and better equipped to meet the needs of the future."
Soláthraítear faisnéis mhionsonraithe sa Tuarascail Bhliantúil iomlán maidir le gníomhaíocht chúirte, tionscadail nuachóirithe agus feidhmíocht ar fud na ndlínsí uile le linn 2025.
Uimhreacha Cásanna Coiriúla – cásanna a dhiúscairt agus a réiteach ar bhealach níos fearr ar fud an chórais.
Cuireadh 379,262 cás nua coiriúil faoi bhráid na gCúirteanna anuraidh i gcomparáid leis na 390,158 cásanna nua in 2024. Réitíodh 337,416 ábhar coiriúil.
Tháinig méadú mór ar Chásanna Coireachta Tromchúisí thar thréimhse trí bliana. Tháinig laghdú beag ar líon na gcionta nua coireachta níos tromchúisí go 21,571 anuraidh, laghdú beag ó 22,822 in 2024, ach tá sé fós suas ó 19,569 gcion in 2023.
Thug na cúirteanna 29,611 chás a bhaineann le cionta tromchúiseacha chun críche anuraidh - méadú ó 27,821 chás in 2024; 26,486 in 2023; agus 24,242 in 2022 - rud a léiríonn go gur chuir na cúirteanna clabhsúr ar 22% de chásanna níos tromchúisí anuraidh agus gur dhéileáil siad leo i gcomparáid le trí bliana ó shin.
An Chúirt Achomhairc
Bhí 341 achomharc coiriúil nua ag an gCúirt Achomhairc anuraidh – méadú ó 308 in 2023. Rinne an Chúirt 269 n-achomharc a dhiúscairt i leith 2,014 chion (304 achomharc i leith 1,847 gcion in 2023).
An Phríomh‑Chúirt Choiriúil
Sa Phríomh‑Chúirt Choiriúil, le breithiúna breise ó chur chun feidhme moltaí na Meithle um Pleanáil Bhreithiúnach, tá an ráta diúscartha do chásanna méadaithe faoi dhó le cúig bliana anuas.
Thug an chúirt Prótacal d'Ógánaigh isteach freisin, a laghdaigh amanna feithimh do chásanna ó fiche seachtain go ocht le linn a chéad bhliain ag feidhmiú. Rinneadh 65 cásanna a bhain le mionaoisigh a rianú go tapa. Breis eolais faoi seo ag teastáil.
Pianbhreitheanna i gCásanna Éignithe
Chonaic an Phríomh‑Chúirt Choiriúil ‑ a dhéileálann den chuid is mó le cásanna dúnmharaithe, iarrachta dúnmharaithe agus éignithe - trialacha a bhain le 1,149 chion a bhain le 509 chosantóir in 2024.
Bhain 2,506 cion a bhain le 476 chosantóir le cásanna nua a fuarthas.
Tugadh 444 phianbhreith mar gheall ar Éigniú (lena n-áirítear iarracht éigniú) anuraidh sa Phríomh‑Chúirt Choiriúil. Bhí 261 bpianbhreith phríosúin ann, 169 phianbhreith phríosúin eile curtha ar fionraí go páirteach agus 14 ordú coinneála d’ógánaigh.
As na 444 phianbhreith d'Éigniú, fuair 9 pianbhreith saoil, fuair 259 níos mó ná 10 mbliana príosúnachta, 123 idir 5‑10 mbliana, 58 idir 2‑5 bliana.
Bhí 463 phianbhreith phríosúin eile ann mar gheall ar chionta gnéasacha eile, 51 bpianbhreith phríosúin a cuireadh ar fionraí go páirteach, 2 ordú coinneála a cuireadh ar fionraí go hiomlán agus 17 ordú coinneála d’ógánaigh.
Tá 58% de na 444 bpianbhreith a gearradh as Éigniú (lena n‑áirítear iarracht ar éigniú) idir deich mbliana agus príosúnacht saoil.
An Chúirt Choiriúil Chuarda:
Sa Chúirt Choiriúil Chuarda tá dul chun cinn dearfach á dhéanamh chun laghdú 18% a dhéanamh ar líon na gcásanna atá idir lámha le cúig bliana anuas, fiú le líon ard cásanna nua ag teacht isteach.
- D'eisigh an Chúirt Chuarda 16,068 bpianbhreith i leith coireacht níos tromchúisí anuraidh, suas ó 14,002 an bhliain roimhe sin: áiríodh leis sin 4,235 phianbhreith príosúnachta, 2,236 phianbhreith phríosúin ar fionraí, 593 ordú promhaidh, 198 ordú seirbhíse pobail, 3,833 banna chun an tsíocháin a choinneáil.
- Chuir an Chúirt Dúiche 19,047 cion níos tromchúisí a bhain le 6,784 cosantóir chuig an gCúirt Chuarda anuraidh. D’eascair sé sin as na 16,875 chion níos tromchúisí a seoladh chuig an gCúirt Chuarda in 2023, a raibh 6,271 chosantóir páirteach iontu. Méadú 13% thar thréimhse dhá bhliain.
- As na cásanna ar réitíodh iad ag an gCúirt Chuarda fuair 14,713 cion pléadáil chiontach, ciontaíodh 1,068 duine tar éis trialach le 571 éigiontú (chomh maith le torthaí eile).
An Chúirt Dúiche
Sa Chúirt Dúiche tháinig laghdú 7% ar líon iomlán na gcionta a liostaítear, ag an am céanna tháinig laghdú 4% ar líon na n‑áthráthanna.
- B'ionann drugaí agus 30,018 gcás nua a tháinig os comhair na Cúirte Dúiche anuraidh, i gcomparáid le 27,783 chás in 2024. Léiríonn sé seo méadú 8% bliain ar bhliain.
- Tháing líon iomlán na gcásanna gadaíochta / calaoise agus robála go 38,219 anuraidh, laghdú ó 39,038 gcás nua in 2024, ach méadú ó 33,849 gcás nua in 2023. Is méadú 13% é seo thar dhá bhliain.
- Ba é 48,537 líon iomlán na gcásanna oird phoiblí agus ionsaithe anuraidh, suas ó 47,956 in 2024, agus 43,750 cás nua in 2023. Léiríonn sé seo méadú 11% thar dhá bhliain.
- B'ionann cionta Tráchta ar Bhóithre agus 175,328 gcás nua in 2025, síos ó 185,578 in 2024, agus beagán suas ó 170,839 in 2023. Tá laghdú ar na huimhreacha ó 226,000 in 2019 thar seacht mbliana ‑ laghdú beagnach 22%.
- Fuaireadh 3,648 gcion gnéasach nua sa Chúirt Dúiche anuraidh - beagnach mar an gcéanna leis an 3,650 in 2024 ‑ ach tháinig méadú 13.6% orthu thar dhá bhliain ó 3,211 an bhliain roimhe sin.
- Cúisíodh ógánaigh os comhair na Cúirte Dúiche i ndáil le 574 ábhar drugaí, 1,070 gadaíocht, 651 ábhar oird phoiblí (síos ó 756 in 2024) agus 853 ábhar tráchta ar bhóithre (síos ó 1,048 in 2024). Thit cúisimh ógánach a bhaineann leis an ord poiblí 14% bliain ar bhliain agus tháinig laghdú 18.6% ar na cúisimh a bhaineann le cúrsaí tráchta ar bhóithre.
Staitisticí na Cúirte Sibhialta
Tháinig méadú ar chásanna sibhialta nua ar fud na gcúirteanna uile go dtí beagnach 188,000 anuraidh, ó 184,000 in 2024, 180,000 in 2023, 170,000 in 2022, agus 140,365 in 2021. Sin méadú 34% ar chásanna sibhialta nua thar chúig bliana.
Chuir na cúirteanna 150,766 cás sibhialta i gcrích anuraidh suas ó 148,120 in 2024, 143,644 in 2023 agus 137,000 in 2022.
Thug na Cúirteanna 13,766 cás sibhialta níos mó chun críche anuraidh ná trí bliana roimhe sin.
Tharla an chuid is mó de na méaduithe sa réimse shibhialta san Ard-Chúirt inar tionscnaíodh 21,740 cás nua anuraidh. Ba mhéadú é seo ar an bhfigiúr 15,971 in 2022. Le trí bliana anuas tá méadú 36% / nó aon trian tagtha ar líon na gcásanna nua san Ard‑Chúirt.
Dámhachtainí Díobhálacha Pearsanta
Bhí 14,661 cás nua díobhála pearsanta ann anuraidh ar fud na gcúirteanna in 2025. Is feabhas é sin ó 12,989 seachtaine in 2024 agus 13,434 sheachtain in 2023. In 2025 bhí 33% níos lú cásanna nua Díobhála Pearsanta ann ná mar a bhí in 2019 ‑ nuair a bhí 21,981 cás ann.
Bronnadh €210 milliún san Ard-Chúirt mar gheall ar mhéadú ar na suimeanna a bronnadh anuraidh. Lean sé seo laghdú mór ar na suimeanna a bronnadh in 2024 nuair a laghdóidh iad ó €256 milliún in 2023 go €135 milliún in 2024 (Bhí méadú ar réiteach cásanna a bhain le faillí cliniciúla anuraidh, suas le 130 ó 99 an bhliain roimhe sin).
Thit dámhachtainí ar leibhéal cuarda ó €16 milliún in 2023 go dtí faoi bhun €13 mhilliún in 2024 agus faoi bhun €12 mhilliún in 2025.
Thit dámhachtainí ar leibhéal na cúirte dúiche ó €2.2 milliún in 2023 go dtí faoi bhun €1.5 mhilliún in 2024 agus faoi bhun €1.65 mhilliún in 2025.
San iomlán, tháinig laghdú os cionn 18.5% ar leibhéal na ndámhachtainí le haghaidh díobháil phearsanta ar fud na gcúirteanna anuraidh i gcomparáid le 2023.
Réimsí eile sna Cúirteanna Sibhialta:
- Cásanna Tearmainn: D'ainneoin méadú 35% ar líon na gcásanna athbhreithnithe bhreithiúnaigh bunaithe ar Thearmann, Inimirce agus Saoránacht (AIC) a eisíodh in 2025 (1, 082 cás nua anuraidh) d'fhan na hamanna feithimh cobhsaí. Bhí an mhéid seo mar thoradh ar shuíonna breithiúnacha breise le linn na dtéarmaí dlíthiúla chun greim a fháil ar an ualach méadaithe cásanna. Ina theannta sin, reachtáladh ocht suí den liosta réamhfhágala Tearmainn le linn an Tionscadail Phíolótaigh maidir le Sos Fada (féach an nóta ar lch. 28 den tuarascáil).
- Cásanna Seilbhe: Tháinig méadú ar chásanna sealbha maidir le maoin go 1,650 cás nua anuraidh ó 1,135 in 2024, 1,091 in 2023, agus 898 in 2022: ag léiriú méadú 46% thar cheithre bliana. Dheonaigh an Chúirt Chuarda 207 ordú seilbhe anuraidh – suas ó 141 in 2024, ach síos ó 212 in 2023.
- Tháinig laghdú ar chásanna aisghabhála fiachais go 21,682 chás nua anuraidh ó 22,584 in 2024, ach méadú ó 20,492 chás in 2023, agus 17,291 chás in 2022. Is méadú 25% é seo thar cheithre bliana.
- Orduithe forghníomhaithe tar éis breithiúnas i gcásanna fiachais: Ba é 1801 líon na n-iarratas den chinéal sin in 2025, méadú ó 1,608 in 2024, agus 843 an bhliain roimhe sin. Léiríonn sé seo méadú 113% thar dhá bhliain.
- Gairmeacha a Rialáil: a bhaineann le hachomhairc nó deimhnithe ar thorthaí údaráis rialála na ngairmeacha cláraithe – méadaithe ó 189 gcás in 2023, go 232 chás nua in 2024, agus 235 in 2025: méadú 24% thar dhá bhliain.
- Eiseachadadh: Mhéadaigh aisghabháil cásanna fiachais go 344 chás anuraidh – méadú ó 265 chás in 2024. Méadú 30%.
- Liosta Pleanála agus Comhshaoil: Tháinig líon na gcásanna nua anuraidh go 205, laghdú ó 241 chás nua in 2024, ach méadú ó 108 gcás in 2023.
- B'ionann líon na n-Éileamh bheaga :agus 2,565 in 2025, suas ó 2,081 in 2025, méadú 23%. Déantar thart ar 75% de chásanna den chinéal sin a réiteach lasmuigh den chúirt.
- B'ionann líon iomlán na gcásanna colscartha a cuireadh i bhfeidhm anuraidh agus 5,047, méadú beag ar na 5,004 cás in 2024, ach laghdú ó 5,218 in 2023, agus 5,551 in 2022.
- Foréigean Baile: San iomlán, fuair an Chúirt Dúiche 27,429 iarratas nua ar chosaint faoin reachtaíocht um Fhoréigean Baile anuraidh. Is méadú é sin ó 25,270 in 2024, 25,570 in 2023, agus 23,356 in 2022. Thar seacht mbliana anuas tá méadú suntasach 34% tagtha ar líon na n-iarratas den chinéal sin (ba é 20,501 an figiúr in 2019).