Mionnscríbhinn Seirbheála ar Dhuine Ábhartha (Foirm 55D)
Úsáidtear an fhoirm seo chun cur síos a dhéanamh ar ráiteas faoi mhionn ina leagtar amach gur seirbheáladh doiciméad — cá háit, conas, cathain agus cé a sheirbheáil é ar an Duine Ábhartha. Úsáidtear é freisin chun a chur in iúl cén freagra a bhí acu, más ann dó, ag an am sin.
Íoslódáil Mionnscríbhinn Seirbheála ar Dhuine Ábhartha (Foirm 55D)
Mionnscríbhinn chun Tacú le hIarratas Cumais (Foirm 55I)
Úsáidtear an fhoirm seo chun breac-chuntas a thabhairt ar ráiteas faoi mhionn chun tacú le hIarratas Cumais chuig an gCúirt Chuarda, ina leagtar amach aon fhoilseáin atá i gceangal leis seo amhail tuairiscí leighis nó tuairiscí eile, nó cóip den ordú toilithe más cuí.
Íoslódáil Mionnscríbhinn chun Tacú le hIarratas Cumais (Foirm 55I)
Mionnscríbhinn Seirbheála ar Pháirtí Fógra
Is ráiteas faoi mhionn í an fhoirm seo ina leagtar amach gur seirbheáladh doiciméad — cá háit, conas, cathain agus cé a sheirbheáil é — ar Pháirtí Fógra.
Íoslódáil Mionnscríbhinn Seirbheála ar Pháirtí Fógra
Iarratas Cumais (Foirm 55A)
Úsáidtear an fhoirm seo chun Iarratas Cumais a dhéanamh sa Chúirt Chuarda.
Íoslódáil Iarratas Cumais (Foirm 55A)
Iarratas ar Thoiliú Ex-Parte (Foirm 55G)
Úsáidtear an fhoirm seo le haghaidh iarratas cúirte nuair nach gá ach do pháirtí amháin a bheith ar an eolas faoin iarratas agus a bheith i láthair sa chúirt. Mura bhfuil tú san áireamh ar an liosta sainithe daoine ar féidir leo iarratas cumais a dhéanamh, beidh an fhoirm seo ag teastáil uait chun iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda ar thoiliú (cead).
Íoslódáil Iarratas ar Thoiliú Ex-Parte (Foirm 55G)
Fógra Achomhairc (Foirm 55H)
Úsáidtear an fhoirm seo chun achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh a rinne Stiúrthóir na Seirbhíse Tacaíochta Cinnteoireachta. Nóta: Éistfear an t-achomharc seo sa Chúirt Chuarda.
Íoslódáil Fógra Achomhairc (Foirm 55H)
Fógra Foriarratais (Foirm 55E)
Úsáidtear an fhoirm seo le haghaidh iarratas i scríbhinn ar ordú ón gcúirt faoin Acht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas), 2015. Nóta: Ní úsáidtear an fhoirm seo chun Iarratas Cumais, Iarratas ar Thoiliú nó Achomharc a dhéanamh.
Íoslódáil Fógra Foriarratais (Foirm 55E)
Freagra an Duine Ábhartha ar Iarratas Cumais (Foirm 55C)
Úsáidtear an fhoirm seo chun freagra oifigiúil a thabhairt ar Iarratas Cumais.
Íoslódáil Freagra an Duine Ábhartha ar Iarratas Cumais (Foirm 55C)
Freagra ar Fhógra Foriarratais (Foirm 55F)
Úsáidtear an fhoirm seo chun freagra a thabhairt ar Fhógra Foriarratais. Úsáidtear é le haghaidh freagra an Duine Ábhartha ar Fhógra Foriarratais.
Íoslódáil Freagra ar Fhógra Foriarratais (Foirm 55F)
Ráiteas Sonraí (Foirm 55B)
Úsáidtear an fhoirm seo chun sonraí a sholáthar chun tacú le d'Iarratas Cumais chuig an gCúirt Chuarda.