Faisnéis d’aturnaetha


Cuir isteach iarratas

Is féidir iarratais ó aturnaetha a sheachadadh de láimh chuig an Oifig Phrobháide nó a sheoladh tríd an bpost Rianaithe DX/Cláraithe. Braitheann an Oifig Phrobháide a chaithfidh tú a úsáid ar an áit a raibh cónaí ar an duine éagtha ar dháta an bháis.

  • Má bhí cónaí ar an duine éagtha i gcontaetha Bhaile Átha Cliath, Chill Dara, na Mí nó Chill Mhantáin: ní mór duit d'iarratas comhlánaithe a sheoladh chuig Oifig Phrobháide Bhaile Átha Cliath.
  • Má bhí cónaí ar an duine éagtha in aon chontae eile laistigh de Phoblacht na hÉireann: féadfaidh tú d'iarratas comhlánaithe a sheoladh chuig Oifig Phrobháide Bhaile Átha Cliath nó chuig an gClárlann Phrobháide Cheantair don chontae ina raibh cónaí ar an duine éagtha.
  • Má bhí cónaí ar an duine éagtha lasmuigh de Phoblacht na hÉireann: ní mór duit d'iarratas comhlánaithe a chur faoi bhráid Oifig Phrobháide Bhaile Átha Cliath.

Táillí

Ní mór an táille riachtanach agus an fhoirm Fógra Admhála ó na Coimisinéirí Ioncaim a chur san áireamh i ngach iarratas a sheachadtar chuig an Oifig Phrobháide nó chuig an gClárlann Phrobháide Cheantair.

 

Luach an eastáit Táille
€100,000 nó níos lú €100
€250,000 nó níos lú €200
€500,000 nó níos lú €350
€750,000 nó níos lú €500

€1,000,000 nó níos lú

€650

Cuid de