Cumhacht Mharthanach Aturnae faoin Acht um Chumhachtaí Aturnae 1996

Freagrachtaí

Níl Oifig na gCoimircithe Cúirte freagrach ach as cumhachtaí marthanacha a cruthaíodh faoin tAcht um Chumhachtaí Aturnae 1996 a chlárú. Chun cumhacht mharthanach aturnae nua a chruthú, féach suíomh gréasáin na Seirbhíse Tacaíochta Cinntí.

Cuspóir na Cumhachta Marthanaí Aturnae faoin tAcht um Chumhachtaí Aturnae 1996

Is é cuspóir na Cumhachta Marthanaí Aturnae (EPA) duine (Aturnae) a cheapadh chun aire a thabhairt do do ghnóthaí airgeadais agus/nó pearsanta sa chás nach mbeidh an cumas meabhrach agat é sin a dhéanamh tú féin a thuilleadh.

Cruthaíonn duine (an Deontóir) Cumhacht Mharthanach Aturnae agus cumas meabhrach aige nó aici. Is iad an tAcht um Chumhachtaí Aturnae 1996 agus na Rialacháin um Chumhachtaí Marthanacha Aturnae (S.I. 196/1996) an reachtaíocht ábhartha. Ní thagann an chumhacht i bhfeidhm ach amháin nuair a éiríonn an Deontóir éagumasach ó thaobh meabhrach de chun a ghnóthaí nó a gnóthaí a bhainistiú, agus ag an tráth sin, ní mór don Aturnae nó do na hAturnaetha iarratas a dhéanamh ar an EPA a chlárú.

Féadfaidh an EPA údarás ginearálta a thabhairt don Aturnae maidir le maoin agus gnóthaí uile an Deontóra, nó féadfaidh sé údarás a thabhairt dó nó di gníomhartha sonracha a dhéanamh thar ceann an Deontóra. Féadfar údarás a thabhairt freisin maidir le cinntí faoi Chúram Pearsanta.

Clárú Cumhachta Marthanaí Aturnae faoin tAcht um Chumhachtaí Aturnae 1996

Ní mór don Aturnae nó do na hAturnaetha iarratas a dhéanamh chuig Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte ar chlárú, a luaithe a bheidh fianaise leighis faighte ag deimhniú go bhfuil an Deontóir, nó go bhfuil sé nó sí ag éirí, éagumasach ó thaobh meabhrach de chun a ghnóthaí nó a gnóthaí a bhainistiú. De ghnáth glacann an t-aturnae a dhréachtaigh an Chumhacht Mharthanach Aturnae freagracht as an doiciméad a chlárú.

Ní mór fógra a thabhairt do Chláraitheoir na gCoimircithe Cúirte, don Deontóir agus do na Páirtithe Fógra faoin rún iarratas a dhéanamh chun an chumhacht a chlárú. Ina dhiaidh sin, bíonn tréimhse cúig seachtaine ann ina bhféadfaidh aon cheann de na páirtithe agóid a dhéanamh i gcoinne an chláraithe más mian leo. Tá na forais ar féidir agóid a dhéanamh ina leith liostaithe ar an bhFógra um Rún Iarratas a Dhéanamh ar Chlárú. Ba cheart aon agóid a sheoladh i scríbhinn chuig Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte.

Cúlghairm Cumhachta Marthanaí Aturnae

Féadfaidh an Deontóir an EPA a chúlghairm tráth ar bith sula ndéantar iarratas ar a chlárú. A luaithe a bheidh an EPA cláraithe, ní fhéadfar é a chúlghairm ach trí iarratas chuig an Ard-Chúirt.

Ról na hArd-Chúirte

Tá ról maoirseachta ag an Ard-Chúirt maidir le EPA, lena n-áirítear an chumhacht treoracha a thabhairt maidir le maoin an Deontóra a bhainistiú agus a dhiúscairt. A luaithe a bheidh EPA cláraithe, ní fhéadfar é a chealú ach le ceadú ón Ard-Chúirt.

Tar éis an chláraithe, níl aon ról maoirseachta ag Oifig na gCoimircithe Cúirte maidir le Deontóir ná le hAturnae nó Aturnaetha a ceapadh faoi Chumhacht Mharthanach.

Cuid de