Dócmhainneacht phearsanta agus an chúirt

Tarlaíonn cásanna dócmhainneachta pearsanta sa Chúirt Chuarda agus san Ard-Chúirt.

Is féidir leis an gCúirt Chuarda cásanna a éisteacht ina bhfuil na fiacha níos lú ná €2.5 milliún.

Éisteann an Ard-Chúirt cásanna ina bhfuil na fiacha níos mó ná €2.5 milliún.

Baineann formhór na gcásanna dócmhainneachta pearsanta le méideanna fiachais níos lú ná €2.5 milliún agus éistear iad sa Chúirt Chuarda.

An áit a bhfuil d'iarratas á dhéanamh

Tá oifig chúirte amháin ann in aghaidh an chuaird a dhéileálann le cúrsaí dócmhainneachta pearsanta don chuaird sin . Féadfaidh cuaird roinnt contaetha a chlúdach.

  • Má tá cónaí ort i gCorcaigh, déanfar d'iarratas in oifig Chorcaí
  • Má tá cónaí ort i mBaile Átha Cliath, déanfar d'iarratas in oifig Bhaile Átha Cliath
  • Má tá cónaí ort i gCabhán, i nDún na nGall, i Liatroim nó i Muineachán, déanfar d'iarratas in oifig Mhuineacháin
  • Má tá cónaí ort i Laois, in Uíbh Fhailí, san Iarmhí, i Ros Comáin, sa Longfort nó i Sligeach, déanfar d'iarratas in oifig Thulach Mhór
  • Má tá cónaí ort i gCill Dara, sa Mhí, i Lú nó i gCill Mhantáin, déanfar d'iarratas in oifig Bhaile Átha Troim
  • Má tá cónaí ort i nGaillimh nó i Maigh Eo, déanfar d'iarratas in oifig Chaisleán an Bharraigh
  • Má tá cónaí ort i sa Chlár, i gCiarraí nó i Luimneach, déanfar d'iarratas in oifig na hInse
  • Má tá cónaí ort i gCeatharlach, i gCill Chainnigh, i dTiobraid Árann, i bPort Láirge nó i Loch Garman, déanfar d'iarratas in oifig Chill Chainnigh

Is féidir liosta de shonraí teagmhála d'oifigí na Cúirte Cuarda agus do Phríomh-Oifig na hArd-Chúirte a fháil ar ár  leathanach teacht orainn .

Ábhar gaolmhar