Tabhair do d'aire, mar gheall ar dheacrachtaí foirne, go gcuirfear na seirbhísí seo a leanas sa rannán Sibhialta/Probháide i gCé na gCeannaithe, Luimneach, ar fionraí ó 13 Iúil go dtí go bhfógrófar a mhalairt:-
- Probháid – Le héifeacht ó 13 Iúil 2026, ní ghlacfar le haon iarratas nua. Is féidir iarratais a chur isteach fós i mBaile Átha Cliath nó tríd an tairseach nua ar líne (chun clárú déan teagmháil le portal@courts.ie). Ní ghlacfar le hiarratais ar chóipeanna d'orduithe. Próiseálfar iarratais atá sa chóras cheana féin.
- Seirbhís ag an gCuntar – Le héifeacht ó 13 Iúil 2026, ní bheidh Seirbhís ag an gCuntar ach idir 10r.n agus 12:30i.n
- Seirbhís Fhóin – Le héifeacht ón 13 Iúil 2026, ní dhéileálfar le ceisteanna gutháin ach amháin idir 10r.n agus 12:30i.n