Tá an leathanach seo mar chuid den taispeántas An tAcht Oifigigh Cúirte 1926.
Fill ar an taispeántas
Bhí bunú córais nua cúirteanna ar cheann de thosaíochtaí láithreacha an Rialtais nua tar éis bhunú Shaorstát Éireann (Saorstát Éireann) – mar a léirigh W.T. Cosgrave, TD, Uachtarán na Comhairle Feidhmiúcháin, agus Bille na gCúirteanna Breithiúnais 1923 á thabhairt isteach aige sa Dáil:
“The Government consider it very important to have National Courts of Justice in existence at the earliest possible moment in order that the people may have the most complete confidence in the administration of the law, and may be thereby led to respect for the law which previously existing circumstances did not inspire.”
Bhí an tAcht Oifigigh Cúirte 1926 ar cheann de na gnéithe deiridh den reachtaíocht a bhí riachtanach chun tacú leis an gcóras cúirteanna nua a bunaíodh leis an Acht Cúirteanna Breithiúnais 1924.
Bhí sé mar aidhm ag Bille na nOifigeach Cúirte 1926
- foráil a dhéanamh do na struchtúir oifige agus don fhoireann is gá chun tacú leis na cúirteanna a bunaíodh i 1924 agus
- riarachán na gcúirteanna a chomhtháthú go hiomlán i struchtúr na Státseirbhíse, agus soláthar foirne agus maoiniú na gcúirteanna a chur faoi rialú na Feidhmeannachta ar bhealach atá cosúil leis an mbealach atá i Ranna Rialtais eile.
Sa phróiseas, chuirfí deireadh le pátrúnacht bhreithiúnach nó pholaitiúil i gceapadh oifigeach cúirte agus foirne, dhéanfaí grádú foirne, tuarastail, coinníollacha seirbhíse agus tionacht i measc na foirne laistigh de gach dlínse a chaighdeánú a mhéid is féidir agus dhéanfaí idirbheart ghnó na cúirte a chuíchóiriú. Sna cúirteanna níos airde go háirithe, dhéanfaí cuíchóiriú ar an meascán casta oifigí agus dlísheomraí a fuarthas le hoidhreacht ó réimeas na Breataine.
Áfach, ar an gcéad radharc, bhí an chuma air gur beart athchóirithe neamhchonspóideach a bhí ann, ach ba ghearr gur chruthaigh sé teannas suntasach idir brainsí breithiúnacha agus feidhmiúcháin Shaorstát Éireann nua. Bhí sé seo i bhfoirm agóide an-phoiblí agus anglánta – a tuairiscíodh go forleathan sa Phreas - idir an Príomh-Bhreitheamh Hugh Kennedy mar cheann na mBreithiúna agus Kevin O’Higgins, a bhí ina Aire Dlí agus Cirt agus a raibh sé de chúram air an Bille a stiúradh trína chéimeanna éagsúla san Oireachtas.
An comhréiteach a bhí mar thoradh ar an agóid sin – a ionchorpraíodh in Acht 1926 – fós mar chuid den chreat dlíthiúil atá mar bhonn taca faoi bhainistíocht agus riarachán na gcúirteanna go dtí an lá atá inniu ann.
Fill ar an taispeántas An tAcht Oifigigh Cúirte 1926