Colscaradh agusIdirscaradh Breithiúnach a Thuiscint

Agus orduithe colscartha nó orduithe idirscartha bhreithiúnaigh á ndéanamh ag breitheamh, ní mór dó/di a chinntiú go ndéantar soláthar cuí duit féin, do do chéile agus do leanaí cleithiúnacha. Ciallaíonn sé sin go ndéanfaidh an breitheamh imthosca uile an phósta a bhreithniú agus go mbeidh sé mar aidhm aige/aici cinntí cothroma a dhéanamh a fhreastalaíonn ar riachtanais gach duine.

Is iad seo a leanas na príomhrudaí a dhéanfaidh an breitheamh a bhreithniú:

  • Airgeadas reatha agus airgeadas amach anseo de do chuid agus de chuid do chéile nó do pháirtí.
  • An caighdeán maireachtála a bhí ag an teaghlach sular cuireadh deireadh leis an bpósadh.
  • Aois na gcéilí, fad an phósta, agus an fad ama a bhí cónaí ar na céilí le chéile.
  • Do riachtanais chóiríochta agus riachtanais chóiríochta do chéile/pháirtí.
  • Leanaí an phósta.
  • Aon mhíchumas coirp nó meabhrach atá ar cheachtar céile.
  • Cearta aon duine eile a ndéanann an colscaradh nó an t-idirscaradh breithiúnach difear dó/di.

Déanfaidh an breitheamh freisin aon chomhaontuithe a dtagann sibh orthu agus aon orduithe cúirte atá ann cheana féin a bhreithniú.

Is féidir le colscaradh agus scaradh breithiúnach tionchar a imirt ar go leor rudaí. D'fhéadfadh na tionchair sin a bheith casta agus pléitear iad thíos. B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil i gceist leis na saincheisteanna sin.