Agus orduithe colscartha nó orduithe idirscartha bhreithiúnaigh á ndéanamh ag breitheamh, ní mór dó/di a chinntiú go ndéantar soláthar cuí duit féin, do do chéile agus do leanaí cleithiúnacha. Ciallaíonn sé sin go ndéanfaidh an breitheamh imthosca uile an phósta a bhreithniú agus go mbeidh sé mar aidhm aige/aici cinntí cothroma a dhéanamh a fhreastalaíonn ar riachtanais gach duine.
Is iad seo a leanas na príomhrudaí a dhéanfaidh an breitheamh a bhreithniú:
- Airgeadas reatha agus airgeadas amach anseo de do chuid agus de chuid do chéile nó do pháirtí.
- An caighdeán maireachtála a bhí ag an teaghlach sular cuireadh deireadh leis an bpósadh.
- Aois na gcéilí, fad an phósta, agus an fad ama a bhí cónaí ar na céilí le chéile.
- Do riachtanais chóiríochta agus riachtanais chóiríochta do chéile/pháirtí.
- Leanaí an phósta.
- Aon mhíchumas coirp nó meabhrach atá ar cheachtar céile.
- Cearta aon duine eile a ndéanann an colscaradh nó an t-idirscaradh breithiúnach difear dó/di.
Déanfaidh an breitheamh freisin aon chomhaontuithe a dtagann sibh orthu agus aon orduithe cúirte atá ann cheana féin a bhreithniú.
Is féidir le colscaradh agus scaradh breithiúnach tionchar a imirt ar go leor rudaí. D'fhéadfadh na tionchair sin a bheith casta agus pléitear iad thíos. B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil i gceist leis na saincheisteanna sin.