Tá próisis éagsúla ann ag brath ar an gcineál deontais atá ag teastáil.
Faisnéis d’aturnaetha
Cuir isteach iarratas
Is féidir iarratais ó aturnaetha a sheachadadh de láimh chuig an Oifig Phrobháide nó a sheoladh tríd an bpost Rianaithe DX/Cláraithe. Braitheann an Oifig Phrobháide a chaithfidh tú a úsáid ar an áit a raibh cónaí ar an duine éagtha ar dháta an bháis.
- Má bhí cónaí ar an duine éagtha i gcontaetha Bhaile Átha Cliath, Chill Dara, na Mí nó Chill Mhantáin: ní mór duit d'iarratas comhlánaithe a sheoladh chuig Oifig Phrobháide Bhaile Átha Cliath.
- Má bhí cónaí ar an duine éagtha in aon chontae eile laistigh de Phoblacht na hÉireann: féadfaidh tú d'iarratas comhlánaithe a sheoladh chuig Oifig Phrobháide Bhaile Átha Cliath nó chuig an gClárlann Phrobháide Cheantair don chontae ina raibh cónaí ar an duine éagtha.
- Má bhí cónaí ar an duine éagtha lasmuigh de Phoblacht na hÉireann: ní mór duit d'iarratas comhlánaithe a chur faoi bhráid Oifig Phrobháide Bhaile Átha Cliath.
Táillí
Ní mór an táille riachtanach agus an fhoirm Fógra Admhála ó na Coimisinéirí Ioncaim a chur san áireamh i ngach iarratas a sheachadtar chuig an Oifig Phrobháide nó chuig an gClárlann Phrobháide Cheantair.
| Luach an eastáit | Táille |
| €100,000 nó níos lú | €100 |
| €250,000 nó níos lú | €200 |
| €500,000 nó níos lú | €350 |
| €750,000 nó níos lú | €500 |
|
€1,000,000 nó níos lú |
€650 |