6: Forbairtí tar éis 1926

Tá an leathanach seo mar chuid den taispeántas An tAcht Oifigigh Cúirte 1926.
Fill ar an taispeántas

 


 

Bhí na struchtúir oifige reachtúla a cruthaíodh le hAcht 1926 thar a bheith buan ar feadh cuid mhaith den 100 bliain ó achtaíodh é.

Bunaíodh coiste chun oibriú oifigí na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte a athbhreithniú - an Coiste Boland - in 1935, ach níor mhol sé aon athrú mór ar struchtúr na n-oifigí a bhí ann. Bhí a chuid moltaí dírithe den chuid is mó ar líon na foirne, modhanna roghnúcháin agus ardú céime, agus tuarastail. Níor glacadh lena mholadh go ndéanfaí an Oifig Féimheachta a chomhtháthú sa Phríomh-Oifig, agus níor cuireadh i bhfeidhm go dtí 1945 moladh go scaoilfí Máistir na hArd-Chúirte ó mhaoirseacht agus rialú ginearálta ar oifigí na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte.

In 1936, mar thoradh ar aistriú na dlínse coimircíochta a bhí á feidhmiú ag an bPríomh-Bhreitheamh chuig an Ard-Chúirt, áit a mbeadh sí á feidhmiú ag Uachtarán na hArd-Chúirte, athainmníodh Oifig an Chláraitheora don Phríomh-Bhreitheamh mar Oifig na gCoimircithe Cúirte agus cuireadh í faoi Uachtarán na hArd-Chúirte. Athainmníodh Cláraitheoir an Phríomh-Bhreithimh mar Chláraitheoir na gCoimircithe Cúirte.

In 1945, tugadh cumhacht don Aire Dlí agus Cirt, tar éis dul i gcomhairle le hUachtarán na hArd-Chúirte, bainistíocht na Príomh-Oifige agus maoirseacht ar na hOifigí Ard-Chúirte eile a aistriú ó Mháistir na hArd-Chúirte chuig príomhoifigeach sa Phríomh-Oifig, ar a dtugtaí “Príomh-Chláraitheoir na hArd-Chúirte”.

Cuireadh struchtúir agus foireann oifigí cúirte 1926, arna leasú in 1936 agus 1945, i bhfeidhm sna cúirteanna nua a bunaíodh in 1961 mar a samhlaíodh i mBunreacht 1937.

Aistríodh an Oifig agus post an tSannaí Oifigiúil i bhFéimheacht ón Ard-Chúirt chuig an tSeirbhís Dócmhainneachta na hÉireann (“ISI”) in 2013.

D’éiligh athmhúnlú dhlínse na Cúirte Uachtaraí agus bunú Cúirte Achomhairc a raibh dlínse shibhialta agus choiriúil aici, de bhun an Tríú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht, Oifig Chláraitheoir na Cúirte Achomhairc agus post Chláraitheoir na Cúirte Achomhairc a bhunú.

Tá na liostaí d’oifigigh a ceapadh sna 1920idí chuig poist sna cúirteanna nua - a raibh an chuid is mó díobh lonnaithe sna Cúirteanna Cuarda agus Dúiche - suntasach mar gheall ar easpa na mban. Tá sé seo i gcodarsnacht leis an gcás i gcúirteanna Dháil Éireann, áit a raibh mná ina measc siúd a bhí ina mbreithiúna sna cúirteanna sin agus ina measc a bhfoirne freisin. Go dtí na 1940idí, bhí ionadaíocht na mban sna cúirteanna an-teoranta agus bhí sí teoranta go héifeachtach do phoist chlóscríobhaithe agus chóipeálaithe.

Freastalaíonn an tUachtarán Higgins ar oscailt na Cúirte Achomhairc
Uachtarán Higgins ag oscailt na Cúirte Achomhairc

 

Chuir an easpa deiseanna do mhná sna chéad scór bliain de riarachán nua na gcúirteanna leis an dearcadh a bhí ag roinnt daoine in údarás nach raibh mná oiriúnach do chineálacha áirithe oibre a bhain leis na cúirteanna. Agus a fhianaise á comhlánú aige don Chomhchoiste um an Acht Cúirteanna Breithiúnais 1924 agus Dlínse Shibhialta na gCúirteanna in 1930, d’fhiafraigh an Príomh-Bhreitheamh Kennedy an bhféadfadh sé ábhar a bhí ag cur imní air a lua:

“...… I feel very much that the scrivenery office [where documents were typed and copied] ought to have some male scriveners. I have been protesting against having cases of the most objectionable character handed to young girls of the typist and copyist class, who are the least educated and the least qualified to deal with that kind of thing......”

Léirigh dearcadh an Phríomh-Bhreithimh Kennedy dearcadh oifigiúil níos forleithne nach raibh mná oiriúnach, nó nár cheart a bheith ag súil leo feidhmeanna a chomhlíonadh in imeachtaí coiriúla a bhain le cionta gnéis. Agus é ag labhairt ar mholadh an Rialtais i mBille na nGiúiréithe 1927 chun díolúine ghinearálta a thabhairt do mhná ó sheirbhís ghiúiré, mhínigh an tAire Dlí agus Cirt, Kevin O’Higgins, a réasúnaíocht mar seo:

“…I had to consider lately the question of the services of stenographers in the courts, and the question arose would we have women stenographers in the Central Criminal Court and in the Circuit Courts throughout the country. …I took the decision that women stenographers would be unsuitable, for a reason that many Deputies will appreciate at once. Extremely unpleasant cases come before the courts, cases of indecent assault, of rape, and, occasionally, of sodomy, and so on, and I would not take the administrative decision of subjecting women officials to a task of taking down verbatim evidence given in cases of that kind. That consideration applies equally in the matter of juries…”

Sa lá atá inniu ann, is mná iad 65% d’fhoireann uile na gcúirteanna agus is mná iad 65% díobh siúd atá i bpoist cheannaireachta (Príomhoifigeach agus níos airde), lena n-áirítear ár bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin reatha, Angela Denning.

Fill ar an taispeántas An tAcht Oifigigh Cúirte 1926