Cad is féidir leat a dhéanamh nuair a dhéantar toghairm a sheirbheáil ort
Má seirbheáladh Toghairm ar Ordú Sriantach Sibhialta ort, ciallaíonn sé go bhfuil iarratas déanta ag duine eile ar an gcúirt ar ordú sriantach sibhialta i do choinne.
Ciallaíonn sé freisin go gcaithfidh tú teacht os comhair na cúirte chun go ndéanfaidh an breitheamh cinneadh ar an iarratas. Inseoidh an toghairm duit an dáta, am agus áit na héisteachta.
Nuair a bheidh an méid atá sa toghairm léite agus tuigthe agat, is iad na chéad chéimeanna eile atá agat:
1. Comhairle dlí agus seirbhísí tacaíochta a mheas
Má dheonaítear iad, féadfaidh orduithe sriantacha sibhialta srian a chur ort teagmháil a dhéanamh nó idirghníomhú leis an iarratasóir.
Tabhair cuairt ar ár leathanach comhairle dlí agus idirghabhála chun tuiscint níos fearr a fháil ar do roghanna.
Féadfaidh tú cinneadh a dhéanamh ionadaíocht a dhéanamh duit féin freisin, ach beidh ort nósanna imeachta cúirte a thuiscint.
2. Freastal ar d’éisteacht chúirte
Inseoidh an toghairm duit dáta agus am na héisteachta. Ní mór duit a bheith i láthair ar an dáta agus ag an am atá ceaptha. Táthar ag súil go mbeidh an t-iarratasóir i láthair freisin.
Tionóltar éisteachtaí go príobháideach. I measc na ndaoine a cheadaítear sa chúirt tá an breitheamh, cláraitheoir cúirte, ionadaithe dlíthiúla, agus ball den Gharda Síochána.
Is féidir leis an mbeirt agaibh fianaise a thabhairt don chúirt. Ciallaíonn sé seo go mbeidh ort mionn nó dearbhú a ghlacadh agus eolas ábhartha a thabhairt faoin iarratas. Féadfar croscheistiú a dhéanamh. Cinnfidh an breitheamh an féidir le haturnae nó abhcóide ceisteanna a chur, nó i gcásanna áirithe, an féidir leatsa nó leis an bpáirtí eile ceisteanna a chur go pearsanta.
Is féidir le dul chun na cúirte a bheith ina eispéireas strusmhar, féach ar ár leathanaigh ullmhú do Chúirt Dlí Shibhialta chun tuilleadh eolais a fháil ar conas ullmhú.
Torthaí d’éisteachta
Tar éis an fhianaise a éisteacht, féadfaidh an breitheamh a chinneadh:
- Ordú a dheonú – tugtar an t-ordú a ndearna siad iarratas air don iarratasóir, mar aon le sonraí a théarmaí agus a ré.
- Ordú a dhiúltú – ní dheonaíonn an breitheamh an t-ordú.
- An t-iarratas a chur ar atráth – cuirtear an cinneadh siar go dáta níos déanaí, de ghnáth nuair a bhíonn tuilleadh eolais ag teastáil.
- An t-iarratas a scriosadh amach – díbhtear an cás, mar shampla mura bhfreastalaíonn an t-iarratasóir nó a n-aturnae.
3. Tar éis na héisteachta cúirte
Má dheonaítear ordú cúirte:
- Gheobhaidh tú féin agus an t-iarratasóir cóip den ordú.
- Seolfaidh an oifig chúirte cóip chuig an nGarda Síochána dá dtaifid.
Is cion coiriúil é ordú sriantach sibhialta a shárú. Is féidir fíneáil, príosúnacht, nó an dá rud a bheith mar thoradh ar ordú a shárú.
Tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh. Ní mór achomhairc a chomhdú laistigh de cheithre lá dhéag ón éisteacht. Féach ar ár leathanach achomhairc chun tuilleadh eolais a fháil.
Ábhar gaolmhar
- Seirbheáladh orm
- Foirmeacha – Foirmeacha cúirte a úsáidtear go coitianta le haghaidh cásanna a bhaineann le hordú sriantach sibhialta
- Comhairle dlí agus idirghabháil – cá háit ar féidir cabhair agus comhairle a fháil
- Cad a bheith ag súil leis sa chúirt – treoir maidir le hullmhú do d’éisteacht
- Achomhairc – conas agóid a dhéanamh i gcoinne cinneadh cúirte