Tuarascáil Bhliantúil 2025 na mBreithneoirí Costas Dlíthiúil

Office of the Legal Costs Adjudicators Annual Report 2025

Sheol Oifig na mBreithneoirí Costas Dlíithiúil a Tuarascáil Bhliantúil le haghaidh 2025, ar an 13 Iúil.

In 2025, fuair an Oifig 905 iarratas bhailí (i gcomparáid le 912 in 2024) agus chuir sí 826 ábhar i gcrích. Cuireadh 153 chás san iomlán ar aghaidh chuig cinneadh foirmiúil.  

Ba é €145.1m agus luach foriomlán na n-éileamh ar chostais dhlíthiúla a taisceadh le haghaidh Breithnithe in 2025, i gcomparáid le figiúr €145.3m in 2024.

Measadh go raibh luach €17.1m ar an 153 cás a cinneadh tar éis éisteachta, le hasbhaint de €6.7m i gcostais.

D'éascaigh an oifig 170 suí de na Breithneoirí le tréimhse feithimh seacht seachtaine ó chomhadú go héisteacht.

Bunaíodh an Oifig i mí Dheireadh Fómhair 2019 agus ghlac sí feidhmeanna Oifig an Mháistir Fómhais chuici féin. Tá cumhachtaí, feidhmeanna agus dualgais reachtúla na hOifige leagtha amach i gCuid 10 den Acht um Rialáil Seirbhísí Dlí 2015 agus in Ordú 99 de Rialacha na nUaschúirteanna. 

Léigh Tuarascáil Bhliantúil 2025na mBreithneoirí Costas Dlíthiúil (PDF)

Léirítear sa Tuarascáil Bhliantúil 2025 go bhfuil éileamh comhsheasmhach ar na seirbhísí a sholáthraíonn Oifig na mBreithneoirí Costas Dlíthiúil.

Cuid de

Foilsitheoir

Dlínse

  • High Court