Cad a dhéanann an t-iarratas seo
Más mian leat iarratas a dhéanamh ar cheadúnas déileálaí mórdhíola beorach, tá iarratas eile ann (féach foirm 68.4).
Ní mór d’iarratasóir ar eischeadúnas miondíoltóra beorach nó ar eischeadúnas miondíoltóra biotáille ceadúnas atá ann cheana a mhúchadh (a fhoirceannadh go dlíthiúil) sular féidir ceadúnas nua a dheonú.
Cé mhéad a chosnaíonn an t-iarratas seo
Tá táille €150 ar gach iarratas (ar gach ceadúnas aonair).
Conas iarratas a dhéanamh
1. Comhlánaigh d’iarratas
Más cleachtóir dlí thú agus má tá cuntas agat in CSOL, comhlánaigh an t-iarratas in CSOL. De rogha air sin, is féidir leat an t-iarratas a chomhlánú de láimh. Braitheann an fhoirm iomchuí ar an úsáid atá beartaithe:
- Foirm 68.1 - Eischeadúnas Miondíoltóra Biotáille Nua,
- Foirm 68.2 - Eischeadúnas Miondíoltóra Beorach Nua,
- Foirm 68.3 - Eischeadúnas Miondíoltóra Fíona Nua.
2. Seirbheáil na páirtithe fógra
Ní mór duit na páirtithe ábhartha fógra a chur in iúl nó a sheirbheáil le haghaidh d'iarratais. Má chuirtear an t-iarratas isteach in CSOL, tugtar fógra do na páirtithe fógra go huathoibríoch. Féach ar ár leathanach seirbheála agus cruthúnas seirbheála le haghaidh tuilleadh eolais. Maidir leis an iarratas seo, is iad seo na páirtithe fógra:
- Ní mór fógra a thabhairt don Gharda Síochána fiche lá ar a laghad roimh dháta na cúirte.
- Ní mór fógra a thabhairt don phobal trí fhógra nuachtáin áitiúil lá is fiche ar a laghad roimh dháta na cúirte.
- Ní mór fógra a thabhairt do FSS mí amháin ar a laghad roimh dháta na cúirte.
Ní páirtí fógra riachtanach é an tOifigeach Dóiteáin. Áfach, i ndúichí áirithe, is é an cleachtas atá ann fógra a thabhairt don Oifigeach Dóiteáin.
3. Cuir isteach d’iarratas
Ní mór d'iarratas a chur isteach deich lá ar a laghad roimh dháta na cúirte.
4. Cruthúnais a chur ar fáil d’oifig na cúirte
Beidh ort na doiciméid tacaíochta nó na "cruthúnais" riachtanacha a sholáthar d'oifig na cúirte. Ní mór é seo a dhéanamh de láimh toisc nach bhfuil aon rogha ann faoi láthair na "cruthúnais" a liostaítear thíos a uaslódáil trí CSOL.
Cad iad na cruthúnais atá ag teastáil
- Fógra iarratais bunaidh le dleacht stampa iomchuí.
- Dearbhú reachtúil seirbheála (i gcás ina seirbheálfar an t-iarratas de láimh agus sa chás sin amháin).
- Doiciméid teidil.
- Doiciméid cuideachta (i gcás inar cuideachta an t-iarratasóir).
- Deimhniú nach bhfuil aon agóid ón Údarás Dóiteáin.
- Cóip de phleananna leis an limistéar atá le ceadúnú leagtha amach i ndath dearg.
- An nuachtán bunaidh iomlán a thaispeánann fógrán atá leagtha amach i dteorainn dhearg.
- Ní mór don iarratasóir / sealbhóir ceadúnais freastal ar an gcúirt agus beidh orthu fianaise a thabhairt. De ghnáth, beifear ag súil go mbeidh eolas ag iarratasóir ar an trádáil cheadúnaithe.