Iarratas ar dheimhniú cearrbhachais

Cad a dhéanann an t-iarratas seo

Ligeann an t-iarratas seo duit iarratas a dhéanamh ar dheimhniú cearrbhachais ón gCúirt Dúiche. Beidh an tréimhse ama a fhéadfar a cheadúnú san áireamh sa deimhniú. Teastaíonn sé seo uait más mian leat iarratas a dhéanamh ar cheadúnas cearrbhachais ó na Coimisinéirí Ioncaim.

Cad iad na coinníollacha is gá a chomhlíonadh

Ceanglaítear ar oibreoir meaisíní cearrbhachais an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • ceadúnas cearrbhachais a shealbhú do gach áitreabh ina bhfuil meaisíní cearrbhachais ar fáil le haghaidh súgartha,
  • ceadúnas a shealbhú do gach meaisín cearrbhachais,
  • gach ceadúnas a bheith ar taispeáint ar an meaisín.

Cé mhéad a chosnaíonn an t-iarratas seo

Tá táille €150 ar gach iarratas.

Tabhair faoi deara le do thoil gur le haghaidh iarratas cúirte amháin atá an táille seo. Tá táille ar leith ag na Coimisinéirí Ioncaim as an gceadúnas/na ceadúnais a thógáil amach.

Conas iarratas a dhéanamh

1. Comhlánaigh d’iarratas

Más cleachtóir dlí thú agus má tá cuntas agat in CSOL, is féidir leat an t-iarratas a chomhlánú in CSOL. De rogha air sin, is féidir leat Foirm 66.1 a chomhlánú de láimh.

2. Seirbheáil na páirtithe fógra

Ní mór duit na páirtithe ábhartha fógra a chur in iúl nó a sheirbheáil le haghaidh d'iarratais. Má chuirtear an t-iarratas isteach in CSOL, tugtar fógra do na páirtithe fógra go huathoibríoch. Féach ar ár leathanach seirbheála agus cruthúnas seirbheála le haghaidh tuilleadh eolais. Maidir leis an iarratas seo, is iad seo na páirtithe fógra:

  • Ní mór fógra a thabhairt don Gharda Síochána ocht lá is fiche ar a laghad roimh dháta na cúirte.
  • Ní mór fógra a thabhairt don Oifigeach Dóiteáin mí amháin ar a laghad roimh dháta na cúirte.
  • Ní mór fógra a thabhairt don phobal trí fhógra nuachtáin áitiúil nó laethúil ceithre lá dhéag ar a laghad roimh dháta na cúirte.

3. Cuir isteach d’iarratas

Ní mór d'iarratas a chur isteach seacht lá ar a laghad roimh dháta na cúirte.

4. Cruthúnais a chur ar fáil d’oifig na cúirte

Ní mór duit na doiciméid tacaíochta riachtanacha nó "cruthúnais" a sholáthar d'oifig na cúirte. Ní mór é seo a dhéanamh de láimh toisc nach bhfuil aon rogha ann faoi láthair na "cruthúnais" a liostaítear thíos a uaslódáil trí CSOL.

Cad iad na cruthúnais atá ag teastáil

  1. Fógra iarratais bunaidh le dleacht stampa iomchuí.
  2. Dearbhú reachtúil seirbheála (i gcás ina ndéantar an t-iarratas a sheirbheáil de láimh agus sa chás sin amháin).
  3. Cóip den nuachtán bunaidh le fógrán a thaispeánann fógrán a bhfuil teorainn dhearg air.

Cuid de