Foláireamh maidir le Glaonna Fóin Calaoiseacha - Fíneálacha

Fraudulent Phone Call Alert

Tá sé tugtha faoi deara againn go bhfuair ball den phobal glaonna calaoiseacha ó dhaoine aonair a lig orthu gur ball d’fhoireann na Seirbhíse Cúirteanna iad.

An glaoiteoir:

  • Lig siad orthu féin go raibh siad ina bhall d’fhoireann na Seirbhíse Cúirteanna.
  • Lig siad orthu féin go raibh siad ag déanamh obair leantach ar fhíneálacha a bhí le híoc.
  • Dírithe ar dhuine a bhí sa Chúirt le déanaí.
  • D’iarr siad ar dhaoine sonraí PPS, baincéireachta nó cárta creidmheas a thabhairt dóibh.

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach gcuirfidh an tSeirbhís Chúirteanna glaoch ar aon duine ag lorg sonraí PPS, sonraí baincéireachta nó sonraí cárta creidmheasa.

Má fhaigheann tú glao den sort sin, le do thoil:

  • Ná bí ag plé leis an té atá ag glaoch
  • Ná roinn aon chuid de d’Uimhir PPS, sonraí cárta creidmheasa, sonraí cárta bainc, sonraí cuntas bainc, nó aon eolas pearsanta eile leo.

Cuid de

Foilsitheoir